Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-camchuairt-ye-vagabonds-+-cormac-begley-agus-imeachtai-eile

Camchuairt Ye Vagabonds + Cormac Begley agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Tonn-Fuaime // Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, 11-25 Meán Fómhair 2020

Inniu an chéad lá de thaispeántas ealaíne atá le feiscint in Ionad an Bhlascaoid, i nDún Chaoin. Grúpa d’ealaíontóirí na háite atá páirteach, sin iad Deirdre McKenna agus a deirfiúr Ciara; mar aon le hÁine Ní Chíobháin; a hathair Tomáisín; agus Honora O’Neill. Tá íomhánna feicthe agam den taispeántas ar líne cheana féin, agus tá cuma bhreá ar na pictiúir. 

Tonn-Fuaime atá mar theideal air, agus beidh deis agaibh freastal ar an taispeántas, as seo go dtí an 25 Meán Fómhair. Beidh an tIonad ar oscailt déanach ar an Oíche Chultúir, má tá fonn spaisteoireachta oraibh in onóir na hócáide sin. Beidh tuilleadh eolais ar an leathanach seo faoi imeachtaí na oíche speisialta sin, an tseachtain seo chugainn!

Seimineár gréasáin ar Ghearrscéalta Uí Chadhain, Dé hAoine 18 Meán Fómhair 

Tá Seimineár Idirnáisiúnta eagraithe ag Cló Iar-Chonnacht, i bpáirt le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh chun iniúchadh úr agus athléamh a dhéanamh ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain. Beidh saineolaithe éagsúla ó cheithre thír éagsúla ag léiriú a gcuid suime agus eolais faoi ghearrfhicsean an scríbhneora ag an ócáid seo, a bheidh ag tarlú ar líne. Is i rith an lae, on 10:00-16:00 a bheidh sé ar bun agus is féidir le 100 duine freastal air, ach clárú roimh ré, ag an nasc áirithe seo.

Rónán Ó Snodaigh // Connolly’s, An Léim, Corcaigh, Dé Sathairn 12 Meán Fómhair @ 19.30

Is deas a bheith in ann a bheith ag trácht arís ar cheolchoirmeacha agus imeachtaí beo. Tá gan dabht, rialacha agus srianta nach bhfacthas cheana i bhfeidhm lena leithéid, ach léiríonn sé gur féidir fós leanúint ar aghaidh ag soláthar siamsaíochta.

Is faoi Rónán Ó Snodaigh a bheidh an cúram sin tráthnóna amárach agus é ag seinnt in Connolly’s, i gCorcaigh, ionad mór ceoil. Lean Rónán ar na meáin shóisialta chun eolas a fháil faoi na dátaí eile a bheidh sé le feiscint agus é ar an mbóthar. 

Ócáid fhilíochta le Ó Bhéal, ar líne, Dé Luain 14 Meán Fómhair @ 20:30

Bhí deis agam le déanaí an file Julie Walsh-Banwait a chur faoi agallamh don gclár Tús Áite, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus í ag trácht ar a saothar ‘Dánta Póca’. Is as Conamara do Julie, ach tá sí ag cur fúithi san Astráil le blianta. Is í atá ar dhuine de bheirt fhilí a bheidh páirteach in ócáid atá eagraithe ag ‘Ó Bhéal’, dream a chuireann ócáidí filíochta agus litríochta ar siúl ar bhonn rialta i gCorcaigh den chuid is mó (nó ar líne).

Nuala Ní Dhomhnaill an file eile a bheidh le clos ag an ócáid fhíorúil seo, an séú huair dá leithéid a bheith eagraithe. Is i gcomhar le Foras na Gaeilge atá an imeacht dhátheangach seo agus is féidir leatsa a bheith ina dteannta beirt, ach clárú. Seol ríomhphost chuig info@obheal.ie nó caith súil ar leathanach Facebook na heagraíochta ar an oíche le bheith ag faire. 

Camchuairt an bhanna Ye Vagabonds le Cormac Begley, 17-26 Meán Fómhair 2020

Tá sraith coirmeacha beartaithe ag an mbanna Ye Vagabonds, in éineacht leis an gceoltóir Duibhneach, Cormac Begley. Is sraith de chuid Music Network atá i gceist leis na deartháireacha Mhic Ghloinn agus boscadóir Bhaile na bPoc.

Timpeall na tíre ar fad a bheidh a dtriail: tosóidh siad ar an 17 Meán Fomhair i nDún Laoghaire na hardchathrach sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Shligeach, Corcaigh, An Clár, Co. Laoise, an Ghaillimh agus Dún na nGall. Is féidir gach eolas a fháil faoi dhátaí srl, ach cuairt a thabhairt armusicnetwork.ie

An tseachtain seo áfach, seo na dátaí agus sonraí a bheidh ag teastáil uaibh, más áil libh iad a fheiscint: 

Déardaoin 17 Meán Fómhair, An Pavilion i nDún Laoghaire;

Dé hAoine 18 Meán Fómhair, Hawk’s Well, i Sligeach.

Níos mó