Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-duch-fomhair:-comortas-dar-leitheoiri-ealaionta!

Dúch Fómhair: Comórtas dár léitheoirí ealaíonta!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil comórtas eile againn daoibh an tseachtain seo!

Beidh ealaíontóirí ar fud na cruinne ag cur tús le ‘Inktober’, nó ‘Dúch Fómhair’ mar atá baiste ag na Gaeil air, Déardaoin. Dúshlán idirlín atá i gceist le Inktober ina ndéanann ealaíontóirí iarracht pictiúr dúigh a chrochadh ar na meáin shóisialta gach uile lá ar feadh na míosa Deireadh Fómhair.

Tá duais iontach againn i mbliana dár léitheoirí ealaíonta ar mhaith leo tabhairt faoin dúshlán — prionta álainn Gaelach ón ealaíontóir Brian Ó Muirí ón suíomh ‘Blag Beag’. Bronnfaidh Brian prionta Gaelach dá chuid ar dhuine de léitheoirí NÓS a bheidh ag glacadh páirte i ndúshlán Dúch Fómhair i mbliana. 

Is gá na céimeanna seo a leanas a dhéanamh le cur isteach ar an gcomórtas:

1) Na leideanna a chum Jake Parker ó Inktober a leanacht le híomhánna dúigh a chruthú

2) D’íomhá a chrochadh ar na meáin shóisialta faoin haischlib #dúchfómhair2020

3) Clib a chur orainne! (@nosmag)

4) Cuntas Blag Beag a leanacht ar Instagram nó ar Twitter (@blagbeag!)

Thosaigh Brian ag díol a chuid priontaí ar líne le linn na dianghlasála i mbliana agus tá bailiúchán breá d’íomhánna Gaelacha aige ar a shuíomh idirlín anois. Beidh cead ag an mbuaiteoir aon cheann de na priontaí sin a roghnú (ach amháin ‘Hozier’ agus ‘Maud Gonne’) mar dhuais nuair a bheidh an mhí curtha isteach againn. 

Priontaí Bhriain Uí Mhuirí ó Blag Beag

Chuir Jake Parker tús le Inktober den chéad uair breis agus deich mbliana ó shin, le barr feabhais a chur ar a scileanna dúigh féin agus le “dea-nósanna líníochta a chothú” dó féin. Ó shin i leith, tá fás as cuimse tagtha ar an nós agus na mílte ealaíontóirí ar fud an domhain ag glacadh páirte ann. 

Tá go leor eolais ar fáil ar shuíomh oifigiúil Inktober, ach go bunúsach níl le déanamh ach pictiúr a tharraingt gach lá le linn mhí Dheireadh Fómhair agus é a chrochadh ar na meáin shóisialta faoi na haischlibeanna #Inktober nó #Inktober2020. 

Nuair a cuireadh tús le Inktober in 2009, díríodh ar an líníocht thraidisiúnta, ach glactar le stíleanna agus modhanna éagsúla anois, agus tá roinnt mhaith ealaíontóirí ann a chruthaíonn a gcuid ealaíne go digiteach. Chomh maith leis sin, táthar ann a thapaíonn an deis a scileanna peannaireachta a léiriú agus callagrafaíocht a dhéanamh in áit na líníochta. 

Foilsítear leideanna ar shuíomh oifigiúil Inktober ag tús mhí Mheán Fómhair le spreagadh a thabhairt do na healaíontóirí. Seo thíos na leideanna do Dhúch Fómhair 2020. 

Ní gá go mbeifeá i d’ealaíontóir gairmiúil, ná fiú i d’ealaíontóir maith, le páirt a ghlacadh in Inktober agus beidh na mílte daoine a bhíonn ag líníocht mar chaitheamh aimsire ag glacadh páirte ann i mbliana. Is í an sprioc atá ag lucht a eagraithe ná daoine a spreagadh ealaín a chruthú go rialta agus a roinnt le pobal ealaíontóirí. 

Tá ranganna físe, leideanna agus ábhar eile ar fáil ar shuíomh oifigiúil Inktober chomh maith le heolas faoi dhúshlán na bliana seo agus naisc chuig suíomh ar ar féidir trealamh líníochta agus ábhar poiblíochta Inktober a cheannacht.

Níos mó