Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Is beatha teanga í a labhairt, agus a chluinstin

| Dáithí Anraí | ,

Seán Fennell

“Ná habair é, déan é!” a bhí mar mhana ag lucht athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste sna 1960aidí. Rinne siad beart de réir a mbriathar. Bhunaigh siad pobal, Gaeltacht uirbeach, bunscoil agus neart eile. Thiocfadh leat a rá gur eascair gach uile thionscadal teanga Feirsteach ón ghníomh fadradharcach cróga seo. Deir teangeolaithe gur fhorbair gach a bhfuil againn ó thuaidh maidir le cúrsaí Gaeilge ón eachtra. Ní bheadh eang sa mhaide mhullaigh mórtasach go leor le cur síos ar an éirí amach áirithe seo.

Faoi láthair, tá dhá Ghaelscoil dhéag agus Gaelcholáiste ag soláthar Gaeloideachais do na mílte Gael i mBéal Feirste inniu, an dara cathair is mó sa tír agus cathair na hathbheochana uirbí. Fud fad na Sé Chontae, tá athbheochan phobalbhunaithe ag dul ar aghaidh. Féach Ard Mhacha, glac Carn Tochair mar shampla, tabhair fá dear Cathair Dhoire agus ná déan dearmad ar Thír Eoghain! Is gluaiseachtaí iad atá bunaithe thart ar an Ghaelscoil áitiúil. Seo todhchaí na teanga. Gaeilgeoirí óga, bródúla.

Todhchaí dhearfach, spreagúil, chumasach. Dea-scéalta i ndiaidh na ndroch-scéalta a tháinig ó na Gaeltachtaí oifigiúla sna cláracha Gaeltacht 2020. Ábhar dóchais. As dúchas, dóchas…

Ach, beidh fadhb ag lucht an Ghaeloideachais gan amhras, mar a bheas ag lucht an oideachais go ginearálta, nuair a thiocfas na daltaí scoile ar ais ar scoil i mí an Mheithimh, nó mí Mheán an Fhómhair nó am éigin amach uaidh seo. Braitheann sin ar Leo nó Boris.

Tá difear ann idir scoil Bhéarla agus Gaelscoil. Tá a fhios sin againn. Tá difear ann idir Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta. Tá a fhios sin ag cuid againn fosta. Ar ndóigh nach labhraíonn siad uilig Gaeilge cibé?

Bhí sé ráite ag Pádraig Ó Duibhir, Ollamh agus Leas-Déan Institiúid Oideachais, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, gur “ábhar buartha é a laghad Gaeilge atá á chloisteáil ag daltaí Gaelscoile atá sa bhaile le linn na géarchéime”.

Is ábhar mór buairimh é sin i mo bharúil. Ar ndóigh, sna Gaelscoileanna, áit a bhfuil an bhéim ar an tumoideachas agus mórchuid na bpáistí ag foghlaim fríd an sprioctheanga agus chan máthairtheanga s’acu. Tá ról an mhúinteora Gaelscoile níos tábhachtaí agus níos suntasaí ná ar scoil Bhéarla ná ar scoil Ghaeltachta. Níl Gaeilge sa bhaile ag tromlach na bpáistí. Is é an múinteoir tobar agus foinse an eolais, eochair na teanga.

Tá deireadh leis an mhúinteoireacht ranga ó lár mhí an Mhárta. Ní raibh fiú Seachtain na Gaeilge thart! Tá gach seans ann nár chuala páistí áirithe focal Gaeilge le dhá mhí anuas. Páistí, b’fhéidir atá faoi mhíbhuntáiste, nach bhfuil a gcaomhnóirí nó a dtuistí ag tacú leo, mar a ba chóir. Páistí a mbeadh an scoil mar thearmann acu. Áit shábháilte. Níos mó ná scoil.

Samhlaigh má leanann cur chuige céanna na dianghlasála ar aghaidh go Meán Fómhair. Tá gach seans ann fán am sin nach mbeidh scéal, dán, rím, rann, amhrán, dráma, abairt, véarsa, curfá, leabhar mór, leabhar beag, leabhar léitheoireachta, leabhar breise, úrscéal, caibidil, nuacht an lae, nuacht na maidine, nuacht na seachtaine ná aon rud cluinste, ráite, athráite, scríofa, feicthe, pléite, tarraingthe ag páistí Gaelscoile le sé mhí. Leathbhliain, dhá ráithe.

Bíonn féith na hinniúlachta ag múinteoirí go ginearálta. Ach, tá múinteoirí Gaelscoile go háirithe iontach díograiseach agus cruthaitheach. Tuigeann siad go maith cúrsaí tumoideachais agus go mbíonn gach bomaite ina bhomaite foghlama, go mbíonn gach teagmháil leis an teanga rí-thábhachtach sa lá. Sealbhú teanga. Bíonn sé dúshlánach. Ní nach ionadh go mbíonn tost ann sa seomra foirne am lóin. Na hoidí spíonta traochta agus scíste dá nglórtha ag teastáil uathu. Binn béal ina thost.

Ach chan i rith an lae. Is saighdiúirí ar son na teanga iad na múinteoirí, ag geabaireacht gan stop gan staonadh, ag tapú gach deis teanga!

Bíodh sin ag an Chumann Bricfeasta, nó na cluichí clóis ar maidin. Tionól nó leabhar rolla. Léitheoireacht Ghaeilge nó Seomra Nuachta. Ag caint le cairde, le múinteoirí, le cúntóirí, le mná dinnéir. Ag eagrú cluichí sosa agus ag roghnú foirne, ag scipeáil agus ag aithris na dtáblaí, na míonna, na laethe…

Ag déanamh mata, staire, tír eolaíochta nó ceoil. Is cuma cé acu ábhar. Ag dul sa scuaine don dinnéar, ag stiúradh lóin sa halla, ag plé an dinnéir agus ag glanadh. Ag ullmhú don tráthnóna le scéal deas séimh ciúin, ag smaointiú ar an chorp oideachas amuigh faoin spéir. Peil, iomáint, sacar nó cispheil. Ag léamh, ag éisteacht, ag múnlú, ag cruthú, ag míniú, ag léiriú, ag taispeáint agus ag labhairt, arís agus arís eile.

Go fírinneach, tá an liosta gan deireadh. Nuair a thóg mé céim siar ón scoil beagnach dhá mhí ó shín anois, chaill mo rang féin, amhail na mílte scoileanna agus Gaelscoileanna fud fad na tíre, chaill siad amach ar chuid mhór imeachtaí. Bhí dráma idir lámha againn “Scéalta na Reilige” a ghnóthaigh duais ag Féile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste. Ní thiocfadh linn dul go Féile Uladh ná go dtí an Fhéile Náisiúnta.

Bhí Féile Peile Ghaelscoileanna Aontroma ag teacht aníos. Buaicphointe spóirt na bliana do Ghaelscoileanna Aontroma. Ní thiocfadh linn dul. Ar ceal. Bhí turas dheireadh na bliana go Gaeltacht Thír Chonaill, Machaire Rabhartaigh, ag teacht aníos. Ní thiocfadh linn dul. Is ócáidí teanga iad na hócáidí seo, gníomhaíochtaí neamhfhoirmeálta foghlama. An Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga. Ag baint sult as an saol trí mheán na Gaeilge. Seo mar a chaitheann na daltaí saol trí Ghaeilge. Níl an teanga sa bhaile acu, don chuid is mó.

Tá mé buartha, tá mé ag éisteacht. Tá an ceart ag Pádraig Ó Duibhir, ábhar buairimh.

Ó dheas. Tá tacaíocht ann. Tá rialtas ann atá báúil (ar bhealach), tá Gaeltachtaí ann, tá dea-thoil ann, tá TG4 ann agus cláracha scoile. Tá tacaíocht ón Roinn Oideachais. Tá Acht na dTeangacha ann.

Ó thuaidh níl tacaíocht oifigiúil ann, níl rialtas atá báúil ann, níl Gaeltachtaí stairiúla ann, níl toilteanas ann, ach naimhdeas. Níl TG4 ann in áiteanna agus níl mórán cláracha Gaeilge ar an BBC. Níl tacaíocht ann ón Roinn Oideachais do pháistí Gaelscoile. Níl Acht Teanga ann.

Ach tá teicneolaíocht ann. Seo chugainn ré na cianfhoghlama. Níor chuala mé féin iomrá ar na huirlisí teagaisc seo ar fad go dtí gur tháinig ann don dianghlasáil. Anois, is foghlaimeoir gníomhach mé le Zoom, Google Classroom, See Saw agus neart áiseanna eile ar líne.

Ní aithníonn an teicneolaíocht aon teorainn ná aon limistéar, ach amháin an bochtanas agus neamart.

An mbeidh páistí lucht oibre Bhaile Átha Cliath i mBaile Munna ag déanamh réidh don chianfhoghlaim gach maidin?

An mbeidh céatadán ard na bpáistí atá i dteideal béilte saora ar scoil in iarthar Bhéal Feirste (sainchomhartha do bhochtanas agus do thearcghnóthachtáil) ag socrú gach maidin don cheacht ar líne?

Cad é mar atá an leathanbhanda i nDún Chaoin?

Ach, caithfidh muid a bheith dearfach.

Ná habair é, déan é. Tá múinteoirí na nGaelscoileanna ag cur áiseanna agus pacáistí ‘na bhaile.

Tá seomraí ranga cruthaithe ar líne le Google Classroom. Tá leabhair léitheoireachta scoile á dtaifeadadh agus á gcur ar Facebook agus See Saw ag múinteoirí. Múineann gá seift.

D’fhoghlaim earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh le bheith neamhspleách blianta ó shín, thart fán am céanna a ghlac sé trí bliana déag ar na húdaráis Bunscoil Phobal Feirste a mhaoiniú. Nó a ghlac sé ar an Roinn Oideachais Gaelscoil na bhFál a aithint. Threisigh streachailt chlúiteach Choláiste Feirste an meon “Ná habair é, déan é” i measc oideachasóirí na nGaelscoileanna sna 1990aidí. Caithfear pilleadh ar na foinsí sin.

Ná habair é, déan é. Seasaimid le chéile.

Níos mó