Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-binn-beal-ina-thost-uaireanta,-mar-is-eol-do-joe-mchugh-anois

Is binn béal ina thost uaireanta, mar is eol do Joe McHugh anois

Cáintear airí rialtais uaireanta toisc nach dtugann siad aon aird ar dhaoine a bhíonn gearánach nó ar shaineolaithe a deir nach mbeidh rath ar pholasaí a fhógraíonn siad.

Uaireanta, áfach, ní aird ná neamhaird a theastaíonn ach tost.

Is dlúthchuid de fhreagracht gach aire éisteacht le tuairimí éagsúla agus cinneadh stuama a dhéanamh faoi dheireadh.

Ní cóir airí a rinne cinneadh lá amháin ach a d’athraigh an cinneadh sin níos deireanaí a lochtú mar gheall ar fhaisnéis nach raibh ar fáil dóibh an chéad lá. 

Is dlúthchuid d’fhreagracht aire gan cinneadh a dhéanamh go dtí gur léir gur féidir an beart a chur i bhfeidhm.

Ní hionann aird a thabhairt ar mhíshásamh agus cinneadh a dhéanamh róluath mar gheall ar an míshásamh.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh Dé hAoine nach rachfaí chun cinn le scrúduithe na hArdteistiméireachta ar an 29 Iúil, mar a d’fhógair sé coicís ó shin.

Dúirt sé go ndearna sé a thréandícheall na scrúduithe a reáchtáil mar a dhéantar de ghnáth, ach nach raibh aon dul as aige ach tús áite a thabhairt do chúrsaí sláinte.

Chuir cinneadh an rialtais “measúnú céimnithe” a thairiscint do mhic léinn (murar mian leo tabhairt faoin ngnáthscrúdú uair éigin amach anseo) deireadh leis an gcur is cúiteamh poiblí a mhair dhá mhí beagnach.

Chuir éiginnteacht agus éidreoir an rialtais sa tréimhse sin go mór leis an imní a bhí ar dhaltaí an séú bliain, mar is léir ónar tharla: 

12 Márta Le linn chuairt an Taoisigh ar Washington, d’fhógair sé i mbeo-chraoladh práinne go mbeadh ar gach scoil, ollscoil agus naíonra sa stát dúnadh láithreach

19 Márta D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh go raibh scrúduithe cainte na hArdteistiméireachta á gcur ar ceal i mbliana 

24 Márta Dúirt an Taoiseach go raibh “seans an-mhaith” ann go mbeifí ábalta dul chun cinn le scrúduithe na hArdteistiméireachta mar is gnáth, ach go raibh pleanáil teagmhais á déanamh ar eagla na heagla.

10 Aibreán Dúirt an tAire McHugh nach dtosódh na scrúduithe ar an 9 Meitheamh mar a bhí beartaithe agus gur dóigh go gcuirfí tús leo ag deireadh mhí Iúil nó ag tús mhí Lúnasa.

22 Aibreán Dúirt Joe McHugh go raibh súil aige go bhféadfaí a fhógairt go luath gur ar an 29 Iúil a thosódh na scrúduithe. D’fhiafraigh 400 scoláire a ghlac páirt i bhfóram ar líne a reachtáil Spunout.ie den aire cén fáth nach n-úsáidfí marcáil réamh-mheasta in ionad scrúduithe. Dúirt sé leo nach mbeadh córas dá leithéid cothrom agus go mbeadh deacrachtaí eile ag baint leis – mar shampla, a dúirt sé, i gcás múinteoirí a raibh a bpáistí féin, gaolta eile nó comharsana á dteagasc acu.

23 Aibreán D’fhógair Joe McHugh go gcuirfí tús leis na scrúduithe ar an 29 Iúil.

23-30 Aibreán Plé leanúnach sna meáin ar reáchtáil ghnáthscrúduithe. Tuairimí láidre ina bhfabhar agus ina gcoinne á nochtadh.

1 Bealtaine Mhol urlabhraí oideachais Fhianna Fáil nach rachfaí chun cinn leis na scrúduithe i mbliana. Dar leis go mbeadh an iomarca fadhbanna sláinte le réiteach, agus go mb’fhearr córas measúnuithe a chur i bhfeidhm.

4 Bealtaine Tugadh le fios go raibh gach rogha maidir le reáchtáil na scrúduithe á bplé ag an Roinn Oideachais le ceardchumainn na múinteoirí agus le hionadaithe ó chumainn tuismitheoirí agus daltaí.

8 Bealtaine D’fhógair an tAire go raibh na scrúduithe curtha ar ceal, go gcuirfí marcanna measúnaithe chuig gach mac léinn, agus go mbeadh deis acu dul faoi scrúdú mar is gnáth am éigin amach anseo.

Chuir an córas measúnaithe a d’fhógair an rialtas Dé hAoine deireadh le míshuaimhneas a chuir isteach ar 61,000 mac léinn a shíl go dtí arú inné go mbeidís ag dul faoin ngnáthscrúdú i gceann trí mhí.

D’admhaigh Joe McHugh nach raibh an córas nua foirfe agus ghéill sé go ndúirt sé féin roimhe seo go mbeadh sé lochtach. Ní raibh aon dul as aige mar gheall ar an gcomhairle a fuair sé, a dúirt sé, ach cealú na scrúduithe a fhógairt.

Is léir cheana féin go bhfuil lear mór ceisteanna faoi fheidhmiú an chórais nua agus faoi chothromaíocht dúisithe ag cinneadh an rialtais. Is léir freisin go mb’fhéidir gur sna cúirteanna a réiteofaí cuid acu.

Mairfidh an díospóireacht ar feadh tamaill ar a laghad.

Idir an dá linn ba chóir do gach aire sa rialtas reatha nó in aon rialtas nua ceacht a fhoghlaim ó láimhseáil an scéil léanmhair seo (riaradh “tubaisteach” a thug Alan Kelly ón Lucht Oibre sa Dáil ar a ndearna an rialtas) agus ón imní as cuimse a cuireadh ar dhaoine óga, ar a dtuismitheoirí agus ar mhúinteoirí.

Tuigtear go forleathan go mbíonn airí faoi bhrú, agus cinneadh nó athrú ar chinneadh á mholadh go hard ar chaon taobh.

Ach ní féidir freagra a thabhairt ar gach gearán ar an toirt, ná fiú tar éis cúpla lá.

Dhéanfadh airí a leas féin uaireanta, ainneoin an challáin agus an chlampair, dá bhfanfaidís ina dtost ar feadh scaithimh.

Ar mhaithe leo féin, agus ar mhaithe le cách.

Níos mó