Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-naoi-n-uirlis-ba-cheart-a-bheith-i-do-bhosca-uirlisi

Naoi n-uirlis ba cheart a bheith i do bhosca uirlisí

| Niamh Ni Shuilleabhain |

Sa cholún nua seo ó Niamh Ní Shúilleabháin, nó ‘Déan Féin É’ mar is fearr aithne uirthi ar Instagram, tabharfaidh Niamh leideanna duit faoi cén chaoi feabhas a chur ar do theachín féin gan dul i muinín lucht ceirde!

An aithneofá siséal ó scriúire? Ar chroch tú pictiúr riamh? An bhfuil druilire agat? Más freagra diúltach a thug tú ar cheann ar bith de na ceisteanna seo ná bí buartha. Táim anseo le rá leat nach bhfuil tú i d’aonair agus ní haon chúis náire é. Cén fáth go mbeadh taithí ag éinne ar uirlisí láimhe muna n-oibrímid leo gach lá? Ach ní hé sin le rá nach féidir linn muid féin a chur ar an eolas fúthu.

An phríomhchúis, mar a fheictear domsa é,  go mbíonn drogall ar dhaoine tabhairt faoin ‘Déan-Féin-É’ (DFÉ) ná nach bhfuil na huirlisí cuí acu. Níl a dhath níos measa ná a bheith ag brath ar dhuine éigin eile chun gach uile mionrud a dhéanamh duit agus is deacair gar a iarraidh ar dhuine go minic. 

Díreach cosúil le fearas garchabhrach a bheith againn inár dteach in áit dul chuig an dochtúir agus iarradh air bindealán a chur ar ghearradh nó aire a thabhairt do mhionghortú, ba chóir dúinn uilig bosca uirlisí a bheith againn in áit duine eile a lorg chun pictiúr a chrochadh fiú. 

Agus bliain go leith caite agam ag cur fúm i mo theach féin, anois táim go láidir den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos sásúla triail a bhaint as rud éigin a dhéanamh ar do chonlán féin in áit fanacht ar dhuine deaslámhach chun lámh chúnta a thabhairt duit nó, níos measa fós, duine a íoc chun jab beag a dhéanamh. 

Sula dtosnóidh tú ar bhóthar an DFÉ-eachais áfach, beidh roinnt uirlisí ag teastáil uait. Is fiú go mór bailiúchán uirlisí a chruinniú agus cur leis thar thréimhse ama. Bailíonn brobh beart, agus bíonn margaí ar uirlisí in Aldi agus Lidl go mion minic. 

Ní gá duit an t-airgead a thabhairt ar láimh ach uair amháin agus ansin is leatsa an uirlis go deo. Faoin am a bheidh roinnt rudaí déanta agat leis, beidh an uirlis tar éis íoc as féin. Seo a leanas na huirlisí is mó a mholfainn do thosaitheoir DFÉ a bheith ina bhosca uirlisí aige:

Scriúire leictreach 

Seo an chéad uirlis a cheannaigh mé agus bheinn caillte dá uireasa. Cheannaigh mé mo cheannsa in Ikea ar €9. Tá rogha leathan ceann leis agus luchtaire chomh maith. Is uirlis riachtanach é le troscáin leacphaca a chur i dtoll a chéile. 

Miosúr

Ní dóigh liom go gcaithfidh mé míniú a thabhairt anseo ach bíonn miosúr ar iompar agam i mo mhála láimhe an t-am ar fad. An chéad uair a chonaic mé mo theach nua, bhí miosúr agam agus tagann sé ag siopadóireacht liom ó shin, ar eagla go bhfeicead an stól coise ba fhoirfe nó péire cuirtíní ar leathphraghas. 

Lann

Agus mé i mbun brabhsála sa phasáiste lárnach in Aldi nó Lidl lá, bhí paicéad lann ann agus cheap mé go mbeidís úsáideach chun seanphéint a bhaint as frámaí na bhfuinneog, agus bhí. Ach táim tar éis an méid sin úsáide a bhaint astu nó gur cheannaigh mé dhá phaicéad eile ó shin. An rud is fearr fúthu ná go mbaineann siad péint, greamáin, puití is araile agus ní fhágtar lorg ar bith. Tá siad thar a bheith úsáideach chomh maith mar uirlis ghearrtha le haghaidh pháipéir balla nó chairpéid.

Scríobaire péinte

Má bhíonn péint silte le baint agat nó líonach le scaipeadh, beidh scríobaire péinte ag teastáil uait. Bí cinnte go nglanann tú é gach uair le cinntiú nach bhfuil aon líonach nó péint greamaithe leis.

Casúr ladhrach

An phríomhfheidhm a bhíonn le casúr ladhrach ná tairní a bhuaileadh isteach nó a bhaint amach as adhmad, ach ní do thairní amháin a úsáidtear casúir. Is féidir leat casúr ladhrach a úsáíd chun adhmad a scoilteadh nó fiú tíleanna a bhaint de bhallaí nó den urlár, agus síseal agat. Nuair a cheannaigh mé mo theach, bhain mé aníos urlár iomlán tíleanna i m’aonair gan ach casúr agus siséal i mo ghlac. 

Greanóir leictreach

Úsáidtear greanóir leictreach chun píosa adhmaid a dhéanamh mín, ach tá i bhfad níos mó féidearthachtaí le baint as. Poll sa bhalla nó scoilt sa tsíleáil? Líon le líonach, tarraing an greanóir thairis, brat péinte agus jab déanta. Is féidir an páipéar scríobach a athrú, ag brath ar an ndromchla atá i gceist agus an bhailchríoch atá ag teastáil uait. Tá cinn bhunúsacha ar fáil ar níos lú ná €30. Arís, cheannaigh mé mo cheannsa in Lidl ar thart ar €24. 

Leachtleibhéal

Léirítear le leachtleibhéal cé acu an bhfuil dromchla cothrom nó nach bhfuil. Níl rud níos measa ná a bheith ag féachaint ar phictiúir a crochadh ar an mballa go míchothrom nó fáil amach ag deireadh tionscnaimh adhmadóireachta go bhfuil an t-adhmad gearrtha ar fiar agat. Cinnteofar le leachtleibhéal nach dtarlóidh a leithéid. 

Sábh láimhe

Ní fheidhmíonn sábh láimhe ach i línte díreacha agus mar sin ní oireann sé do thionscnaimh mhóra adhmadóireachta, ach má tá adhmad pailéid le gearradh agat nó maide cuirtíní atá orlach ró-fhada, seo an uirlis duit. 

Gunna Staplaí

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Caithfidh mé a admháil gurb í an t-aon chúis a bhfuil gunna stáplaí agam ná go bhfaca mé ceann ar sladmhargadh in Lidl ar €4 agus chaith mé isteach sa chiseán é. Ach anois feicim cé chomh úsáideach is atá sé agus mholfainn d’éinne ceann a cheannach. Táim tar éis suíocháin bhinse a chlúdach le fuílleach éadaigh, pailéad grianghraf a dhéanamh agus stólta beáir a athchlúdach le mo cheannsa.

Sin agat na moltaí atá agamsa chun bosca uirlisí do thosaitheoirí a chruinniú. Is í an easpa muiníne as ár gcumas féin an rud is mó a chuireann bac orainn dul amach agus uirlisí a cheannach agus dul i mbun DFÉ ach geallaimse daoibh, más féidir liomsa na huirlisí seo a úsáid, is féidir le héinne. 

Má tá spreag an t-alt seo thú chun tabhairt faoin vardrús leacphaca sin atá ag bailiú dusta sa bhosca a chur le chéile, nó na portráidí clainne a chrochadh ar an staighre, ná smaoinigh air a thuilleadh ach déan é. Cad e an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú? Go n-eirí leat!

Níos mó