Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘na-bimis-chomh-dian-ar-jack-chambers-faoina-easpa-gaeilge-is-a-bhiomar-ar-joe-mchugh’

‘Ná bímis chomh dian ar Jack Chambers faoina easpa Gaeilge is a bhíomar ar Joe McHugh’

| Padraic O Ciardha | ,

Deir Cathaoirleach nua Choiste Oireachtais na Gaeilge gur chóir deis a thabhairt d’aire stáit na Gaeltachta Jack Chambers a chuid Gaeilge a fheabhsú agus gurb amhlaidh go rabhthas ródhian ar Joe McHugh nuair a ceapadh sa ról céanna é in 2014 agus gan aon Ghaeilge aige.

 Deir cathaoirleach nua Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Aengus Ó Snodaigh, chomh maith gur ceann de na príomhspriocanna atá aige ná toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

 “Tá mé ag tnúth leis, toisc gur fhógair na páirtithe ar fad go bhfios dom, go mbeidh reachtaíocht ann maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta,” a dúirt an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas-Lár ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012.  Tá athbhreithniú ar an gcinneadh sin i measc na mbeartas a luadh sa chlár rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas mí an Mheithimh.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin freisin go bhfuil sé ag iarraidh baill an choiste a thabhairt ar “camchuairt” chuig na ceantair Ghaeltachta ar fad “chun féachaint ar cad go díreach atá ag tarlú gach uile lá i ngnáthphobail Ghaeilge na tíre seo”.

“Caithfimid déileáil leis na ceisteanna móra atá ag déanamh tinnis do Ghaeilgeoirí le blianta. Cearta Gaeilge agus teanga a bheith acu agus acu siúd a bhfuil cónaí orthu sna Gaeltachtaí,” arsa Ó Snodaigh.

Nuair a fiafraíodh de cén fáth nach raibh an raic chéanna ann nuair a ceapadh Jack Chambers ina Aire Stáit Gaeltachta agus gan aon Ghaeilge aige is a bhí nuair a ceapadh Joe McHugh sa phost céanna sé bliana ó shin, mhaígh Ó Snodaigh go raibh daoine rócháinteach faoi easpa Gaeilge McHugh ag an am.

Dúirt sé go raibh sé den tuairim gur cheart go mbeadh Gaeilge líofa ag gach aire rialtais, idir airí sinsearacha agus sóisearacha, ach gur mheas sé go raibh tionchar ag “an dul chun cinn” a rinne McHugh ó thaobh na Gaeilge ar chinneadh an Rialtais Chambers a cheapadh.

“Measaim gur fhéach [an Rialtas] ar an difríocht idir an méid Gaeilge a bhí ag Joe McHugh nuair a roghnaíodh é mar Aire agus an méid a bhí á húsáid aige ag deireadh a ré. B’fhéidir go raibh breall orainn a bheith ag déanamh cáineadh ar Enda Kenny ag an am,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Sa chás seo, níl Gaeilge líofa ag Jack Chambers ach tá mise sásta deis a thabhairt dó teacht timpeall ar sin.”

Tá na hoileáin fós luaite i dteideal an choiste, cé go bhfuil siad anois faoi chúram na Roinne Coimirce Sóisialaí Forbartha Tuaithe agus Pobail. Dúirt Ó Snodaigh gur mhaith leis go bhfanfadh na hoileáin mar chuid de choiste na Gaeltachta ach nach ndéanfaí aon socrú mar sin go dtí go bhfillfidh an Dáil mí Mheán Fómhair.

Níos mó