Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘an-chead-diospoireacht-uachtaranachta-i-meiricea-thart-agus-2020-eirithe-nios-measa-aris’

‘An chéad díospóireacht uachtaránachta i Meiriceá thart agus 2020 éirithe níos measa arís’

| Eoin O Cathain |

Mar is eol d’éinne a bhfuil aithne acu orm (nó a chonaic mo chuntas Twitter), cuirim suim mhór i bpolaitíocht Mheiriceá. 

Ba ghnách liom na scannalacha agus na scéalta a leanúint, agus taitneamh a bhaint as an gconspóid gan stad a bhaineadh le cúrsaí polaitíochta sna Stáit. Bhí spraoi ann! 

Ó 2016, an bhliain a toghadh Donald Trump ina uachtarán ar an tír is cumhachtaí ar domhain, áfach, is oth liom a rá go bhfuil an spraoi sin imithe.  Anois, cuirim suim ann mar go bhfuilim buartha go dtitfeadh an daonlathas as a chéile ann; leanaim na scéalta ar fhaitíos go dtosnófaí an Tríú Cogadh Domhanda. 

Reachtáladh an chéad díospóireacht uachtaránachta den fheachtas aréir agus ba chosúil le cogadh domhanda é, mar a tharlaíonn sé. Tháinig Donald Trump, Uachtarán Poblachtánach Mheiriceá, agus iarrthóir na nDaonlathach, an t-iar-LeasUachtarán Joe Biden, le chéile ar an stáitse in Ohio le plé a dhéanamh ar na hábhair is tábhachtaí do shaoránaigh na Stát. 

Ní dhearnadh plé cuimsitheach ar ábhar ar bith, ach rinneadh slad ar an bpróiseas daonlathach. 

Screadáil, búireach, caint ghonta, maslaithe pearsanta; agus tuilleadh mar é ar fad tar éis 15 nóiméad. Tháinig Donald Trump roimh Joe Biden gach uair a labhair an t-iar-LeasUachtarán – in ainneoin iarrachtaí an chathaoirligh, Chris Wallace ó Fox News, stop a chur leis. 

Thug Biden le fios go raibh sé ag deireadh na feide nuair a d’impigh sé ar Trump a chlab a dhúnadh – tar éis fiche nóiméad. Caithfear a rá go raibh Trump é féin níos achrannaí le linn na díospóireachta; níor thug sé deis dá chéile comhraic aon tuairim a thabhairt, mhaslaigh sé clann Biden, ach go háirithe mic Biden – duine amháin acu atá ar shlí na fírinne, agus ba léir nach raibh ullmhaithe aige ach na líomhaintí a chuir sé i leith Joe Biden ó thús deireadh. 

Iarradh ar Trump labhairt amach i gcoinne grúpaí ciníocha; dhiúltaigh sé don iarratas simplí sin. Tugadh ainmneacha ar an mbeirt iarrthóirí, agus chuaigh lucht Twitter ar mire agus iad ag iarradh teacht ar thuiscint ar a raibh ar siúl. Lean an argóint ar aghaidh ar feadh uair go leith, a fágadh an lucht féachana díomách agus trína chéile ag an deireadh. 

Iarradh orm cúpla uair inniu achoimre a dhéanamh ar an díospóireacht aréir. Is deacair sin a dhéanamh gach focail mhóra a úsáid, mar a rinne an t-iriseoir Dana Bash ar CNN aréir nuair a chuir sí síos ar an ócáid mar “shitshow”. Aontaím léi, agus níl cur síos níos fearr ann. 

Táthar ag súil le péire eile, ag an bpointe seo níl a fhios agam an molfainn féachaint orthu — mura mbíonn deoch láidir i do láimh agat.

Níos mó