Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-rabharta-ghaidhlig-na-halban-ag-bailiu-nirt-ar-instagram

Rabharta Ghàidhlig na hAlban ag bailiú nirt ar Instagram

Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge anois ar thionchairí Instagram na nGael: Múinteoir Meg, Chris is Ainm Dom, Gayleoirí, agus Gaeilge Vibes ina measc.

Is tionchaire Gaeilge é gach mac máthar is iníon athar na laethanta seo is cosúil, ach ní hamhlaidh sin i gcás Ghàidhlig na hAlban, teanga nach raibh mórán di le feiscint ar na meáin shóisialta go dtí le déanaí. 

Foilsíodh tuarascáil ag tús na míosa a raibh iniúchadh déanta inti ar stádas na Gàidhlig mar theanga phobail agus bhí torthaí na tuarascála ina gcúis mhór bhrón do lucht labhartha na teanga. 

Deirtear sa tuarascáil, a d’fhoilsigh saineolaithe ag Oilthigh na Gàidhealtachd agus nan Eilean, mura dtiocfaidh athrú suntasach ar chúrsaí go dtiocfaidh deireadh le Gàidhlig na hAlban mar theanga phobail sna deich mbliana atá amach romhainn. 

Sa tuarascáil chéanna, deirtear gur fíor-annamh a labhraítear Gàidhlig sa bhaile, gur beag duine sna déaga a labhraíonn í agus nach mbíonn sí in úsáid ar bhonn rialta ach ag líon beag seandaoine in Inse Ghall. 

Má chuardaíonn tú “#Gàidhlig” ar Instagram áfach, ní líon beag seandaoine a fheicfidh tú ach pobal óg, spleodrach, atá tiomanta dá dteanga agus a bhfuil fonn orthu í a roinnt leis an saol mór. 

Is ealaíontóir smididh í Lauren Ferguson (@OiseanLauren) ón Eilean Sgitheanach atá ag blagáil trí mheán na Gàidhlig ar Instagram ó mhí Feabhra 2019. 

Tá clú ar chuntas Lauren ní hamháin mar gheall go bhfuil bua na healaíne go smior aici agus féith an ghrinn leis, ach mar gheall ar na scagairí Gàidhlig a chruthaigh sí ar féidir le duine ar bith a bhfuil Instagram acu iad a úsáid. 

“Tha mi a’ smaoineachadh gu bheil e cudromach a bhith a’ sealltainn do dhaoine òga gun urrainn dhut Gàidhlig a chleachdadh ann an suidheachaidhean neo-fhoirmeil agus gu sòisealta.” 

(Sílim go bhfuil sé tábhachtach a thaispeáint do dhaoine óga gur féidir leat Gàidhlig a úsáid go laethúil, go neamhfhoirmiúil agus go sóisialta). 

Ní cadhan aonair í Lauren maidir le spreagadh na Gàidhlig ar Instagram áfach, agus cuntais nua ag fás mar a bheadh nóiníní lá gréine ó foilsíodh torthaí na tuarascála. 

Dar le Lauren, chuir an taighde faoi mheath na teanga eagla ar dhaoine ach go raibh dea-thoradh ag an drochnuacht, sa chaoi is gur spreag sé daoine a gcuid Gàidhlig a úsáid ar a gcuntas pearsanta Instagram agus cuireadh tús le roinnt cuntais nua atá tiomanta don Gàidhlig.

“An aon rud a chanas mi ged-tà, tha mi dòchasach gun cùm daoine orra leotha. An-dràsta tha an naidheachd a’ dol mun cuairt agus tha tòrr dhaoine a’ bruidhinn mu dheidhinn agus tha mi an dòchas nach stad an ceum air adhart a tha seo nuair nach eil e anns na naidheachdan.” 

(An t-aon rud a déarfaidh mé áfach, ná tá súil agam go gcoinneoidh daoine orthu. Faoi láthair tá an scéal i mbéal an phobail agus tá súil agam nach dtiocfaidh moill ar an dul chun cinn seo nuair nach mbeidh sé sa nuacht a thuilleadh).

Blagálaí áilleachta is í Ciorstaidh Nic Fhionghain (@ciorstag_), lasmuigh dá post buan mar mhúinteoir bunscoile i scoil lánGhàidhlig. Dála Lauren, chuir Ciorstaidh tús lena blag ar Instagram sa bhliain 2019 agus tá sí tar éis tabhairt faoi deara go bhfuil borradh mór tagtha faoi úsáid na Gàidhlig ar na meáin shóisialta ó foilsíodh an tuarascáil teanga.

“Tha mi cho toilichte gu bheil cunntasan Gàidhlig eile a’ nochdadh.  ’S e coimhearsnachd beag a th’ annainn is tha sinn a’ fàs is tha sin mìorbhaileach!”

(Táim chomh sásta go bhfuil tús á chur le níos mó cuntas Gàidhlig. Is pobal beag atá ionann agus tá muid ag fás – tá sé sin ar fheabhas!) 

Moltar sa tuarascáil níos mó béime a leagan ar úsáid shóisialta na Gàidhlig mar theanga bheo agus, dar le Ciorstaidh, beidh ról lárnach le himirt ag na meáin shóisialta má táthar ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach. 

“Feumaidh gu bheil barrachd Gàidhlig air na meadhanan sòisealta – bidh sinn a’ cleachdadh na meadhan-sòisealta gach là is ma tha sinn airson Gàidhlig a bhith nar beatha làitheil, feumaidh e a bhith air na meadhanan sòisealta is gu leòr dheth cuideachd.”

(Caithfear níos mó Gàidhlig a bheith le feiceáil ar na meáin shóisialta . Baineann muid úsáid as na meáin shóisialta gach lá, mar sin má táimid ag iarraidh go mbeidh Gàidhlig mar chuid lárnach dar saol laethúil, caithfidh sí a bheith ar na meáin shóisialta freisin agus í bheith le feiceáil go soiléir ann”. 

Is mac léinn í Kaitlin Nic a’Phearsain atá taobh thiar de cheann de na cuntais úra Gàidhlig ar Instagram (@cabadaichlekait). Dar léi, in ainneoin go bhfuil i bhfad níos mó cuntas Gàidhlig ar Instagram anois, níl iomaíocht ar bith eatarthu.

“Nam bheachdsa chan ann co-fharpais a th’ ann idir, tha sinn uile mar coimhearsnachd bheag is mar sin bidh sinn a’ thoirt taic ri chèile.”

(I mo thuairim níl iomaíocht ar bith eadrainn. Is pobal beag atá ionann agus mar sin tugann muid tacaíocht dá chéile.)

Cé go bhfuil an Ghàidhlig ina cuid lárnach de na cuntais uilig, tá spriocanna éagsúla acu a dhéanann idir-dhealú eatarthu, dar leis an mblagálaí óg,

“An rud às fhèarr mu dheidhinn na cunntasan eadar-dhealaiche ’s e gu bheil ùidh againn uile ann an diofar cuspairean. Tha tàlantan diofraichte aig gach fear dhuinn is mar sin tha bhiodh e cothromach coimeas a dhèanamh ann an dòigh le co-fharpais.”

(An rud is fearr faoi na cuntais éagsúla ná go gcuireann muid uilig spéis in ábhair dhifriúla. Tá buanna éagsúla ag gach duine againn agus mar gheall ar sin ní bheadh sé ceart ná cothrom na cuntais a chur i gcomparáid lena chéile). 

Seo tuairim a nochtann Lauren chomh maith; “Tha sinn uile leis an aon bheachd gu bheil sinn ag amas gum bi Gàidhlig nas àbhaistaiche nar beatha.”

(Táimid uilig ar aon intinn lena chéile, go bhfuil fonn orainn uilig go mbeidh an Ghàidhlig níos lárnaí inar saol).

Cé go bhfuil na cuntais úra seo ina gcúis dóchais don ealaíontóir smididh, níl sí dall ar na dúshláin atá roimh an teanga ach oiread;

“Ged a tha e na rud math gu bheil ar cunntasan a’ toirt àire chun a’ chànain agus a bhith ga cleachdadh gu làitheil, ‘s e dìreach pàirt bheag de dhealbh mòr a th’ ann. Feumaidh sinn barrachd oidhirp a dhèanamh gus Gàidhlig a chleachdadh gu cumanta agus ‘s dòcha gum bi feum againn pàirt a ghabhail ann an còmhraidhean mi-chofhurtail uaireanan gus sin a dhèanamh.” 

(Cé go bhfuil sé ar fheabhas go bhfuil an Ghàidhlig i mbéal an phobail faoi láthair, níl ann ach cuid an-bheag den mhórphictiúr. Caithfidh muid iarracht níos mó a dhéanamh an Ghàidhlig a labhairt níos minicí agus b’fhéidir go mbeidh orainn comhráite deacra a bheith againn lenár gcomrádaithe le hé sin a bhaint amach). 

Más spéis leatsa tuilleadh Gàidhlig a fheiceáil ar Instagram, caith súil ar na cuntais Instagram seo a leanas: 

@gaeilgeagusgaidhlig

@srubag

@bobhla.brochan

@craic_le_kellow

@larach.amy

@insta_glan1

@lagh_ann_an_gaidhlig

@leugh.leam

@slaintemhathsoisealta

@yourmainecat

@cocaireachdlekat

Níos mó