Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-polaiteoir-as-baile-atha-cliath-roghnaithe-ag-gach-pairti-chun-ple-le-curam-na-gaeltachta

Polaiteoir as Baile Átha Cliath roghnaithe ag gach páirtí chun plé le cúram na Gaeltachta

Fágann ceapachán Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta go bhfuil cúram na teanga leagtha ag gach páirtí polaitíochta ar ionadaí poiblí as Baile Átha Cliath.

Teachta Dála as Baile Átha Cliath Thiar é Chambers agus is i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin a toghadh Catherine Martin, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Baile Átha Cliath Theas-Lár an dáilcheantar atá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh

Marie Sherlock, Seanadóir as Baile Átha Cliath atá ceaptha ina hurlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre.

Ceapadh an Seanadóir ina hurlabhraí gnóthaí fostaíochta, meán, ealaíon, cultúir agus Gaeltachta an tseachtain seo caite agus tá sí ina haoire ag an bpáirtí sa Seanad chomh maith.

D’fhógair an Comhaontas Glas mí na Bealtaine gurb é an comhairleoir contae agus Gael aitheanta Peter Kavanagh a n-urlabhraí Gaeltachta. Sheas Kavanagh in olltoghchán na bliana seo i mBaile Átha Cliath Thiar-Meán.

Dar le Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Plenála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair, gurb “údar mór imní agus frustrachais” é gur polaiteoirí as Baile Átha Cliath atá curtha i bhfeighil na Gaeltachta ag na páirtithe móra go léir.

“Tá mé cinnte gur Teachta Dála óg cumasach éirimiúil é Jack Chambers, a dhéanfaidh ionadaíocht mhaith ar mhuintir a dháilcheantair féin i mBaile Cliath Thiar chomh maith.

“Ach cén t-ábhar dóchais atá ina cheapachán do mhuintir na Gaeltachta? Ar leag sé cois ariamh inár measc, nó an ndúirt sé focal riamh ar ár son, an bhfuil fhios aige gurbh ann do phobal labhartha na Gaeilge?

“Tá imní orm nach bhfuil againn anse0 arís leis an chinneadh seo ach léiriú eile ar sheasamh na Gaeilge i gclár oibre an rialtais seo. Easpa suime, easpa físe agus mar sin easpa gnímh agus easpa dul chun cinn,” arsa Dónall Ó Cnáimhsí.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge