Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim-le-song-sung:-‘this-ascension-is-ours’

Ar Chúl an Albaim le Song Sung: ‘This Ascension Is Ours’

| Ben O Faolain |

Is as Contae Mhuineacháin do Georgina agus Una McGeough, cúpla a bhíonn ag cumadh amhráin aoibhne aerga faoin ainm Song Sung. 

Tár éis don chúpla freastal ar Belfast School of Art, bhog Song Sung go Nua-Eabhrac breis agus deich mbliana ó shin. Ba ansin a thosnaíodar ag cumadh amhrán thar nótaí dorda a bhí ag teacht aníos tríd urláir a n-árasáin ó bheár a bhí lonnaithe thíos faoi. 

In 2016 roghnaigh an léiritheoir agus cumadóir iomráiteach as Béal Feirste David Holmes leagan na ndeirfiúracha den amhrán ‘I’m Not In Love’ de chuid 10cc dá bhailiúchán Late Night Tales. Tá ainm Song Sung in airde ó shin.

Saothar comhoibríoch i gcomhar le Holmes é albam début na beirte, This Ascension Is Ours . Díreach eisithe ar lipéad Telling Tales, is bailiúchán gleoite é d’amhráin fhuarthonn (chillwave) a thaitneoidh le duine ar bith a bhaineann sásamh as ceol leithéid Beach House, This Mortal CoilAngelo Badalamenti.

Seo mar a chuir na deirfiúracha McGeough síos do ‘Ar Chúl An Albaim’ ar an seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim This Ascension Is Ours. 


Casino Versus Japan – ‘Theme from Lazy Day’  (ón albam Hitori & Kaiso, 1998-2001)

Bhí tionchar mór ag ‘Theme From Lazy Day’ ar ár n-albam féin. Tá éalúchas aislingeach ag baint leis, agus ar uairibh sin go díreach cad atá ag teastáil uait agus fonn á chasadh timpeall ar roinnt liricí agat.

My Bloody Valentine – ‘New You’ (ón albam MBV, 2013)

Chumamar roinnt dár n-albam in Berlin siar sa bhliain 2016, agus bhí an t-albam is deireanaí de chuid My Bloody Valentine á chasadh againn formhór an ama a chaitheamar ann. Tarlaíonn saghas draíochta spleodraí, sceitimíní ar na rianta ‘New You’ agus ‘Wonder 2’.  Bhíomar riamh an-tógtha leis an tslí a fheidhmíonn na harmóintí gutha sa ghrúpa My Bloody Valentine, rud a chloistear go soiléir ar ‘New You’. Chonaiceamar  iad ag seinm an albaim seo beo i Nua-Eabhrac.

Mogwai – ‘Scram’ (ón albam Atomic, 2016)

Tá an píosa seo ar albam (‘Atomic’) a eisíodh fad is a bhíomar ag obair ar ár n-albam féin. Bhíomar go hiomlán meallta ag an saothar ón gcéad éisteacht. Fuaimrian dinimiciúil é, agus bhí tionchar ag cuislí sintéisithe na fuaime ar roinnt dár n-albam féin. Tá an oiread mothúchán le braith sa cheol.

Plaid – ‘35 Summers’ (ón albam Scintilli, 2011)

Dhá albam iad Scintelli agus Hawkmoth de chuid Plaid a chuaigh i bhfeidhm go mór acu orainn fad is a bhí This Ascension Is Ours á chur le chéile againn. Bhí tionchar mór ag an ngluaiseacht atá laistigh dá gcuid ceoil ar chóiriú agus ar chruth roinnt dár n-amhráin. Arís, tá déine mhothúchánach i gceist leis an rian seo. 

Boards of Canada – ‘Tears From the Compound Eye’ (ón albam The Campfire Headphase, 2005)

Chuireamar aithne ar cheol Boards Of Canada fadó, agus d’éist muid leis an bport áirithe seo go minic agus muid ag obair ar This Ascension Is Ours. Cumasc mealltach de thoin shuaimhneasacha atá san amhrán seo, agus tá gluaiseacht ann freisin. Iontach.

Brian Eno – ‘Emerald and Stone’ (ón albam Small Craft on a Milk Sea, 2010)

Tá blas ársa an phíosa seo draíochtúil. Tá simplíocht in úsáid a ghreamaíonn le snáithín mothúchánach na gcluas. Tá bá ar leith againn le rianta simplí, ach má dhéanann tú machnamh air, níl an píosa seo simplí in aon chor. Eno don Uachtaránacht.

The KLF – ‘Wichita Lineman Was A Song I Once Heard’. (ón albam Chill Out, 1990)

Albam eile é Chill Out ar éist muid go minic leis agus sinn ag obair ar This Ascension Is Ours. Bhí an nós againn éisteacht leis tar éis lae sa stiúideo i mBéal Feirste. Is é ‘Wichita Lineman Was A Song I Once Heard’ an port is mó a sheasann amach. Turas atá i gceist, agus tá fáilte roimh shamplaí mar é agus tú ag obair ar albam de do chuid féin. 

Níos mó