Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comhartha-cumhachta-no-laige-e-bagairt-mheiricea-ar-an-tsin?

Comhartha cumhachta nó laige é bagairt Mheiriceá ar an tSín?

| Eoin O Murchu |

An comhartha cumhachta é fógra Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, go gcuirfidh sé cosc ar TikTok, agus go gcuirfidh sé iachall ar an gcomhlacht Síneach ByteDance a dhíol le Microsoft? Nó an comhartha laige é, comhartha go bhfuil an cogadh nuálaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an tSín caillte ag na Meiriceánaigh?

Sa gCogadh Fuar idir Meiriceá agus an tAontas Sóivéadach bhíodh an lámh in uachtar i gcónaí ag SAM – mar gur measadh go raibh an tír sin ag freastal níos fearr ar mhianta saolta an phobail ansin. D’fhógair Nikita Khrushchev sna seascaidí gur ag an té a chuirfeadh uirlisí tí, amhail innill níochán, ar fáil go fairsing a bheadh an bua sa gCogadh Fuar.

Mar a tharla chuir an córas rachmais níos mó den chineál sin trealaimh ar fáil, cé go raibh an bochtanas go forleathan freisin faoin gcóras sin agus deacrachtaí móra le cúrsaí sláinte, oideachais agus fostaíochta. Ach fuarthas réidh le Khrushchev toisc gur náirigh sé lucht ceannais na Rúise lena ghníomhartha tútacha, agus cheal athrú ar an mbealach oibre, bhí an córas Sóivéadach ciotrúnta is faiteach agus é ag dul i gcomórtas ó thaobh na nuálaíochta de.

Sampla suimiúil amháin de sin an obair a rinne lucht taighde na Sóivéide le stán a dhéanamh ar bhealach a bhí níos éifeachtaí ná mar a bhí ar fáil roimhe sin. Ach ní dhearnadh an taighde teibí acadúil sin a chur ag obair.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin cheannaigh na Sóivéadaigh muileann rollta stáin ón tSualainn. Bhí siad an-tógtha leis an muileann nua-aimseartha sin is d’fhiafraigh siad de na Sualannaigh cén chaoi ar smaoinigh siad air.

Go leathnáireach d’admhaigh na Sualannaigh gur bhunaigh siad an muileann nuálach ar an taighde Rúiseach!

Sin agat é: bhí an tAontas Sóivéadach ar fheabhas maidir leis an teoiric, ach rómhall maidir leis an nuálaíocht sin a chur i bhfeidhm, agus rómhall ag sásamh mianta saolta an phobail.

Is cosúil gur fhoghlaim na Sínigh ón stair sin. Níor thug siad cead a gcinn don lucht gnó ó thaobh na polaitíochta ach ghríosaigh is chothaigh an stát an fhiontraíocht. Is cuireadh cúnamh mór ar fáil don nuálaíocht. Ag eascairt as sin tá geilleagar na Síne ar an dara ceann is mó ar domhan, ar comhchéim le Meiriceá aon lá.

Rinne Obama, agus é ina Uachtarán, iarracht dul i bhfeidhm ar na Sínigh gan brú trádála a chur ar na Stáit Aontaithe, mar a rinne Bill Clinton roimhe.

D’oscail an tSín na geataí don infheistíocht ó Mheiriceá, agus thapaigh siad an deis le modhanna nua oibre a fhoghlaim agus táirgí na Síne a sheoladh isteach ar mhargadh inmheánach Mheiriceá.

Chaill Meiriceá jabanna de réir mar a tháinig borradh agus fás ar an tSín.

Chabhraigh an gheallúint a thug sé go gcuirfeadh sé deireadh cuid mhaith leis an tuile earraí Síneacha sin go Meiriceá le Donald Trump a thoghadh ina Uachtarán.

Ach tá an chosúlacht air go raibh sé ródhéanach. Níl infheistíocht Mheiriceánach riachtanach do gheilleagar na Síne. Tá Trump, mar sin, ag iarraidh tionchar SAM a úsáid le brú a chur ar an Eoraip agus ar thíortha rachmasacha na hÁise, na hAfraice is Mheiriceá Theas, gan dul rófhada ó thaobh caidreamh trádála a chruthú leis an tSín.

Ach mar a léiríonn cás Huawei maidir le 5G, tá an tSín go mór chun tosaigh sa chomórtas maidir le héifeachtacht agus costas na teicneolaíochta.

B’fhéidir go bhfuil Trump ag déanamh dearmad ar riail bhunúsach an rachmais – go mbíonn an focal scoir i gcónaí ag an margadh. Dá réir, tá fonn ar go leor den domhan glacadh le teicneolaíocht Huawei, mar gurb í is fearr.

Maidir leis na Sínigh, tá fás geilleagrach na tíre á cheangal acu le hiarracht fhíochmhar taidhleoireachta – an Tionscnamh Creasa is Bóthair mar a thugtar anois ar an straitéis sin. Faoin straitéis sin déanann an tSín infheistíocht in infreastruchtúr i dtíortha agus in eagraíochtaí ar fud na cruinne.

Tá bolscairí an Iarthair i ndiaidh an tionscnamh seo a ionsaí ar an gcúis gur dúshaothrú atá ann ar gheilleagair na dtíortha eile, ach is léir nach mar sin atá agus tá tír i ndiaidh a chéile ag glacadh leis an scéim, fiú an Bhrasaíl agus áiteanna eile i Meiriceá Theas.

Is céard atá ar fáil ó Mheiriceá? Tada i gcomparáid lena bhfuil ar fáil ón tSín, ach brú orthu beannú don ‘Bhráthair Mór’ agus gach a n-ordaítear dóibh a dhéanamh.

Níl an cath caillte fad ag na Meiriceánaigh, ach má tá orthu an lámh láidir a bhagairt ar a gcuid comhghuaillithe, is léir go bhfuil siad i dtrioblóid. Sin é an fáth go bhfuil Trump ag géarú ar a chuid bagairtí.

Ach ní le Trump amháin a bhaineann an fhadhb seo, mar is í fadhb Mheiriceá í mar beidh an polasaí céanna agus an iarracht chéanna – agus is dócha an teip chéanna – ann más é Biden a thoghfar chun an Teach Bán.

Níos mó