Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-bas-no-beatha-i-gceist-fos-agus-rata-scaipthe-an-ghalair-fos-ro-ard-o-thuaidh

Tá bás nó beatha i gceist fós agus ráta scaipthe an ghalair fós ró-ard ó thuaidh

Faoiseamh a d’airigh cuid mhaith de phobal Thuaisceart Éireann, is cosúil, nuair a fógraíodh nach mbeadh athrú ar na srianta maidir le paindéim an Covid-19 go fóill. Bhí daoine áirithe glórach i gcoinne an chinnidh ach cé go bhfuil frustrachas le braistint teastaíonn ó dhaoine a bheith sábháilte.

Rinne an Feidhmeannas in Stormont athbhreithniú ar na srianta ag a gcruinniú Déardaoin . Ina dhiaidh d’fhógair an Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire nach raibh dóthain dul chun cinn déanta go fóill chun glas ar bith a scaoileadh.

Bhí an ráta ionfhabhtaithe, an R mar a thugtar air, fós idir 0.8 agus 0.9, a dúirt Arlene Foster agus Michelle O’Neill. (Idir 0.5 agus 0.6 atá an ráta ó dheas).

Ní raibh ach oiread na fríde de laghdú ar an ráta le seachtain agus theastaigh titim níos mó ná sin uathu sula mbogfaidís.

Ina theannta sin, dúirt Michelle O’Neill go gcaithfeadh clár tástála agus a ngabhann leis a bheith i bhfeidhm roimh athrú substaintiúil. Dúirt Arlene Foster go raibh súil aici go bhfógrófaí mionleasuithe ar na srianta an tseachtain seo chugainn.

Idir an dá linn moladh do dhaoine clúdach éigin ar an bhéal agus an tsrón a chaitheamh i spás cúng ar feadh achar gearr nuair nach féidir fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile. Dhéanfadh púicín a bheadh déanta sa bhaile an gnó, ní masc den tsórt a chaitheann oibrithe sláinte.

Bhí brú á chur ag roinnt daoine ar Fheidhmeannas Stormont chun faoiseamh éigin ó na srianta a cheadú roimh an deireadh seachtaine nó plean a nochtadh a thabharfadh uchtach dóibh. Bhí an Feidhmeannas diongbháilte nach clár ama, le spriocdhátaí mar atá leagtha amach sa Phoblacht an cur chuige a bhí uathu. Caithfidh tástáil agus rianú a bheith i bhfeidhm agus an cumas ann chun daoine leis an ngalar a dhealú amach ó dhaoine eile sula ndéanfar beart a dúirt an LeasChéad-Aire.

Bhí díomá ar a lán mar nár thug Baile Átha Cliath na sonraí faoina bplean fuascailte ar an dianghlasáil do Stormont sular fhógair an Taoiseach iad an tseachtain seo caite.

Bhí go leor poblachtánaithe agus náisiúnaithe ar buile agus cuireadh le cuthach iad nuair a ‘mhínigh’ an tAire Regina Doherty gur deineadh an fhaillí mar gur do “mhuintir na hÉireann “ a bhí an rialtas freagrach. Masla do shaoránaigh Éireannacha abhus ab ea é sin a dúradar; is cinnte nach raibh sé críonna ná cáiréiseach.

Cibé cúis a bhí le sleamchúis an rialtais ó dheas (barúil gur ag brú ar an doicheall a bheidís le Stormont nó míchúram?) tá cúrsa difriúil roghnaithe ag an bhFeidhmeannas. Ní ar spriocdhátaí a bheidh a bplean bunaithe nuair a chuirfear bailchríoch air. Maíonn saineolaithe neamhspleácha gur díchéille é gan plean comhordaithe a bheith i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann faoi gach gné den bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris ach bhí sé fánach acu go dtí seo.

Níl aon dabht ach go bhfuil géarghá le tástáil i bhfad níos forleithne ná mar atá déanta i dTuaisceart Éireann. Tá práinn freisin le rianú na dteagmhálacha a bhíonn ag daoine a mbuaileann an víreas iad; tá míshuaimhneas i measc an phobail faoi chomh heasnamhach is a bhí an cur chuige go dtí seo.

Dá mhéid dá gcloistear faoin ngéarchéim uafásach sna hionaid chúraim do sheandaoine is ea is mó a ghéaraítear ar an bhfaitíos agus ar na héilimh go gcoinneofaí othair a bhfuil Covid-19 orthu scoite amach ó dhaoine eile.

Is léir na míbhuntáistí a bhaineann leis na srianta. Tá dochar as cuimse déanta don eacnamaíocht go logánta agus go hidirnáisiúnta, tá caighdeáin mhaireachtála íslithe agus oideachas na n-óg buailte go dona. Sin gan trácht ar iarmhairtí an víris ar bheatha agus ar an tsláinte sa bhfadtéarma. Chomh maith le héiric an víris féin beidh drochthionchar ag an gcúlú eacnamaíochta dosheachanta ar shláinte mheabhrach agus choirp amach anseo.

Ach dá scaoilfí na srianta róluath d’fhéadfadh éifeacht níos measa fós a bheith aige. I bhfianaise chomh dian is atá Covid-19 tá a fhios againn go mbeadh an toradh tubaisteach dá ligfí don víreas réabadh tríd an daonra.

Is é an cinneadh faoi conas agus cathain a scaoilfear na srianta mar sin an breithiúnas is tábhachtaí agus is tromchúisí atá le déanamh ag ceannairí. Bheadh sé furasta géilleadh don mbrú ón dream is glóraí a deir go bhfuil sé do-chosanta leanúint ar aghaidh mar atá. Thuillfeadh sé sin moladh sa ngearrthéarma ach arbh fhiú an praghas poiblí? Tá bás nó beatha i gceist fós – ní tráth driopáis é.

Níos mó