8 múinteoir Gaeilge le leanúint ar Instagram
An bhfuil fonn ort tuilleadh ábhar Gaeilge a fheiceáil ar Instagram? Tá an-chuid leathanach Gaeilge ar Instagram faoi láthair atá dírithe ar fhoghlaim na teanga agus í a spreagadh. Roghnaigh muid 8 múinteoir Gaeilge le leanúint ar Instagram láithreach bonn!
Múinteoir Gaeilge | Gaeilge Vibes
View this post on Instagram
What the fliuch….😓 Seachain: avoid.
A post shared by Gaeilge Vibes I Siobhán (@gaeilgevibes) on
Is múinteoir Gaeilge í Gaeilge Vibes a chuireann béim ar imeartas focal. Má thaitníonn imeartas focal leat caithfidh tú súil a chaitheamh ar an gcuntas seo.
Cuireann Gaeilge Vibes ábhar den chineál seo gliondar ar do chroí, is fiú í a leanúint!
Múinteoir Gaeilge | Foghlaim Liom
Cuireann Foghlaim Liom réimse leathan acmhainní ar fáil do mhuínteoirí Gaeilge agus do dhaltaí araon.
Le téama pastalach is cinnte go gcuirfidh sé seo go mór le d’amlíne ó thaobh na haeistéitice de.
Múinteoir Gaeilge 2020
Is cuntas Instagram an-mhaith é seo atá dírithe ar ghramadach na Gaeilge.
Cuirtear leideanna ar fáil i mbealach deas néata le cuidiú leat bunrialacha na Gaeilge a thuiscint.
Múinteoir Gaeilge | GripswitGaeilge
Más spéis leat dul i ngleic leis na deachrachtaí is coitianta ó thaobh gramadaí na Gaeilge de, is fiú súil a chaitheamh ar an méid ábhair atá curtha ar fáil ag an leathanach GripswitGaeilge.
Ní bheidh díoma oraibh!
Múinteoir Gaeilge – Craic le Gaeilge
Tugann Múinteoir Ricky léargas iontach dúinn ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le gramadach na Gaeilge.
Má tá spéis agat i gcúrsaí gramadaí is fiú é a leanúint!
Múinteoir Meg
Má tá suim agat i gcúrsaí faisini, saoil agus Gaeilge is í Múinteoir Meg an tionchaire Instagram duit. Cuirtear foththeidil ar gach scéal Instagram dá chuid níl iontas ar bith é go bhfuil an-dúil ag foghlaimeoirí uirthí.
Is cuntas an-mhaith é seo más maith leat cur le do chuid stór focal.
Múinteoir Gaeilge | Labhair liom
Is múinteoir Gaeilge agus craoltór raidió é Labhair liom. Tá an cuntas seo iontach cabhrach dóibh siúd atá sa tóir ar ‘Nathanna Cainte’ le cur le do chuid shaibhreas teanga.
Tá réimse leathan ábhar curtha ar fáil ag Labhair liom i mbealach atá dearfach agus sothuigthe.
Múinteoir Nicoleee
Baineann Múinteoir Nicole úsáid as stíl tharraingteach lena cuid ábhar Gaeilge a chur chun cinn.
Seo thuas sampla den chineál ábhar atá ar an leathanach.