Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-seo-linn-agus-the-loose-head-ag-siul-300,000-coisceim-ar-son-self-help-africa

Seo Linn agus The Loose Head ag siúl 300,000 coiscéim ar son Self-Help Africa

Beidh beirt bhall den bhanna ceoil Gaeilge Seo Linn, Stiofán Ó Fearaíl agus Dáithí Ó Ruaidh, agus a gcara Jeff Neville, an tráchtaire rugbaí a thosaigh an blag iomráiteach The Loose Head, ag tabhairt faoi dhúshlán mór an deireadh seachtaine seo ar son Self-Help Africa.

Beidh an triúr fear ag siúl ó dhubh go dubh Dé Sathairn agus iad ag iarraidh 100,000 coiscéim an duine a thabhairt. Measann na fir, nach bhfuil éacht mar seo déanta acu riamh cheana, go mbeidh orthu suas le 80km a chur díobh i rith an lae leis an sprioc mhór a bhaint amach. 

Ar ndóigh, tá an dianghlasáil fós i bhfeidhm in Éirinn agus ní bheidh siad in ann a bheith ag siúl le chéile, ach déanfaidh gach duine acu an beart ina chontae cónaithe féin — beidh Jeff ag siúl laistigh dá chiorcal 20km i gcontae na Mí, beidh Stiofán ag siúl i gcathair Luimnigh, agus beidh Dáithí ag siúl i gCill Chainnigh. 

Dúirt Jeff Neville, a bhíonn ag scríobh faoi chúrsaí rugbaí do NÓS agus ag déanamh tráchtaireachta ar chluichí rugbaí ar TG4, go bhfuil sé “neirbhíseach” faoin lá ach “ag tnúth go mór leis” mar sin féin.

“Tá Self-Help Africa ag cailleadh go leor airgid mar gheall ar Covid-19 faoi láthair. Rinne muid obair ar son na carthanachta fadó agus tá muid ag iarraidh airgead a bhailiú don chúis arís,” a dúirt sé. 

Tá aithne ag Stiofán, Dáithí, agus Jeff ar a chéile le fada an lá – ó d’oibrigh siad le chéile i gColáiste Lurgan i gCois Fharraige blianta ó shin. Is cairde móra anois iad agus iad i dteagmháil le chéile gach lá le linn na paindéime

“Chabhraigh cairde liom fanacht aclaí le linn na dianghlasála. Tá grúpa WhatsApp againn a bhfuil seisear ann, agus bíonn muid i gcónaí ag spreagadh a chéile fanacht aclaí. Tá sé an-éasca éirí leisciúil nuair nach féidir leat ach dul ar shiúlóid nó rith anois is arís, agus spreagann an grúpa seo muid níos mó a dhéanamh. Bhí mé ag iarraidh rud mar seo [an tsiúlóid] a dhéanamh dom féin ar aon nós, ach phléigh mé an smaoineamh sa ghrúpa agus dúirt Stiofán agus Dáithí go ndéanfadh siadsan freisin é,”  a dúirt sé.

Chláraigh Jeff do Rith Mór Luimnigh ag deireadh na bliana seo caite agus bhí sé ag traenáil go dícheallach lena aghaidh le leathbhliain. Cuireadh an maratón sin ar athló nuair a fógraíodh an dianghlasáil i mí an Mhárta, agus tháinig an scéala go raibh sé curtha ar ceal go hiomlán cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Beidh Jeff fós ag rith 42km as féin an mhí seo chugainn, ach theastaigh uaidh dúshlán eile a dhéanamh idir an dá linn.

“Níl tada mar seo déanta agam cheana. Is dóigh liom gurbh é an tsiúlóid ab fhaide a rinne mé go dtí seo ná 34km in aon lá amháin nó mar sin. Tá muid ag ceapadh go mbeidh suas le 80km i gceist Dé Sathairn. Ceapaim go mbeidh muid ok, tá go leor podchraoltaí agus ceol íoslódáilte agam don lá. Beidh muid ag déanamh lives ar Facebook agus ar Instagram, leis an scéal a scaipeadh agus an dul chun cinn a bheidh déanta againn a léiriú,” a dúirt Jeff.

Dúirt sé go bhfuil an t-éacht déanta cheana ag cara leis, a shiúil 100,000 coiscéim ar son Chumann Ailse na hÉireann, agus gur ábhar dóchais dó gur éirigh leis an gcara sin an rud a chríochnú.

Tosóidh na fir ag siúl ag a cúig a chlog ar maidin, Dé Sathairn, agus siúlfaidh siad go dtí go mbeidh an 300,000 coiscéim déanta.  Tá leathanach tiomsaithe airgid tosaithe acu agus go leor airgid tagtha isteach ann cheana féin. Is féidir airgead a dheonú anseo

Níos mó