Tá fear 63 bliain d’aois as Corca Dhuibhne a tugadh go hOspidéal Ollscoile Chorcaí ar héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta inné tar éis bháis.
Bhásaigh Seán Máirtín Báicéir, ó Bharra an Choimín Bhaile na nGall, san ospidéal, mar ar tugadh é nuair a thit sé de dhréimire taobh le Halla na Feothanaí in iarthar Duibhneach.
Bhí dhá otharcharr, Gardaí Cósta Dhairbhre agus an Daingin agus Héileacaptar Tarrthála 115 na Sionainne ar an bhFeothnach inné i ndiaidh na timpiste.
Ina measc siúd a dhein comhbhrón lena mhuintir agus a léirigh ómós dó, bhí an Teachta Dála Pa Daly agus an t-iarTheachta Dála Martin Ferris, baill de Shinn Féin beirt.
Bhí Seán Máirtín Báicéir gníomhach sa pháirtí sin.
Dúirt Pa Daly ar a leathanach Facebook gur “cara dílis” ab ea Seán Máirtín agus gurbh “an-chailliúint” é. “Fear uasal” agus “fíorphoblachtánach” ab ea é, a dúirt an Teachta Dála do Chiarraí.
Deir Martin Ferris go raibh a chroí briste faoin scéal agus gur “chomrádaí iontach” a bhí i Seán Máirtín.
“Cara maith agus poblachtánach dílis de chuid Chiarraí a bhí ann. Aon duine againn a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air, braithfimid uainn go mór é,” arsa Martin Ferris.