Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-imeachtai-gaeilge-agus-gaeltachta-ar-siul-ar-fud-na-tire-d’oiche-chultuir-2020

Imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta ar siúl ar fud na tíre d’Oíche Chultúir 2020

Beidh imeachtaí Gaeilge á reáchtáil i gceantair Ghaeltachta, sna cathracha agus in áiteanna eile ar fud na tíre anocht, Oíche Chultúir 2020.

Is ar líne a reáchtálfar formhór na n-imeachtaí i mbliana agus fáilte á cur roimh dhaoine ar fud na cruinne a bheith páirteach san fhéile.

Tá clár d’imeachtaí Gaelacha curtha le chéile ag Ealaín na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta arís i mbliana, an séú bliain déag ag an fhéile chultúir aon oíche.

Breis agus 80 imeacht Gaeilge atá cláraithe don fhéile agus sa Ghaeltacht a bheidh níos mó ná scór de na himeachtaí sin á reáchtáil.

Beidh go leor imeachtaí sa Ghaeltacht á gcraoladh tráthnóna ar chainéal YouTube agus ar leathanach Facebook Ealaín na Gaeltachta.

Beidh deis ag daoine a bheith páirteach i roinnt imeachtaí Gaeilge a bheidh á reáchtáil ar an láthair chomh maith, ina measc siúlóidí treoraithe, taispeántais ealaíne agus ‘Tóraíocht Taisce sa Charr’, imeacht don teaghlach ar fad atá á reáchtáil ag Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall. Beidh lucht na tóraíochta ag teacht le chéile ag an Gteic in Áislann Ghaoth Dobhair ag a 4pm.

I measc na n-imeachtaí móra a bheidh á reáchtáil ar an láthair sa Ghaeltacht, tá ‘Turas Chonamara’, coimisiún de chuid Gaillimh 2020 a bheidh ar siúl i gceannáras Fíbín i mBaile na hAbhann i gCois Fharraige idir 7-9pm anocht.

Turas digiteach ar Chonamara a bheidh ann agus gealltar go dtabharfar léargas ar shaibhreas béaloidis, ceoil agus teanga an cheantair.

Mar chuid de shraith imeachtaí ‘Tonn Fuaime’ atá á reáchtáil ag ealaíontóirí Chorca Dhuibhne, beidh dhá mhúrphictiúr nua a bhaineann leis an fharraige agus na Blascaodaí, a cruthaíodh go speisialta don Oíche Chultúir, le feiceáil ar Lána an Phúca agus ar an Bhinn Bháin sa Daingean.

I measc na n-imeachtaí eile a bheas á reáchtáil ar líne ó cheantair Ghaeltachta amárach, tá ceolchoirm amuigh faoin aer a bheidh á craoladh ar leathanach Facebook Áras Éanna ó Chaisleán Uí Bhriain ó Inis Oírr ag 9.30pm. Beidh Muireann Nic Amhlaoibh, Emma Ní Fhíoruisce agus amhránaithe Gaeltachta eile i mbun ceoil mar chuid den léiriú ar líne ‘Amhrán Dóchais’, a bheas á chraoladh ag 4-4.30pm ag Ealaín na Gaeltachta.

Beidh oíche airneáil ar siúl sa tSean-Bheairic’ ar an Fhál Carrach i nDún na nGall ó 9-11pm chomh maith le seisiún dánta agus rannta ‘Féasta Filíochta’, do pháistí óga atá á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta idir 4-6pm. Beidh an dá imeacht sin á gcraoladh ar chainéal YouTube agus leathanach Facebook Ealaín na Gaeltachta.

Beidh roinnt gearrscannán Gaeilge le feiceáil ar líne amárach, ina measc gearrscannán faoi athbheochan na Gaeilge agus stair Chonradh na Gaeilge, agus sraith físeán faoi ealaíontóirí na Gaeltachta a bheas á craoladh ag Molscéal, TG4.

Ar na himeachtaí Gaeilge eile a bheidh á reáchtáil ar líne i mbliana, tá oíche filíochta á reáchtáil ag an Chultúrlann i mBéal Feirste, ‘Bàrd, File, Bardd, ina mbeidh triúr filí aitheanta, Peter Mac Aoidh, Ciara Ní É agus Ifor ap Glyn, as Albain, Éirinn agus an Bhreatain Bheag páirteach ann.

Beidh ceolchoirm á reáchtáil ag Cumann Mhic Reachtain, ‘Beirt Phíobairí, Beirt Scéalaithe’ le Cormac ‘Buzz’ Ó Briain and Aodán ‘Jaff’ Mac Séafraidh ó 4-6pm ar an ardán Zoom (uimhir an chruinnithe 82249147836) agus beidh oíche scéalaíochta ‘Seal le Seanchaí’ atá á chraoladh ó Dhún Garbhán.

Beidh Ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir na bliana seo, an t-amhránaí aitheanta as Conamara Pól Ó Ceannabháin, ag gabháil fhoinn ag an oíche airneáin fhíorúil ‘Teaghlach’, a bheas á craoladh ar leathanach Facebook agus cainéal YouTube Ealaín na Gaeltachta.

Ceiliúradh a bheas san ócáid ‘Teaghlach’ ar an sean-nós, ar amhráin mhóra de chuid an cheantair agus ar cheol mhuintir Uí Cheannabháin féin.

Ag labhairt dó faoi Oíche Chultúir 2020, dúirt Pól Ó Ceannabháin, gur “deis iontach” atá san ócáid leis an Ghaeilge agus an sean-nós a chur chun cinn.

“Is deis iontach í seo chun an sean-nós a chur ar an ardán le go gcloisfidh daoine teanga bheo na Gaeilge sna hamhráin. Tá an Ghaeilge faoi bhrú i gcónaí.  I mo shúile-se tá sí ar nós bád gleoite, lán le saibhreas, lán le stair, lán le croí,” a dúirt sé.

Agus an Oíche Chultúir á ceiliúradh ag TG4, beidh clár faisnéise nua Tearmann á chraoladh ag a 8pm. Léiriú atá sa chlár, atá á léiriú ag an chomhlacht léiriúcháin Aniar, ar shaothair ealaíontóirí agus cheoltóirí na Gaeltachta. Orthu siúd a bheidh páirteach ann tá na healaíontóirí Cathal Mac Fhionnghaile agus Áine Ní Chíobháin, an damhsóir Siobhán Ní Dhuinnín agus an boscadóir Johnny Óg Connolly.

Is féidir breathnú ar chlár Oíche Chultúir anseo.

Níos mó