Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beirt-eile-a-raibh-an-coroinvireas-orthu-basaithe,-se-chas-nua-den-ghalar-deimhnithe

Beirt eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, sé chás nua den ghalar deimhnithe

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe. Sé chás nua den ghalar a deimhníodh.

Don seachtú lá as a chéile, ní raibh bás ar bith le fógairt inniu ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt, ach deimhníodh 23 cás nua den ghalar ag an deireadh seachtaine.

31 cás nua den choróinvíreas a fógraíodh ó dheas le linn an deireadh seachtaine, 21 ceann Dé Sathairn agus 10 gcinn Dé Domhnaigh.

Tá 11 duine a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil faoi láthair agus tá naonúr acu sin in ICU.

2,309 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,753 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,623 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,766 cás ó dheas den teorainn agus 5,857 cás ó thuaidh di.

270 cás nua den ghalar a fógraíodh ó dheas le coicís anuas agus bhí an galar ar 5.67 duine in aghaidh gach 100,000 duine. Bhain 69% de na cásanna nua sin le daoine faoi bhun 45 bliain d’aois.

Bhain 55% de na cásanna a fógraíodh le coicís anuas le Baile Átha Cliath, bhain 10% le Cill Dara agus bhain 6% le Corcaigh.

Bhain an 78 cás eile le 17 contae.

Bhain 21% de na cásanna le cúrsaí taistil.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go bhfuil braislí cásanna ag teacht chun cinn in ionaid oibre, ar láithreáin tógála, in ionaid mearbhia agus in ollmhargaí. Bhí baint ag láithreáin tógála amháin i mBaile Átha Cliath le hos cionn 20 cás go dtí seo.

“Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de chomh sciobtha a thagann braislí cásanna chun cinn. Tá oiread sin bainte amach againn le chéile, ach caithfimid a bheith cúramach chun go dtiocfaidh borradh faoi scaipeadh an ghalair ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Dúirt an Dr Ronan Glynn go raibh ag éirí go maith le hÉirinn i gcomparáid le go leor tíortha eile ach nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh orainn filleadh ar Chéim 2 den phlean díchuibhrithe sa chás go rachaidh cúrsaí in olcas.

Chuir an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach fáilte roimh an scéala go bhfuil ag éirí le vacsaín nua córas imdhíonachta an duine a chur in oiriúint dá throid in aghaidh an choróinvíris.

Táthar sásta go bhfuil an vacsaín atá á forbairt in Ollscoil Oxford sábháilte agus go bhfuil ag éirí léi antashubstaintí agus fuilchealla bána a tháirgeadh atá in ann cur i gcoinne an Covid-19.

Rinneadh an vacsaín a thástáil i measc 1,077 duine idir 18 agus 55 bliain d’aois agus foilsíodh na torthaí san irisleabhar an Lancet inniu.

In Institiúid Jenner in Ollscoil Oxford a rinneadh an triail chliniciúil d’fhorbairt na vacsaíne in aghaidh an choróinvíris,   SARS-Cov-2.

Is é an tOllamh Adrian Hill – arb as Baile Átha Cliath dó – stiúrthóir Institiúid Jenner. Chuir Hill tús lena chuid staidéir i gColáiste na Tríonóide agus bhog sé go Oxford chun an obair a chríochnú.

Dúirt an tOllamh Hill inniu go gciallaíonn a láidre is a chuaigh an vacsaín i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta gur dócha go dtabharfadh sé cosaint do dhuine ón gcoróinvíreas, ach nach féidir talamh slán a dhéanamh den mhéid sin.

Údar mór dóchais é go bhfuil ag éirí leis an vacsaín dul i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta mar seo, ach deirtear go bhfuil sé róluath fós a rá go n-oibreoidh leis agus gur gá a thuilleadh trialacha a dhéanamh.

Dúirt an tOllamh Sarah Gilbert, duine den lucht taighde, go raibh “go leor oibre eile” le déanamh sula bhféadfaí a dheimhniú go bhféadfadh an vacsaín nua cabhrú leis an bpaindéim Covid-19 a smachtú.

“Ach tá gealladh faoi na torthaí luatha seo,” arsa an tOllamh Gilbert.

ChAdOx1 nCoV-19 atá tugtha ar an vacsaín nua atá bunaithe ar víreas géinathraithe a thugann slaghdándon simpeansaí.

Níos mó