Deir Bainisteoir Raidió na Life gur “díspreagadh” é gradam nua an Oireachtais a bhronnfar ar ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’ ag na Gradaim Chumarsáide den chéad uair i mbliana.
Fógraíodh an gradam nua le déanaí agus é mar aidhm ag lucht an Oireachtais aitheantas a thabhairt do chraoltóirí “as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte”.
Dúirt an léachtóir agus iarchraoltóir aitheanta Norita Ní Chartúir le Tuairisc.ie gur chuir sí fáilte roimh an ngradam ach go raibh sé “truamhéalach ach réalaíoch” go bhfuil a leithéid ag teastáil agus í den tuairim go raibh sé “an-deacair” sárchraoltóir sna meáin Ghaeilge a fháil.
Idir an dá linn, chothaigh an gradam nua roinnt mhaith conspóide ar líne agus léirigh saineolaithe teanga tuairimí éagsúla ar an cheist.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Muiris Ó Fiannachta, atá ina bhainisteoir ar Raidió na Life, stáisiún raidió pobail Gaeilge i mBaile Átha Cliath nach n-aontaíonn sé lena leithéid de ghradam.
“Mar Bhainisteoir Stáisiúin Raidió na Life ceapaim gur díspreagadh, seachas spreagadh, is ea é seo do na scórtha craoltóirí díograiseacha nach as an nGaeltacht dóibh, atá ag treabhadh leo sna meáin chumarsáide Ghaeilge.
Dúirt Ó Fiannachta go mbeadh “ionadh” air mura mbronnfaí an gradam don chraoltóir ‘solabhartha’ ar chainteoir dúchais Gaeltachta “i mbliana agus gach bliain feasta” agus go dtugann sé teachtaireacht dhiúltach do chraoltóirí a d’fhoghlaim an teanga.
“An teachtaireacht a thugann sé sin dóibh siúd a rugadh lasmuigh den nGaeltacht – agus is é sin formhór mór na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa tír seo – ná nach bhfuilimidne maith go leor mar chainteoirí Gaeilge, agus nach mbeidh riamh.
“An mbeadh sé nádúrtha don té arb as Baile Átha Cliath dó labhairt i mBéarla le blas na Gaillimhe nó blas Chiarraí nó blas Dhún na nGall? Dar ndóigh ní bheadh. Bheadh sé ait agus mínádúrtha,” a dúirt bainisteoir Raidió na Life.
Dúirt Ó Fiannachta nach bhféadfaí a bheith ag súil go labhródh craoltóirí as Baile Átha Cliath i gcanúint Chonamara, Chiarraí nó Dhún na nGall mar nach Gaeilge “nádúrtha” a bheadh á labhairt acu.
Aontaíonn Ó Fiannachta le tuairim an tsaineolaí teanga John Walsh gurb “ait” go ndéanfaí gradam a bhronnadh do ghné ar leith den chraoltóireacht agus go gcuirtear san áireamh cumas labhartha an chraoltóra don ghradam a bhronntar ar ‘Phearsa Raidió na Bliana’ gach bliain.
“Cheapfainn go bhfuil na slata tomhais atá luaite ‘cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte’ – – clúdaithe cheana féin sna gradaim a bhronntar chuile bhliain do Phearsa Raidió agus Teilifíse na Bliana.
“Dá nglacfá leis go raibh ar a laghad cuid mhaith de na critéir sin á n-úsáid chun na craoltóirí Gaeilge is fearr ar an raidió agus ar an teilifís, dar leis na moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí chuile bhliain, a roghnú, tá sé ait go gcruthófaí rannóg iomlán nua chun an tsolabharthacht, mar ghné inti féin, a cheiliúradh le duais eile,” a dúirt Muiris Ó Fiannachta.