Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-scannan-faoi-shaothar-tim-robinson-i-gconamara-le-craoladh-den-chead-uair-ar-an-teilifis-anocht

Scannán faoi shaothar Tim Robinson i gConamara le craoladh den chéad uair ar an teilifís anocht

Craolfar scannán ar TG4 anocht faoin saothar a rinne Tim Robinson i gConamara. Bhásaigh an t-údar, ealaíontóir, cartagrafaí, cartúnaí agus cainteoir Gaeilge aitheanta i mbliana.

In 2010 a rinneadh an scannán Tim Robinson: Connemara, a léirigh Harvest Films agus a stiúir Pat Collins ach anocht an chéad uair a mbeidh sé le feiceáil ar an teilifís.

Tá an scannán Tim Robinson: Connemara, bunaithe ar thríológ Chonamara Robinson – Listening to the Wind, The Last Pool of Darkness agus A Little Gaelic Kingdom, saothair a bhfuil an-mheas orthu i saol na litríochta Béarla.

Dúirt an stiúrthóir Pat Collins, go raibh “ríméad” air go mbeadh an scannán á thaispeáint ar an teilifís den chéad uair.

“Ar ndóigh, thaitneodh sé liom féin go pearsanta dá mba rud é go raibh saothar Tim curtha os comhair lucht leanta níos leithne trí mheán na teilifíse sular bhásaigh sé. Ach, ní mar sin a bhí.

“Ceapaim go ndearna Tim an oiread ar mhaithe leis an tír seo. D’fhéadfainn a rá gurb é an t-ealaíontóir ab fhíre dár casadh riamh orm é. Bhí sé ar aon intinn maidir lena shaol, a chuid smaointe agus a chuid ealaíne.”

Dúirt Collins gur “mhór an onóir” dó féin aithne a chur ar Tim Robinson agus gur ‘mórthaithí dhomhain” a bhí ann dó féin agus don chriú scannánaíochta am a chaitheamh ina theannta.

In Yorkshire Shasana a rugadh Tim Robinson agus nuair a tháinig sé chun cónaithe in Éirinn thug sé faoi shiúl na gcos agus shiúil sé na mílte míle ciliméadar go ndearna mapaí d’Árainn, den Bhoirinn agus de Chonamara.

Bhásaigh Tim Robinson i Londain i mí Aibreáin seo caite in aois a 85 bliain de bharr an choróinvíris, coicís i ndiaidh bhás a mhná céile Mairéad.

Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn tráth ar bhásaigh Tim Robinson go raibh an-mheas go deo aige air féin agus ar a shárshaothar.

“Cuimhneofar air,” a dúirt an tUachtarán, “de bharr an tuiscint dhomhain a bhí aige ar oidhreacht, tírdhreach agus muintir Chonamara, na Boirne agus Árann.”

I léirmheas a rinne an scríbhneoir Joe O’Connor i nuachtán an Guardian, ar Connemara: Listening to the Wind, an chéad leabhar de na trí leabhar faoi Chonamara, dúirt sé go raibh “an-lear eolais” ag Robinson ar an nGaeilge agus “an-chion” aige uirthi. Dúirt O’Connor go raibh saothar Robinson faoi Chonamara ar an saothar is tábhachtaí a scríobhadh riamh faoin áit.

“Ní dóigh go mbeidh aon saothar liteartha eile againn a bheidh chomh tábhachtach don cheantar leis na mapaí atá déanta aige, a leabhar Stones of Aran: Labyrinth agus an leabhar seo Connemara: Listening to the Wind,” arsa O’Connor.

“Tagaimid ar stair a bhí ligthe i ndearmad le fada an lá ar gach leathanach. Nochtar scéalta i ngach casadh sa gclaí. Tá sé de bhua ag Robinson gur féidir linn an áit iontach seo a léamh gan a bheith ag iarraidh aon bhuntáiste a bhaint as ná aon iarracht a dhéanamh é a athrú. Leabhar é seo a thugann a gceart do na daoine sin a ndearnadh feall orthu go minic agus a bhfuil a gcuid a scéalta anseo agus a cheart freisin don choirnéal aisteach álainn seo den domhan.”

Dúirt an scríbhneoir dúlra aitheanta Robert Macfarlane, go raibh tríológ Chonamara ar chuid de na “saothair neamhfhicsin is iontaí a scríobhadh riamh i mBéarla”.

Anocht Dé Céadaoin, 10 Meitheamh, ag 9:30pm a chraolfar ‘Tim Robinson: Connemara’ ar TG4.

Níos mó