Beidh áit lárnach ag an gcraoltóir aitheanta Gaeltachta Cormac Ó hEadhra i sceideal nua RTÉ a fhógrófar amarach.
Bhí caint ann le tamall go dtógfadh clár le Seán O’Rourke áit an chláir Saturday with Cormac Ó hEadhra ach ní bheidh O’Rourke le cloisteáil níos mó ar RTÉ de bharr na conspóide faoi dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán.
Clár eile atá á lua le Ó hEadhra, áfach, This Week an Domhnaigh, an clár cúrsaí reatha raidió is faide ar an aer ar RTÉ.
Cainteoir dúchais Gaeilge as an gCeathrú Rua i gConamara é Ó hEadhra a chuireann Nuacht a hAon i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith.
Roimhe sin cuireadh sé an clár Cormac ag a Cúig i láthair ar an stáisiún céanna.
Buille mór do RTÉ Raidió na Gaeltachta é ról nua Uí Eadhra mar go gciallaíonn sé go mbeidh siad d’uireasa duine de na láithreoirí is aitheanta agus is cumasaí dá bhfuil acu.
Cé go raibh sé á thuar i mbólaí áirithe go mbeadh Ó hEadhra thíos le filleadh Seán O’Rourke ar RTÉ, tuigtear do Tuairisc.ie go raibh fear na Ceathrún Rua lárnach i gcónaí i bplean lucht bainistíochta RTÉ mar a bhfuil ag méadú ar a cháil agus a stádas le tamall de bhlianta anuas.
A fhianaise sin go raibh sé á lua ní hamháin le This Week ach mar chomhláithreoir, le Sarah McInerny, ar Drivetime.