Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

An Ghaeilge i lár an aonaigh sa troid i gcoinne an chiníochais

| Dáithí Anraí | ,

Seaghan Mac an tSionnaigh

Tá sé ina bhéas agam freastal ar mhórshiúlta riamh ó tháinig mé chun cónaithe i mBéal Feirste. Thit an mórshiúl ba mhó díobh go dtí seo amach Dé Céadaoin na seachtaine seo a d’imigh tharainn nuair a tionóladh le tacaíocht a thabhairt don ngluaiseacht Black Lives Matter. Ní rabhas ach tagtha ar an bhfód nuair a tháinig buachaillín óg ó leataobh an róid lena fhiafrú díom an raibh agam aon Ghaeilge. Bhí ceann tógtha aige de mo phóstaer Gaelach, agus thógas-sa ceann ansan den gheansaí Chill Chainnigh a bhí á chaitheamh aige. Thuig a mháthair dóthain dár gcomhrá le gáirí a dhéanamh faoin gcomhtharlúint gurbh ó Chill Chainnigh mé féin. ¡no pasarán! arsa í agus dlús á chur lenár bpáirtíocht aici.

Duine d’aoichainteoirí an lae ab ea an scríbhneoir Willetta Gabriell. Chuir a cuid focal i gcuimhne dúinn go léir go mbaineann cúlra coilíneach le stair na hÉireann chomh maith, agus gur sinne is túisce a thuigfeadh don éirí amach thall, ba dhóigh le duine. Bualadh bos forleathan a mheall an ráiteas seo ón lucht freastail Feirsteach.

Bhí imircigh den uile chineál ann, bhí ann Caitlicigh agus Protastúnaigh, daoine geala agus daoine gorma, bhíodar óg agus do bhíodar críonna. Thairis sin, bhí cainteoirí Gaeilge le fáil ó gach ceann de na catagóirí déimeagrafacha seo a bhí le feiscint agamsa. Tar éis d’óg-ghrianghrafadóir ó Oirthear Bhéal Feirste cead a lorg pictiúr de mo phóstaer a roinnt ar an gcóras giolcaireachta, d’fhógair sé go raibh tús curtha aige le cúrsa Gaeilge Duolingo ainneoin, a dúirt sé, nár bhain an teanga sin lena oidhreacht féin.

Ráinigh dom ansin comhrá Gaeilge a dhéanamh le ógbhean ghorm de bhunadh na cathrach, agus ghabhamair buíochas lena chéile as freastal a dhéanamh ar an ócáid. Ba é “seas le daoine gorma” mana a póstaeir féin agus tá féinín den mbeirt againn ag gabháil leis an alt seo.

Fé mar is dual do gach dea-mhílaoiseach, do bhí íomhánna mar iad á roinnt ar feadh an ama ar mo scéal Insta agam. Ba iad na híomhánna seo a bhí freagrach as troll feargach Trumpach ó mo lucht leanúna a mhealladh amach as a shuan brocach – agus isteach i mo chuid DMeanna, do shleamhnaigh. A d’iarraidh a chur ar mo shúile a bhí sé gur saothar in aisce é a bheith ag baint leas as an nGaeilge d’fhonn mo chuid pointí “liobrálacha” a dhéanamh ar na meáin shóisialta.

Ach is é an rud ná go bhfuil giolcanna Gaeilgeacha curtha amach ag an Trumpaire roimhe seo. Is é is cuspóir lena leithéid de chur chuige giolcaireachta ó Uachtarán reatha Mheiriceá ná plámás a dhéanamh lena lucht vótála a mbíonn claonadh acu féachaint ar an nGaeilge mar ghné ghinearálta de chultúr traidisiúnta an duine ghil. Samhlaíonn a leithéid de Ghael-Mheiriceánach gur féidir adhmad a bhaint as an teanga ar mhaithe le forlámhas an na ndaoine geala a chosaint. Fíorshampla de leithghabháil Phoblachtánach a bheith a déanamh ar an nGaeilge! Bainim fíorthaitneamh as aon ábhar idirlín a bheadh sacrailéideach dar leis an aicme áirithe seo: is gá leas a bhaint as an nGaeilge chun dúshlán a thabhairt don chiníochas a bhaineann le roinnt den phobal Gael-Mheiriceánach.

Ní raibh ionadh dá laghad orm gur bhailigh mórshlua glórach ar shráideanna Bhéal Feirste ar an lá sin le cur i gcoinne an Trumpachais. Ach rith sé liom nár bheag an íoróin go mbeadh grúpa chomh éagsúil agus sinne ag cur aithne ar a chéile mar chuid de mhórshiúl míorúilteach nach dtarlódh in aon chor murach gníomhartha fealltacha an Trumpaire agus a chineáil.

Níos mó