Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-se-in-am-a-bheith-ag-smaoineamh-ar-scoileanna-na-heireann-a-oscailt-aris’-–-toscaire-covid-19-an-who

‘Tá sé in am a bheith ag smaoineamh ar scoileanna na hÉireann a oscailt arís’ – toscaire Covid-19 an WHO

Tá ráite ag toscaire speisialta na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) don Covid-19 go bhfuil sé “in am” smaoineamh faoi na scoileanna a oscailt arís.

Dúirt an Dr David Nabarro go mbeadh iontas air mura mbeadh “dianmhachnamh” á dhéanamh ag daoine i rialtas na hÉireann faoi na scoileanna a oscailt go luath.

Tá ráite ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, áfach, go mbeadh “contúirt” ag baint lena leithéid.

Dúirt an Dr David Nabarro, toscaire speisialta an WHO, go bhféadfadh dúnadh na scoileanna lorg buan a fhágáil ar fhorbairt na bpáistí sa chás go leanfadh sé ar aghaidh rófhada.

Bhí na scoileanna athoscailte ar bhealach sábháilte i dtíortha eile, a dúirt sé.

“Mar sin, táim den tuairim go bhfuil an uair tagtha tosú ar na scoileanna a athoscailt de réir a chéile, go háirithe mar go bhfuil líon na gcásanna atá agaibh á choinneáil síos agus mar gur fearr an chosaint atá anois á forbairt agaibh,” arsa Nabarro.

Dúirt sé go gcaithfí rudaí éagsúla a chur sa mheá agus cinneadh á dhéanamh faoi na scoileanna a choimeád iata.

“Caithfear an chontúirt a mheá go cúramach. Na páistí seo atá ag fanacht ag baile ón scoil, beidh tionchar fadtéarmach aige orthu ó thaobh a gcumas slí bheatha a bheith acu amach anseo agus ionad láidir a bheith acu sa tsochaí.

“Ag an am céanna, creidimid nach bhfuil páistí in aon ghaobhar chomh siocrach as scaipeadh an ghalair is atá daoine eile, cé go bhfaigheann na páistí chomh maith é. Mar sin caithfimid é a thriail [na scoileanna a oscailt],” arsa Dr Nabarro agus é faoi agallamh ar Newstalk Breakfast.

Dúirt sé sula n-osclófaí na scoileanna go gcaithfeadh muinín a bheith ag múinteoirí go bhféadfaí sin a dhéanamh ar bhonn sábháilte. Chaithfí a chinntiú chomh maith, a dúirt sé, go mbeadh tuiscint cheart ar dtús ag na leanaí ar an scoitheadh sóisialta.

Dúirt Nabarro go raibh dóchas aige i gcónaí go dtiocfaí ar vacsaín ach go gcaithfí dul i dtaithí ar mhaireachtáil in éineacht leis an víreas idir an dá linn.

Dúirt Cillian de Gascun ó NPHET áfach go mbeadh contúirt ag baint le hathoscailt na scoileanna.

“Táimid díreach i ndiaidh an chéad chéim de scaoileadh na srianta a thosú agus ba mhaith linn a fháil amach cén rian a fhágfaidh sé sin ar chúrsaí.

“Tá ag éirí an-mhaith linn. Tá na huimhreacha íseal, tá siad ag dul sa treo ceart, ach creidimid, agus beidh a thuilleadh fianaise againn faoi seo mí an Mheithimh, go bhféadfadh formhór an phobail an galar a tholgadh fós.”

An mhí seo chugainn a chuirfear tús le tástálacha chun iarracht a dhéanamh a fháil amach cé chomh forleathan dáiríre atá an galar Covid-19 scaipthe in Éirinn, nuair a thosófar ar thástáil shéireolaíoch a dhéanamh ar shampla randamach den phobal.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar an tseachtain seo go raibh fianaise ag teacht chun cinn go mbeadh athoscailt scoileanna agus ionaid chúraim leanaí ar na beartais is sábháilte a d’fhéadfaí a dhéanamh as seo go ceann cúpla mí.

Ach dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, ina dhiaidh sin go rabhthas fós ag obair ar an mbonn gur i Meán Fómhair a d’osclófaí na scoileanna, mar atá leagtha amach i bplean díchuibhrithe an Rialtais.

Níos mó