Tá radharc neamhghnách le feiscint i nGaeltacht Chorca Dhuibhne faoi láthair agus 235 cros bhán curtha anairde i ngort i mBaile na bPoc chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa cheantar.
Gníomh agóide atá sa saothar ealaíne pobail a bhaineann le cás an cheoltóra aitheanta as Baile na bPoc, Breanndán Ó Beaglaoich, a bhfuil ráite aige go mb’fhearr leis dul chun príosúin ná géilleadh d’ordú Chomhairle Contae Chiarraí a thigh soghluaiste adhmaid a bhogadh.
Seasann na crosanna don líon daoine a bhí ina gcónaí i mBaile na bPoc roimh an nGorta Mór – 235 in 1841.
Níl fágtha inniu sa bhaile fearainn i bParóiste Mórdhach ach timpeall dháréag agus deir Breanndán Ó Beaglaoich go leanfaidh sé dá fheachtas ar mhaithe lena chlann agus le daoine óga sa Ghaeltacht a ndiúltaítear cead pleanála dóibh ar a dtalamh féin.
Thóg an ceoltóir an tigh adhmaid ar leantóir leoraí in 2015 i ndiaidh dó 13 bliain a chaitheamh i mbun iarratas ar chead pleanála chun tigh a thógaint ar fheirm a mhuintire mar a rugadh agus a tógadh é.
Maíonn Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil an tigh ag cur isteach an iomarca ar an tírdhreach agus go bhféadfadh nós a bhunú i dtaobh forbairt ribíneach fho-uirbeach i gceantar oscailte leochaileach.
Tá séanta ag an gComhairle go bhfuil aon éagóir á déanamh ar mhuintir na Gaeltachta i dtaobh cead pleanála agus deir siad gur ceadaíodh 70% de na hiarratais ar chead pleanála sa cheantair idir Márta 2015 agus 31 Nollaig 2019.