Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
noopsarshaothar-eile-o-dhiarmuid-johnson

Sárshaothar eile ó Dhiarmuid Johnson é ‘Éadaoin’

| Maitiu O Coimin |

Is annamh a éiríonn le húdar Gaeilge tríológ a chur i gcrích. Rinne Liam Mac Cóil é níos luaithe i mbliana nuair a foilsíodh Bealach na Spáinneach, agus tá sé déanta anois ag Diarmuid Johnson, a chuir an leabhar deireanach i ‘Tríológ na Teamhrach’ amach an mhí seo caite — Éadaoin.

Más annamh an tríológ Ghaeilge is annaimhe fós an tríológ a bhfuil an moladh céanna tuillte ag na trí leabhar atá inti. Caithfidh go bhfuil draíocht Thuatha Dé Danann i dtoibreacha Indreabháin, mar seo chugainn an dara tríológ ó Leabhar Breac a bhfuil gach leabhar inti chomh maith céanna leis an gceann a tháinig roimhe.

Sa saothar nua seo ó pheann Dhiarmada Johnson, ríomhtar scéal Éadaoine — “scéal mór grá na Sean-Ghaeilge”. Tá an scéal curtha i bhfoirm úrscéil a Johnson, agus é bunaithe ar mhíreanna agus sleachta as Leabhar na hUidhre agus Leabhar Buí Leacan.

Tá i bhfad níos mó cumadóireachta sa leabhar seo ná mar a bhí i Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann, an dá leabhar eile i Tríológ na Teamhrach. Míníonn Diarmuid sna nótaí a ghabhann leis an scéal ag cúl an leabhair gurbh éigean dó dul i mbun na cumadóireachta le blúiríní as lámhscríbhinní nach raibh ach “sé mhíle focal nó mar sin” ann a chur in oiriúint d’úrscéilín a bhfuil os cionn 20,000 focal ann.

Ach is cuma sin, mar ní thabharfadh an gnáthléitheoir (an léitheoir seo ina measc) faoi deara cá stopann na sleachta atá bunaithe ar ábhar ón tseanaois agus cá dtosaíonn ceapadóireacht Johnson, tá an leabhar ar fad chomh snasta dea-scríofa sin.

Murab ionann agus scéalta Tuatha Dé Danann, níl scéal Éadaoine chomh cáiliúil sin i measc an ghnáthphobail sa lá atá inniu ann, ach tá scéalaíocht iontach agus saibhreas thar na bearta le fáil sa leagan nua seo, agus ba mhór an feall murar léifeadh Gaeil an lae inniu é.

Tá moladh mór tuillte ag Diarmuid Johnson agus ag Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac as an obair mhór atá déanta acu le blianta beaga anuas a oidhreacht agus a dúchas saibhir liteartha na tíre seo a chur ar shúile na nGael dóibh.

Is mór an pléisiúr na scéalta dúchais seo a léamh i nGaeilge na linne seo, agus iad curtha i láthair ar bhealach chomh glan snasta sin. Ar cheann de bhuanna móra Thríológ na Teamhrach, tá an cló agus dearadh néata mealltach.

Ní fiú scéal eachtraíochta a inseacht murar bhfuil léarscáil dheas ag tús an leabhair ar ar féidir leis an léitheoir láithreacha móra an aicsin a fheiceáil, agus tá dearadh álainn ar léarscáileanna Leabhar Breac in Conaire Mór, Tuatha Dé Danann, agus Éadaoin araon.

Tá an friotal ábhairín níos casta in Éadaoin, in áiteanna, ná mar a bhí sa dá leabhar eile sa tsraith, ach chuige sin tá gluais agus nóta mínithe ar fáil ag cúl an leabhair, a chabhróidh go mór leis an léitheoir sásamh iomlán a bhaint as an saothar.

Cé go bhfuil deireadh tagtha le Tríológ na Teamhrach anois, tá súil agam nach bhfuil deireadh tagtha le scríbhneoireacht Dhiarmada Johnson ná togra Leabhar Breac na seanscéalta a athnuachan do léitheoirí an lae inniu — tá go leor den Fhiannaíocht agus an Rúraíocht nár foilsíodh i nGaeilge ár linne go fóill.

Is féidir Tríológ na Teamhrach a cheannach ó Leabhar Breac anseo.

Níos mó