Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bratach-nua-d’oilean-gaeltachta-in-albain-deartha-ag-buachaill-9-mbliana-d’aois

Bratach nua d’oileán Gaeltachta in Albain deartha ag buachaill 9 mbliana d’aois

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá bratach oifigiúil ag an oileán Gaeltachta, an t-Eilean Sgitheanach, den chéad uair agus é deartha ag buachaill naoi mbliana d’aois. 

Dúirt Calum Alasdair Munro as Cille Mhoire, baile beag san oileán, gur inspioráid a bhí in “oidhreacht Cheilteach” an oileáin agus an bhratach nua á dearadh aige, chomh maith le gnéithe eile de stair Eilean Sgitheanach ar nós theacht na Lochlannach agus scéal Fhionnghal nic Dhòmhnaill, a chabhraigh le Séarlas éalú chuig an oileán i ndiaidh Bhriseadh Chùil Lodair in 1745. 

Cuireadh 369 dearadh isteach ar an gcomórtas agus caitheadh os cionn 7,000 vóta ar fad le linn an chomórtais. Roghnaíodh dearadh Chaluim an tseachtain seo caite, agus crochadh an bhratach den chéad uair i bPort Righ, príomhbhaile an oileáin, ag searmanas speisialta an tseachtain seo. 

Fógraíodh an comórtas an samhradh seo caite nuair a lorg Comhairle na Gaidhealtachd cead ó Lord Lyon, an eagraíocht stáit atá freagrach as bratacha, araltas, agus siombailí oifigiúla na hAlban, bratach nua a dhearadh agus a chlárú don oileán Gaeltachta. 

Lorgaíodh dearthaí ón bpobal i bhfómhar na bliana seo caite, agus cuireadh 369 dearadh isteach — 200 acu ó pháistí na háite. Tháinig dearthaí eile thar sáile isteach ó gach cearn den domhan. Roghnaigh painéal moltóirí sé bhratach don ghearrliosta agus cuireadh na bratacha sin faoi bhráid an phobail.

“Ar mo bhratach, tá Birlinn [bád adhmaid a d’úsáidtí sna meánaoiseanna] agus cúig chéasla ann a sheasann do Thròndairnis, Bhàtairnis, Diùirinis, Minginis, agus Slèite [leithinisí an oileáin], agus smaoinigh mé faoin dath buí do Chlann MacLeòid agus an dath gorm do Chlann MhacDhòmhnaill nó Clann MhacFhionghain,” a dúirt Calum agus a dhearadh á mhíniú aige. 

Dúirt Keith MacKenzie, eagraí an chomórtais, ar an West Highland Free Press, go raibh “lúcháir” air le toradh an chomórtais agus go raibh an oiread sin spéis ag muintir na háite ann.

“Is iontach an dearadh é ach an rud eile faoi a chuaigh i bhfeidhm ar go leor daoine ná an bhrí a bhí taobh thiar de. Tarraingíonn sé gnéithe éagsúla Eilean Sgitheanach le chéile. Tá tagairtí ann don Chríostaíocht, dár n-oidhreacht Cheilteach, dár n-oidhreacht Lochlannach, agus do na Clanna. Anuas air sin, léiríonn na dathanna féin gurb é Eilean Sgitheanach seoid na hAlban,” a dúirt sé. 

Tá na bratacha nua á ndéanamh cheana féin agus beifear ag spreagadh gnólachtaí an oileáin an bhratach a chrochadh. Is féidir leis an bpobal iad a cheannach freisin agus rachaidh an brabach go Skye and Lochlash Young Carers.  

Níos mó