Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-tabhachtai-gniomh-agus-oscailteacht-na-seachaint-botun-san-fheachtas-i-gcoinne-an-choroinviris

Is tábhachtaí gníomh agus oscailteacht ná seachaint botún san fheachtas i gcoinne an choróinvíris

Beidh neart oibre le déanamh ag cibé breitheamh nó saineolaí a cheapfar amach anseo le géarchéim an choróinvíris a fhiosrú. Tá na botúin a rinne rialtais éagsúla roimh an bpaindéim agus na botúin a rinne an rialtas reatha ó thús na bliana á léiriú féin dúinn de réir a chéile.

Ní cóir mar sin féin na botúin a rinneadh a chur i gcomparáid leis na gnáthbhotúin a dhéanann polaiteoirí. Ní hionann a dtábhacht. Féach, mar shampla, an difríocht idir polasaí lochtach sláinte agus polasaí lochtach tithíochta.

Má léirítear easnamh nó botúin i bpolasaí tithíochta, is féidir é a iniúchadh, a phlé agus a athrú a luaithe is a léirítear an riachtanas agus a thoilíonn rialtas tabhairt faoin obair. Faraor, ní gníomh gan mhoill ach a mhalairt atá feicthe le fada.

Ach ainneoin na feirge réasúnta a chuir faillí an rialtais maidir le cúrsaí tithíochta ar mhórán, níor chuir moilleadóireacht dá leithéid beatha daoine i mbaol go follasach ná go forleathan.

Beidh faillí agus botúin i bhfad níos doimhne agus níos contúirtí le fiosrú nuair a aimseofar vacsaín nó leigheas éifeachtach ar an gcoróinvíreas. D’fhógair an Taoiseach síneadh eile ar an tréimhse éigeandála inné agus is féidir a bheith cinnte go mbeidh an cur chuige lochtach agus bearnach as seo amach freisin.

Sin ráite, tá measarthacht ag teastáil agus measúnú á dhéanamh againn ar na mórshocruithe atá á ndéanamh ag gach duine sinsearach atá freagrach as an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris.

Is léir nach raibh gach cinneadh a rinne rialtais éagsúla sular shroich an víreas Éire stuama ná freagrach. Ní raibh gach cinneadh a rinneadh ó shin stuama ná éifeachtach ach oiread. Is leor cuimhneamh ar na samplaí seo a leanas de na botúin a rinneadh go dtí seo: 

  1. Síorlaghdú ar líon na leapacha sna haonaid dianchúraim.
  2. An fearas cosanta pearsanta (PPE) nár ceannaíodh/stóráladh in am.
  3. Neamhthoil an rialtais comhairle a chur ar dhaoine gan dul chuig rásaí Cheltenham.
  4. Na gealltanais nár comhlíonadh maidir le dlús a chur le tástáil agus le haimsiú daoine a tholg an víreas.
  5. Ráitis an HSE go raibh an soláthar PPE dóthanach nuair nach raibh.
  6. Na heitiltí ón Iodáil nár cuireadh cosc orthu nuair a cuireadh an cluiche rugbaí ar ceal ar an 7 Márta.
  7. An róbhrú ar an gcóras tástála a chuir critéir a bhí róleathan i dtosach.
  8. An cosc ar chuairteoirí a chuir áras altranais i bhfeidhm ar an 6 Márta. Mheas an Príomh-Oifigeach Leighis nach raibh a leithéid riachtanach ach d’athraigh sé a intinn ina dhiaidh sin.
  9. Neamhthoil na n-údarás a rá cé mhéad duine a fuair bás sna tithe altranais go dtí gur tugadh le fios ar an 10 Aibreán go raibh 156 duine tar éis bháis.
  10. An mhoill le dúnadh tithe tábhairne go dtí gur thaispeáin físeán ar Twitter an ragairne gan scaradh sóisialta a bhí ar siúl i gceantar Theampall an Bharra i mBaile Átha Cliath ar an 14 Márta.

Ainneoin na meancóg thuas, is féidir gach cinneadh a rinne an rialtas agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le ceithre mhí a chosaint ar bhonn réasúnta amháin.

Ní féidir gníomh a theastaíonn go géar a sheachaint, agus ní féidir rogha phráinneach a dhéanamh gan botún a dhéanamh uaireanta.

Tar éis do Leo Varadkar síneadh a chur leis na beartais éigeandála Dé hAoine, beidh a gcur i bhfeidhm agus a n-éifeacht á bplé go tréan sna seachtainí atá romhainn.  

Gan dabht, rachaidh an míshásamh atá á spreagadh ag an ngéarchéim i dtreise. Ní féidir an teannas atá romhainn a leigheas go hiomlán, ach is léir trí sheift lena mhaolú:

An mheasarthacht

Tá brú scanrúil leanúnach ar gach duine atá freagrach as an troid in aghaidh an choróinvíris. Tá siad i ngleic le namhaid nach bhfacthas riamh lena linn. Ní le drochrún a dhéanann siad meancóga uaireanta. Ní foláir deacrachtaí a phlé gan dul thar fóir le cáineadh.

An oscailteacht 

Ba chóir don Taoiseach agus do gach duine atá freagrach as an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris geallúintí éiginnte a sheachaint. Tuigeann ár bhformhór go bhfuil mórchóras tástála agus aimsithe ag teastáil leis an víreas a chur faoi chois, agus go bhfuil moill le forbairt an chórais. Chothódh caint chúramach agus níos oscailte muinín an phobail seachas an iomarca gealltanas nach gcomhlíontar.

Rialtas nua 

Seo an dóigh is éifeachtaí le cur chuige an stáit agus muinín an phobail as an lucht ceannais atá á stiúradh a neartú. Faraor, is é bunú rialtais nua an t-athrú nach léir fós conas ná cén uair a chuirfear i bhfeidhm é.

Níos mó