Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-murach-an-ghaeilge,-ni-bheadh-feinmhuinin-agam-mar-fhear-og-aerach

Murach an Ghaeilge, ní bheadh féinmhuinín agam mar fhear óg aerach

| Cian O Griofa |

Thosaigh Gaylgeoirí cúpla bliain ó shin le Raidió Rí-Rá agus mé san ollscoil. Bhí chlár againn oíche Dé Domhnaigh idir 20.00-22.00. Ní raibh i gceist ach píosa craice agus cúrsaí LADTA+ a phlé  — Drag Race, an cultúr aiteach sa tír seo, agus na daoine i saol na Gaeilge a raibh muid gafa leo: na cailíní ó Beo Ar Éigean, Caoimhe Ní Chathail, agus Múinteoir Meg.

Ní dóigh liom go raibh aon duine ag éisteacht linn, ach bhain muid an-taitneamh as, agus bhí mé in ann feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge freisin.

Tar éis na hollscoile áfach, bhog mo leathbhádóir Dean go Ceanada ar scoláireacht ICUF agus chríochnaigh muid le Gaylgeoirí agus Raidió Rí-Rá. Ach ní raibh mé réidh an pobal seo a fhágáil. Bhí mé ar thuras féinfhollasaithe agus bhí pobal beag cruthaithe againn ar na meáin shóisialta.

Ní raibh ach 500 leantóir againn, ach ba ghrúpa dílis, tacúil é. Thuig mé an tábhacht a bhain leis cé nach raibh mé ag déanamh aon rud ag an am sin ach ag cruthú méimeanna Gaeilge.

 

View this post on Instagram

 

[ Person: We only have one freezer… ]

A post shared by Gaylgeoirí (@gaylgeoiri) on

B’uirlis fhéinfhollasaithe é Gaylgeoirí dom féin. Bhí mé in ann m’fhéiniúlacht agus mo ghnéasúlacht a iniúchadh, cé go raibh an dá rud faoi cheilt sa bhaile. Níl Gaeilge ag mo thuismitheoirí ná ag duine ar bith eile i mo theaghlach.

Mar sin, bhí mé in ann a bheith aerach go poiblí trí Ghaeilge, cé nach raibh mé amuigh i mBéarla. Thuig mé nach bhfeicfeadh aon duine ó mo shaol ‘pearsanta’ Gaylgeoirí. Ní bheadh a fhios acu go raibh mé aerach agus ba spás sábháilte dom saol na Gaeilge ar feadh tamaill.

I gcaitheamh na mblianta, ba bhealach é dearmad a dhéanamh ar gach rud ó mo ghnáthshaol agus mé ag streachailt liom féin fiú nuair nach raibh sé sin follasach. Ach nuair a thosaigh i bhfad níos mó daoine ag leanúint an chuntais, thosaigh mé ag éirí i bhfad níos muiníní.

Thosaigh mé ag cruthú filíocht LADTA, ag scríobh alt agus ag déanamh draig anois agus arís. Déanta na fírinne, d’fhoghlaim mé an-chuid fúm féin.

Bhí an-suim ag daoine ann, agus bhí mé ag fáil teachtaireachtaí ó dhaoine a raibh cláir raidió acu, nó daoine a raibh gnólacht bheag acu chun obair a dhéanamh leo; DoodlesByUm, BeanAnTees agus Gaeilgheansaí ina measc.

Ba go mall a d’fhás Gaylgeoirí ar dtús; thóg sé thart ar thrí bliana an 1,000 leantóir a fháil. Ach ina dhiaidh sin, d’fhás muid go han-tapa, agus beagnach 7,500 leantóir bliain dar gcionn.

Cé gur thosaigh sé mar chuntas méimeanna Gaeilge, is ardán blag é dom anois. Tá mo shaol pearsanta agus an t-ábhar éadrom a bhí ann i gcónaí fite fuaite ina chéile anois. Dár ndóigh, déanaim iarracht ábhair LADTA+ agus ábhair trí Ghaeilge a chruthú, ach déanaim iarracht rudaí nua-aimseartha, greannmhara a chruthú chomh maith. Ach mar a luaigh mé cheana, ceann do na rudaí is tábhachtaí dom ná le bheith i m’eiseamláir do dhaoine óga agus déanaim mo dhícheall gníomhachas trí Ghaeilge a dhéanamh freisin.

 

View this post on Instagram

 

[ I will march with you until we are equal ] #blacklivesmatter #blm #acab #equality #blackouttuesday Modified from @tobehonestnl

A post shared by Gaylgeoirí (@gaylgeoiri) on

Nuair a thosaigh an-chuid daoine ag tabhairt tacaíochta dom, bhí i bhfad níos mó muiníne agam Gaylgeoirí a roinnt le daoine ó mo ‘shaol Béarla’, mo shaol pearsanta. Bhí mé bródúil asam féin agus an pobal bhí agam.

Ní raibh eagla orm an taobh seo, an taobh Gaelach agus aiteach, a thaispeáint do dhaoine a thuilleadh. Is cinnte gur tháinig mé amach mar fhear aerach toisc gur thug mo leantóirí Gaelacha an muinín dom, thuig mé go raibh cairde (nó mo ‘theaghlach roghnaithe’) fós agam sa chás nach mbeadh mo theaghlach féin sásta liom. Dár ndóigh, ba chuma leo, ach ní raibh sé sin ar eolas agam go cinnte. Is deacair an scéal a thuiscint go hiomlán mura bhfuil tú mar chuid den phobal LADTA+, ach murach an Ghaeilge, ní bheadh an méid muiníne agam as féin mar fhear óg aerach.

 

View this post on Instagram

 

[ I’m not hungry, I’m bored ] #SlayAtHome2020

A post shared by Gaylgeoirí (@gaylgeoiri) on

Tá mé fós ar thuras féinfhollasaithe anois, agus tá an-chuid spriocanna agam sa bhliain atá romham. Tá mé i mbun podchraoladh a dhéanamh le daoine atá ar imeall na sochaí in Éirinn, fiú sa lá atá inniu ann: daoine trasinscneacha, an lucht siúil, banríonacha draig, daoine de chine daite, agus araile. Táim ag iarraidh guth a thabhairt dóibh agus deis acu a gcuid scéalta a insint.

Anuas air sin, tá mé ag scríobh leabhair faoi láthair darb ainm Out. Tá sé bunaithe ar na heachtraí a bhaineann leis an reifreann pósta sa tír seo cúig bliana ó shin, agus tá sé mar aidhm agam spotsolas a thabhairt don phobal LADTA+ sa tír seo agus ceiliúradh a dhéanamh orthu. Sally Rooney, a scríobh Normal People agus Lisa Magee, a chruthaigh Derry Girls, a spreag mé, agus sílim go bhfuil daoine réidh don scéal seo. Tá sé Éireannach, tá sé réalaíoch, agus tarraingíonn sé aird ar cheann do na reifrinn ba réabhlóidí ar domhan.

Níos mó