Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘go-back-to-your-cotton-fields’-–-cur-sios-deanta-ag-fear-og-gaeltachta-ar-na-maslai-ciniocha-a-caitheadh-leis

‘Go back to your cotton fields’ – cur síos déanta ag fear óg Gaeltachta ar na maslaí ciníocha a caitheadh leis

Tá cur síos déanta ag fear óg as Corca Dhuibhne ar an gciníochas atá feicthe aige ar pháirc na himeartha agus é ag imirt le Cumann Caide na Gaeltachta.

Agus agóidí in aghaidh an chiníochais ag tarlú ar fud an domhain i ndiaidh mharú George Floyd in Minnesota, shocraigh Franz Sauerland, arb as Ard na Caithne é, labhairt amach faoi na heachtraí ciníocha atá tarlaithe dó le blianta beaga anuas.

“Seasann ceann de na hócáidí amach dom,” a dúirt Sauerland ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. “Ní rabhthas fiú ag imirt sa chluiche seo, bhíos mar mhaor uisce mar go rabhthas gortaithe. Chuathas isteach chun uisce a thabhairt do dhuine do mo chomhghleacaithe agus dúirt a mharcálaí rud uafásach liom, dúirt sé liom imeacht ar ais chuig mo ‘cotton fields’. Cuimhneoidh mé air sin go deo.”

Mhínigh Sauerland gur bhain an eachtra preab as agus nach raibh a fhios aige céard ba chóir dó a dhéanamh.

“Níor tharla sé riamh roimis sin, b’in an chéad uair. Shuíos ar an dtaobhlíne agus bhíos ciúin ansin don chuid eile den gcluiche. Ní dúras faic,” arsa an fear óg.

“Bhí saghas náire orm agus bhí brón orm. Ní raibh a fhios agam canathaobh go ndéarfadh sé rud mar sin liom?”

Cé nár dhúirt Sauerland tada leis an réiteoir faoin eachtra, fuair sé scéal níos deireanaí gur cuireadh an réiteoir ar an eolas fúithi agus gur gearradh tréimhse fionraíochta ar an té a chaith masla leis.

Is as Gána máthair Sauerland agus as an nGearmáin a athair. Deir sé go bhfuil cairde dílse aige ó bhí sé an-óg, ach go raibh sé fós deacair air uaireanta agus é ag fás aníos. 

“Bhraitheas an t-am ar fad go raibh orm oibriú dhá oiread níos mó ná gach duine, fiú amháin ar an ngort caide. Theastaigh uaim a bheith níos fearr ná gach duine ionas go mbeadh meas acu orm,” a dúirt Sauerland.

Franz Sauerland ag imort do Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Pictiúr: INPHO

Cé go gceapann sé go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas ó thaobh an chiníochais in Éirinn, deir Sauerland nach dtuigeann go leor daoine cé chomh holc is atá fadhb an chiníochais sa tír. Tá a aineolaí is a bhíonn daoine feicthe go minic aige féin agus é ag obair.

“Bhí mé ag obair in ollmhargadh i mbaile an Daingin agus cuireann siad ceisteanna an-ait orm. Ceisteanna ar nós ‘Cad as a dtagann tú?’. Deirim leo gur rugadh agus tógadh mé anseo ach deir siad liom, ‘No, abair an fhírinne liom.’ Deirim ‘Is Éireannach mé’ ach bíonn siad ag brú agus ag brú agus ag brú chun fáil amach canathaobh go bhfuil mé dubh,” a dúirt Sauerland.

“N’fheadar cé mhéad uair ar tharla sé, tarlaíonn sé uair sa mhí, b’fhéidir. Daoine aosta a bhíonn ann. Níl tuiscint cheart acu. Ní theastaíonn uathu a bheith gránna liom.”

Ghlac Sauerland páirt i léirsiú Black Lives Matter in aghaidh an chiníochais sa Daingean tráthnóna agus tá súil aige go gcuirfidh an ghluaiseacht sin le tuiscint an phobail ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine dubha in Éirinn agus ar fud an domhain.

“Is don gcéad ghlúin eile agus na leanaí atá ag teacht atá [an agóid]. Go mbeadh tuiscint cheart acu ar an gciníochas – agus nach dtarlóidh sé riamh arís.”

Níos mó