Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-bheirt-bhan-a-bhi-ar-iarraidh-ar-chosta-chonamara-faighte-ina-mbeatha

An bheirt bhan a bhí ar iarraidh ar chósta Chonamara faighte ina mbeatha

| Tuairisc.ie |

Tá an bheirt bhan a bhí ar iarraidh ar chósta Chonamara faighte ina mbeatha tar éis oíche chrua ar an bhfarraige. Tugadh ar bord bád iascaigh go hInis Oírr iad agus tabharfar as sin go hOspidéal na Gaillimhe iad. Bhí greim ag an mbeirt bhan ar théada potaí gliomach nuair a tháinig na hiascairí chomh fada leo.

Dheimhnigh urlabhraí an Gharda Cósta ar Oileán Dairbhre a bhí i mbun comhordaithe ar an gcuardach do Tuairisc.ie go bhfuil na mná á dtabhairt go hInis Oírr faoi láthair agus go dtabharfar as sin iad go hOspidéal na hOllscoile Gaillimh ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.

Cuireadh tús arís ar maidin le cuardach leathan ar muir is tír  agus os cionn 100 duine páirteach sa gcuardach ar an mórthír i gConamara agus i gcontae an Chláir. Bhí héileacaptar agus báid tarrthála Árann, Chuan na Gaillimhe agus Dhúlainne chomh maith le báid iascaigh agus phléisiúir i mbun cuardaigh ó fógraíodh nár fhill na mná ar Thrá na bhForbacha aréir.

 Amach ar chláir chéaslóireachta ó Thrá na bhForbacha a chuaigh an bheirt bhan tráthnóna aréir agus creidtear go raibh seaicéid tarrthála orthu beirt ach nach raibh siad ag caitheamh cultacha uisce.

Chuir na seirbhísí cuardaigh agus tarrthála tús lena gcuid oibre ag 9.30pm aréir nuair nár fhill na mná agus chuathas ina bun arís go moch ar maidin. Níl aon eolas tugtha go hoifigiúil faoi na mná atá ar iarraidh ach tuairiscítear go háitiúil go bhfuil duine acu 17 mbliana agus an duine eile 23 bliain d’aois agus gur as ceantar Chnoc na Cathrach i gcathair na Gaillimhe iad.

Bhí báid agus héileacaptar ón nGarda Cósta páirteach sa gcuardach do na mná agus na Gardaí i mbun comhordaithe ar an gcuardach cois cladaigh. Bhailigh thart 100 duine ag Cé an Spidéil ag 9.30am inniu le cúnamh a thabhairt leis an gcuardach. Roinneadh iad ina ngrúpaí beaga agus cuireadh ag siúl an chladaigh idir na Forbacha agus Indreabhán iad. Bhí grúpa eile i mbun cuardaigh ar chósta chontae an Chláir.

Dúirt bádóir amháin a bhí páirteach sa gcuardach ó 7.30am le Tuairisc.ie go raibh fórsa 4 leis an ngaoth anoir aduaidh ansin i dtús an lae. Bhí Foras na Mara in Órán Mór ag cur comhairle ar fáil maidir le cúinsí mara agus taoide.

Níos mó