Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-paisean-faisean-ar-sheinnteoir-tg4-agus-iontais-eile-an-tsaoil-ar-line

Paisean Faisean ar Sheinnteoir TG4 agus iontais eile an tsaoil ar líne

A chairde, tá seachtain eile curtha isteach againn ar coraintín agus seans go bhfuil cuid agaibh ag eirí tinn de bheith sáinnithe sa bhaile. Corruair mothaím féin go bhfuil sórt Siondróim Stócólm  ag teacht orm agus nár mhaith liom dul ar ais chuig an ngnáthshaol, ach ansin cuimhním go bhfuil bearradh gruaige de dhíth orm, agus sin deireadh leis sin. Fiú muna bhfuil an saol taobh amuigh ag dul ar aghaidh mar is gnáth, tá an t-idirlíon lán de chraic agus spraoi i gcónaí, mar sin seo cuid de na dea-scéalta agus imeachtaí a tharla sa chibearspás an tseachtain seo. 

Cuntas Instagram na Seachtaine

@mofoodblog

Tá Diarmuid ag cruthú mias agus oidis do pháistí agus do dhaoine fásta ar a chuntas Instagram go laethúil. Chomh maith le físeáin a chruthú do Cúla 4 ar Scoil, bíonn Diarmuid ar an raidió le Bladhaire ag tabhairt leidí agus treoir do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ag cócaireacht san am i láthair. Fosta tá suíomh idirlín aige áit a n-insíonn sé scéalta faoina thaithí ag cócaireacht agus faoin bhia a chruthaíonn sé ag mofoodblog.com Rabhadh: Beidh ocras ort nuair a théann tú ar a leathanach! 

TikTok na Seachtaine

@shannonokane4

Repost as i nearly got a slap for the first one 👋 Annual trip to the moss!🌾##repost ##ireland ##irish ##turf ##foryou ##fyp

♬ original sound – shannonokane4

Tá cuimhne ag go leor de mhuintir na hÉireann ar an turas chun an phortaigh achan samhradh le móin a bhaint, a thiompú, a ghróigeadh agus a thabhairt ‘na bhaile. Seans go bhfuil rómánsú déanta ag go leor daoine ar an taithí, imircigh a bhfuil cumha i ndiaidh an bhaile orthu ina measc, ach seans mhaith go bhfuil cuimhne ag formhór na ndaoine ar an eispéireas pianmhar, fadálach a tháinig gan teip achan bhliain. 

Chuir Shannon O’Kane as Doire an físeán dochreidte greannmhar seo ar TikTok an tseachtain seo, a léirigh go raibh an taithí chéanna ag achan dhuine eile ar an phortach. Roinn mé féin ar Twitter é, agus d’imigh na huimhreacha ar fiáin. Chonaic 569K duine an fhíseán, agus thug 18.8K duine like don ghiolc. 

Roinn daoine a gcuid scéalta féin agus chlibeáil siad a gcairde agus a gclann, ag cruthú go raibh an óige chéanna ag an chuid is mó againn, agus go raibh an script chéanna ag ár dtuismitheoirí uilig nuair a bhíodh muid ag gearán.

Tháinig Shannon i dteagmháil liom, ag iarraidh orm an giolc a bhaint anuas, mar nach bhfaca a hathair an fhíseán agus go raibh eagla uirthi go bhfeicfeá, ar Facebook nó a leithid, agus bhain mé anuas é, mar go bhfuil mé sound. Inné, áfach, cuireadh an físeán ar ais ar TikTok, mar sin caithfidh gur oibrigh rudaí amach, agus tá sé ar siúl agam ar lúb ó shin. Leag súil air anseo, tá sé class

Giolc na Seachtaine

Clár Teilifíse na Seachtaine

Tá Paisean Faisean crochta ar an seinnteoir ag TG4! Tá 32 eipeasóid den chlár iocónach seo as na 2000idí scaoilte saor ag TG4 le go mbeidh muid ábalta amharc siar ar an stíl a bhí sna siopaí, idir bhríste bunleathan agus beilteanna gáifeacha, agus triúir fear ag iarraidh grá an chailín a fháil lena gcuid roghanna. 

Níl mórán daoine a raibh Gaeilge acu ag an am NACH raibh páirteach (tá Eoghan MacDiarmada le feiceáil i séasúr a trí), ach tá aithne againn ar dhaoine a tháinig slán ón náire, nach bhfuil a n-eipeasóid crochta, ach beidh muid ag fanacht orthu! Tá sé de nós (heh) agam ar an cholún seo a bheith ag impí ar lucht TG4 na seanchláracha uilig a chuir ar an seinnteoir, mar sin is iad Gleann Ceo agus FFC na hiarratais atá agam inniu, agus beidh mé ag coimhéad na n-eipeasóid seo de Paisean Faisean i rith an deireadh seachtaine. 

Leag súil ar:

Beo ar …FM?

@Cathalmacan Photography

Tá an phodchraoladh iontach Beo ar Éigean le craoladh ar RTÉ Radio 1 go seachtainiúil as seo amach, an chéad phodchraoladh de chuid RTÉ a bhfuil an t-éacht seo bainte amach acu, agus le triúr ban á stiúradh. Tá Áine Ní Bhreisleáin, Siún Ní Dhuinn agus Sinéad Ní Uallachán ag comhrá agus ag roinnt a gcuid scéalta le trí bliana anuas, agus beidh a gcraic, a gcomhluadar agus a ngreann le cloisint den chéad uair agus ansin go rialta ar Radio One ón 23 Bealtaine ag 20.00

Arán an Bharraigh

Seans go bhfuil ocras orm agus mé ag scríobh colún na seachtaine seo, mar gur seo an dara trácht atá déanta agam ar chúrsaí cócaireachta agus bácála. Cuireann an cuntas Twitter seo Arán an Bharraigh pictiúir suas go laethúil de bhuilíní aráin, idir arán taosghéar agus baguette, agus cuireann sé go mór le mo phríomhleathanach Twitter na builíní áille seo a fheiceáil achan lá. 

Níos mó