Tá cuardach aeir agus farraige ar siúl ar chóstaí Chonamara agus chontae an Chláir ó mhaidin do bheirt bhan atá ar iarraidh ó chuaigh siad amach ar chadhcanna nó ar chláir cheaslóireachta ó Thrá na bhForbacha aréir.
Chuir na seirbhísí cuardaigh agus tarrthála tús lena gcuid oibre ag 9.30pm aréir nuair nár fhill na mná agus chuathas ina bhun arís go moch ar maidin. Níl aon eolas tugtha go hoifigiúil faoi na mná atá ar iarraidh ach tuairiscítear go háitiúil go bhfuil duine acu 17 bliana agus an duine eile 22 bliana d’aois agus gur as ceantair Chnoc na Cathrach i gcathair na Gaillimhe iad.
Creidtear go raibh seaicéid tarrthála orthu beirt ach nach raibh siad ag caitheamh cultacha uisce.
Tá báid agus héileacaptar ón nGarda Cósta páirteach san iarracht teacht ar na mná agus tá na Gardaí i mbun comhordaithe ar an gcuardach cois cladaigh. Bhailigh thart 100 duine ag Cé an Spidéal ag 9.30am le cúnamh a thabhairt sa gcuardach. Roinneadh iad i ngrúpaí beaga agus tá siad curtha ag siúl an chladaigh idir na Forbacha agus Indreabhán faoi láthair. Tá grúpa eile i mbun cuardaigh ar chósta chontae an Chláir.
Dúirt bádóir amháin a bhí páirteach sa gcuardach ó 7.30am le Tuairisc.ie go bhfuil fórsa 4 leis an ngaoth Anoir-Aduaidh ansin faoi láthair.