Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-capaillini-chonamara-le-diol-agus-ceannach-‘ar-line’-den-chead-uair

Capaillíní Chonamara le díol agus ceannach ‘ar líne’ den chéad uair

| Mairtin O Cathain |

Díolfar agus ceannófar capaillíní Chonamara ‘ar líne’ níos deireanaí an mhí seo. Beidh deis ag daoine a gcuid capall a cheannach ar an idirlíon ag díolachán a bheidh ar siúl i Marglann an Chlocháin an 22 agus an 23 den mhí seo.

Seo é an chéad uair ar baineadh leas as an deis seo ag díolachán na gcapall dúchasach. An coróinvireas a thug ar lucht na marglainne a dhul i dtreo na teicneolaíochta. Beifear, ar ndóigh, in ann díol agus ceannacht a dhéanamh ar an láthair freisin ach go mbeidh rialacha sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm. Beidh teorainn dhocht leis an lear daoine a cheadófar istigh sa marglann féin.

Tarlaíonn sé gur díreach glan deich mbliana fichead an mhí seo a bunaíodh an mharglann sa gClochán agus tá ardán tugtha don chapaillín nach raibh aige cheana de bharr na ndíolachán a eagraítear ansin.

Feicfimid linn cén chaoi a dtiocfaidh lucht na gcapaillíní i gcleachtadh ar an mbealach nua seo. Tá daoine ann nach gceannódh capall ná beostoc gan amharc maith cruinn a fháil ar an ainmhí beo beathach os a gcomhair amach. Ach, i dtréimhse seo na héiginnteachta, is maith ann iad na deiseanna nua.

Níl mórán radharc ar bith a thugann léargas ar an gConamara traidisiúnta ná an capaillín i ngarraí sléibhe le teacht an fhómhair. Seo í mí mhór an chapaillín go traidisiúnta. Ach is mínádúrtha an rud é gur i mbliana an chéad bhliain ó bunaíodh Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara i 1923 a b’éigean an Seó Bliantúil a chur ar ceal. Ach an oiread le go leor imeachtaí eile bhuail an coróinvíreas buille fealltach ar an ócáid.

Ar a laghad, beidh an díolachán ar siúl agus scéal ann féin é sin.

I 1990, bhí sé ina chonspóid faoi chúrsaí marglainne i gConamara. Ní raibh a leithéid de rud ann roimhe sin. D’aon léim amháin, bhí pleananna faoi lán seoil le dhá mharglann a bhunú sa gceantar – ceann acu ar an Teach Dóite agus ceann eile sa gClochán. Bhíodh caint ann gur ar éigean a d’éireodh le marglann amháin i gConamara, gan trácht ar phéire. Ach bhí muintir Mhic Eochaidh as Uachtar Ard ar na maidí ar an Teach Dóite agus sa gClochán bhí fiontraí óg, John Sweeney, agus a dhream as an gCladach Dubh i dteannta Mhalachy Mac an Ríogh as an gCloigeann ag stocaireacht go láidir freisin. Theastódh airgead as cistí Eorpacha.  An cheist, cé a gheobhadh an t-airgead.

Bhí chaon dream ag gníomhú go láidir. Bhí cluasa te ag polaiteoirí. Bhí Mark Killilea ina Fheisire Eorpach agus é tarraingthe anonn agus anall.

Bhí réiteach ann sa deireadh a chuir iontas ar go leor. Ceadaíodh deontas do chaon dream. Bheadh dhá mharglann i gConamara.

Ní oibreoidís a deir lucht an éadóchais. Cén chaoi a gcoinneofaí dhá mharglann beo i gConamara, taobh tíre a bhí taobh cuid mhór le garrantaí sléibhe?

Cé gur iomaí cruóg a bhí ar an da mharglann in imeacht na mblianta rinneadar gnó maith agus tá marglann an Tí Dhóite agus marglann an Chlocháin beo beathach i gcónaí. Beithígh agus caoirigh is mó a bhíonn ar an Teach Dóite, áit atá i lár báire ag muintir Chonamara. Tagann feilméaraí as Maigh Eo go tréan ann freisin. Chomh maith le díol agus ceannacht na n-ainmhithe, cuidíonn an margadh freisin leis an óstán agus na gnóthaí eile atá ar an Teach Dóite.

Bíonn margaí beithíoch agus caorach acu sa gClochán freisin ach tá éacht ar leith déanta acu le díolacháin na gcapaillíní. Gnó áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta atá san obair atá ar bun ag lucht na marglainne. Bíonn 400 nó 500 capaillín ansin go hiondúil agus maireann na díolacháin ceathair nó cúig de laethanta. Ceithre ócáid acu sin a eagraítear i rith na bliana. Tagann cuimse daoine chun an Chlocháin dá mbarr seo, fiú sa ngeimhreadh agus san earrach.  Tagann ceannaitheoirí as tíortha ar fud na hEorpa. Cuireadh capaillíní as an gClochán chomh fada ó bhaile leis an Astráil, Meiriceá Thuaidh agus an Chóiré Theas. Fiú agus go mbíonn praghsanna ag ardú agus ag laghdú ar a seal, tá réimse nua margaí aimsithe ag lucht na gcapaillíní.

An té a thabharfaidh séirse siar ó thuaidh i gConamara na tráthnóntaí Fómhair seo, feicfidh sé capaillíní an cheantair fairsing go maith fós i ngarrantaí sléibhe. Is mór an spórt iad. Má dhíoltar “ar líne” féin cuid acu níos deireanaí an mhí seo, tá chuile chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh tuilleadh ina ndiaidh sna garrantaí sléibhe. Is mór is fiú deiseanna díolacháin a bheith ar leac an dorais.

Beag beann ar lucht an éadóchais, tá cruthaithe go maith ag marglann an Chlocháin le deich mbliana fichead.  Ní lú ná sin atá déanta ag marglann an Tí Dhóite.

Níos mó