Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-mbeidh-an-iomarca-eile-le-deanamh-ag-dara-calleary-chun-aire-cheart-a-thabhairt-don-ghaeltacht?

An mbeidh an iomarca eile le déanamh ag Dara Calleary chun aire cheart a thabhairt don Ghaeltacht?

| Tuairisc.ie | ,

Tá imní ar dhaoine go bhfágfar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in áit na leathphingine toisc na cúraimí sin a bheith curtha ar Príomh-Aoire an Rialtais agus cúraimí spóirt air chomh maith.

Deir an Príomh-Aoire nuacheaptha Dara Calleary go bhfuil sé “ag tnúth go mór” le tús a chur lena chuid dualgas mar Aire Stáit na Gaeltachta agus go bhfuil sé “paiseanta faoi chosaint agus chaomhnú na Gaeltachta”.

Ach an mbeidh dóthain ama aige le tabhairt faoi na cúraimí a bheas air mar Aire Stáit don Ghaeltacht, nó an amhlaidh go mbeidh sé róghafa le cúraimí oifig an Phríomh-Aoire agus cúraimí spóirt.

Is é Eoghan Ó Neachtain an t-aon duine riamh a d’oibrigh mar chomhairleoir preasa rialtais do thriúr Taoiseach agus is iomaí scréip i dtaobh vótála atá feicthe sa Dáil aige dá bharr. Is maith a thuigeann sé leis an brú ar leith a bhíonn ar Phríomh-Aoire an Rialtais.


An dóigh leis go mbeidh Dara Calleary in ann an dá thrá a fhreastal?

“Braitheann sé cé chomh dúshlánach a bheas post an Phríomh-Aoire. Go teoiriciúil, faoi láthair ag tús rialtais, níor cheart go mbeadh sé ródheacair air. Is le himeacht ama a thagann deacrachtaí. Má bhreathnaíonn tú ar an vóta a bhí ar son an Taoisigh an lá cheana, bhí tromlach maith acu, mar sin shílfeá nach mbeadh an ceapachán mar Phríomh-Aoire ag cur an iomarca brú air.

“Tagann brú ar an bPríomh-Aoire nuair a bhíonn daoine ag easaontú agus nuair a bhíonn air a bheith ag gríosú agus ag mealladh daoine lena chinntiú go bhfuil tromlach acu don vóta ach ag tús ré níor cheart go mbeadh an iomarca brú air a chuirfeadh isteach ar a chuid cúraimí eile,” a deir Eoghan Ó Neachtain.

Deir an t-iarchomhairleoir preasa gur “rogha an-mhaith” é Dara Calleary don phost mar Phríomh-Aoire agus mar Aire Stáit don Ghaeltacht toisc an taithí atá aige i saol na polaitíochta agus an suim atá léirithe aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Agus trí páirtí sa rialtas beidh go leor leor ag brath ar an bPríomh-Aoire lena chinntiú nach dtagann aon deacrachtaí aniar aduaidh ort. Caithfidh taithí pholaitíochta a bheith agat agus caithfidh tú a bheith go maith ag láimhseáil daoine. Fear séimh macánta é Dara Calleary agus sílim go n-éireoidh go maith leis sa bpost.

“Ceapaim ón gcéad lá riamh go raibh suim aige sa nGaeilge agus tá Gaeltacht gar dá cheantar dúchais agus tá Gaeltacht mhór sa réigiún arb as é. Mar sin beidh tuiscint mhaith aige ar na riachtanais agus ar na deacrachtaí atá ag baint leis na ceantair Ghaeltachta,” a deir Eoghan Ó Neachtain.

Measann John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent, go bhféadfadh Dara Calleary tabhairt faoina chuid dualgas mar Phríomh-Aoire agus faoi na cúraimí breise atá air toisc “ardsuim” a bheith aige sa Ghaeilge agus i gcúrsaí spórt.

“Is post deacair é a bheith mar Phríomh-Aoire. Cé go bhfuil móramh maith acu i láthair na huaire, ní féidir brath air i ndáiríre. Is minic a thugtaí a leithéid de phost do Theachta Dála atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath mar go dtuigtear go mbeidh an té a bhíonn i mbun an phoist sa Dáil déanach san oíche ach measaim go mbeidh Dara Calleary in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh. Tá an-suim aige sa Ghaeilge agus i gcúrsaí spóirt.”

Ní haon rud nua é go mbeadh cúram breise ar an Phríomh-Aoire, a deir Downing, atá “dóchasach” nach mbeidh an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine.

“Bhí Paul Keogh ina Phríomh-Aoire tráth agus é ag feidhmiú mar Aire Cosanta chomh maith agus bhí Seán Kyne agus Joe McHugh ina bPríomh-Aoirí agus ina nAirí Stáit don Ghaeltacht.

“Níor cheart a bheith ag súil go mbeadh duine amháin in ann fadhbanna uile na Gaeltachta a réiteach ach measaim go bhfuil Dara Calleary ionraic agus diongbháilte go leor le hiarracht mhaith a dhéanamh sa phost. Tá tionchar aige agus is duine é a bhfuil seasamh maith aige ina pháirtí féin agus creidim go ndéanfaidh sé a dhícheall,” a dúirt John Downing.

Mar dhuine a thug seal ina Aire Gaeltachta agus seal ina Phríomh-Aoire roimhe sin, ráineodh gurb é an t-iarTheachta Dála Pat Carey an duine is fearr le labhairt faoi na dúshláin a bheidh roimh Dhara Calleary.

Cé nach bhfuil cead vótála ag an Phríomh-Aoire ag cruinnithe rialtais, is minice ná a mhalairt go seachnaítear aon vóta agus go ndéantar iarracht teacht ar chomhréiteach, dar le Carey.

Deir an t-iar-aire Gaeltachta agus iarphríomh-aoire rialtais gur “buntáiste” é don teanga go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta ina Phríomh-Aoire toisc go bhféadfaidh sé cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn ag bord an rialtais.

“Mar Aire Stáit a bhfuil cúraimí Gaeltachta air, tá sé i bhfad níos éasca labhairt faoi leis na daoine a dhéanann na cinntí airgid, tá an Príomh-Aoire ar leibhéal i bhfad níos tábhachtaí ná mar a cheapann a lán daoine. Déarfainn tar éis tamaill gairid go bhfaighidh sé taithí an dá jab a dhéanamh éasca go leor.

“Tá comhoibriú i bhfad níos mó ar siúl idir na ranna rialtais, bíonn Roinn na Gaeltachta ag obair leis an Roinn Gnóthaí Pobail agus déarfainn go leanfar leis an chomhoibriú sin.

Is cinnte go mbeidh Dara Calleary gnóthach ach beidh sé i lár an aonaigh chun rud éigin fíordhearfach a dhéanamh leis an portfolio,” a dúirt Pat Carey.

Níos mó