Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘caithfear-a-bheith-san-airdeall-faoi-thorthai-ardteiste’-–-stiurthoir-gretb

‘Caithfear a bheith san airdeall faoi thorthaí Ardteiste’ – Stiúrthóir GRETB

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) gur cheart go dtabharfaí “an-aird” ar mharcanna measta na múinteoirí agus torthaí na hArdteiste á mbronnadh ar dhaltaí ag tús na míosa seo chugainn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Tomás Mac Pháidín go raibh lucht an oideachais “airdeallach seachas imníoch” faoi bhronnadh na dtorthaí Ardteiste agus go rabhadar ag súil go nglacfaí le marcanna réamh-mheasta na múinteoirí.

“Dhéanfadh sé ciall dá dtabharfaí an-aird ar mharcanna measta na múinteoirí mar tá údar leis sin. Tá siad curtha isteach ag na daoine atá ag plé go proifisiúnta le scoláirí,” a dúirt Mac Pháidín.

Deir Stiúrthóir GRETB, a bhfuil 22 iarbhunscoil faoina chúram, go bhfuil “contúirt ann” go gcuirfeadh “córas ríofa na marcanna as a riocht”, mar a tharla ó thuaidh agus sa Bhreatain, ach go raibh sé ag súil nach dtarlóidh a leithéid chéanna i gcás na dtorthaí Ardteiste.

Tarraingíodh siar na chéad torthaí A-leibhéil a bronnadh ar dhaltaí ó thuaidh de réir algartaim a thug buntáiste do dhaltaí meánaicmeacha agus bronnfar ina n-áit marcanna measta na múinteoirí.

Dúirt Mac Pháidín go raibh lucht an oideachais “ag glacadh le focal na Roinne” nach dtarlódh a leithéid chéanna a chonacthas in áiteanna eile.

“Má thagann na gráid ríofa fríd mar a cuireadh na gráid mheasta isteach, ní bheidh aon deacracht ann ach má thagann rud éigint eile d’fhéadfadh buaiteoirí agus caillteoirí a bheith ina lár sin agus is deacair a fheiceáil go mbeadh níos mó buaiteoirí ann,” a dúirt Mac Pháidín.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna GRETB nach nglacfaí le “athruithe suntasacha ar ghráid áirithe” agus go mbeadh ar aon athrú a dhéantar ar mharcanna a bheith “comhchéimeach” agus déanta “trasna na tíre ar fad”.

“Má thagann athrú suntasach ar mharcanna áirithe beidh daoine ann a gheobhaidh an rud a raibh siad ag súil leis agus daoine eile nach bhfaighidh. Chruthódh sé sin fadhb, cinnte agus dúshlán,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil dóchas ag stiúrthóir GRETB nach gcruthófar “deacrachtaí ná dúshláin” do dhaoine, dúirt sé nach bhféadfaí a bheith cinnte de nach dtarlódh a leithéid go dtí go mbronnfar torthaí na scrúduithe stáit ar an 7 Meán Fómhair.

“Tá cúram agus obair curtha isteach ag na múinteoirí agus na scoileanna agus ag an gcóras trí chéile chun a chinntiú go bhfuil an marc ríofa mar ba cheart dó a bheith.

“Beidh orainn fanacht go mbeidh fianaise ann nuair a thagann na gráid amach an tseachtain seo chugainn go bhfuil siad mar ba chóir dóibh a bheith.”

Dúirt Mac Pháidín gurb é an “príomhrud” go bhfaigheadh daltaí marcanna atá “ag teacht lena gcuid cumas” maidir le “tairiscintí tríú leibhéal cuí” a fháil.

“Tá impleachtaí móra ag na scrúduithe seo do na daltaí atá i gceist. Is scrúduithe iad a osclaíonn doirse nó a dhúnann doirse ag brath ar cén chaoi a dtiteann siad,” a dúirt Stiúrthóir Scoileanna GRETB.

Idir an dá linn, is é “príomhfhócas na hoibre”, dar le Mac Pháidín, go n-osclófar na scoileanna “go sábháilte” an tseachtain seo.

“Tá go leor brú ar dhaltaí agus tuismitheoirí faoi láthair agus táimid ag iarraidh cuid den bhrú sin a laghdú,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Pháidín go raibh “ceist ann” fós faoi “dóthain múinteoirí a bheith ar fáil” le freastal ar dhaltaí i roinnt de scoileanna an GRETB agus “moill” ar an Roinn leithroinnt múinteoirí a cheadú.

“Bheadh sé cabhrach dá mbeadh sin glanta go sciobtha ionas gur féidir linn daoine a earcú, a cheapadh agus a chur isteach sna ranganna.”

Dúirt Tomás Mac Pháidín go raibh roinnt de na múinteoirí a ceapadh ar phainéal an GRETB “tar éis sleamhnú” uathu agus poist faighte acu i scoileanna a bhfuil an leithroinnt múinteoirí ceadaithe cheana féin dóibh.

Níos mó