Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-oiche-chultuir-2020-—-rogha-imeachtai-gaeilge

Oíche Chultúir 2020 — rogha imeachtaí Gaeilge

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá Oíche Chultúir buailte linn arís agus cé go bhfuil an saol ina chíor thuathail le sé mhí anuas, tá an-iarracht déanta ag lucht eagraithe na féile náisiúnta clár leathan imeachtaí a chur ar fáil fud fad na tíre. 

Arís eile, tá na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta — Ealaín na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, an Údarás na Gaeltachta agus eile — tar éis go leor imeachtaí a eagrú do lucht labhartha na Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta. 

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar shuíomh idirlín Oíche Chultúir, ach seo thíos ár rogha de na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl anocht. 

Gig Oíche Chultúir — Club Chonradh na Gaeilge 

Táthar ar tí Baile Átha Cliath a chur faoi dhianghlasáil leibhéal 3 inniu, ach cuirfidh lucht Chlub Chonradh na Gaeilge fáilte fhíorúil romhat chuig ‘Gig Oíche Chultúir’ a bheidh á chraoladh ar YouTube Premier anocht idir 19.30 agus 21.30. Beidh leithéidí Róisín Seoighe, Junior Brother, TADHG agus ceoltóirí eile Gaelacha i láthair, agus gheobhaidh tú an scéal is deireanaí maidir le hathoscailt an Chlub freisin. Ní gá ticéad a chur in áirithe agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar 0833068331. 

Oíche Shóisialta Árann: Ceol agus Amhránaíocht 

Beidh oíche shóisialta ar siúl i Halla Rónán, in Inis Mór in Árainn anocht. Beidh muintir an oileáin ag ceol agus ag gabháil fhoinn, agus beidh fáilte roimh chuairteoirí chun an oileáin páirt a ghlacadh sa scléip chomh maith. Ceol agus amhráin thraidisiúnta an oileáin a bheidh á gcasadh anocht, agus beidh sólaistí ar fáil le linn na hócáide. Is gá ticéad a chur in áirithe don imeacht seo. 

Ceol le Ciara agus a Cairde — Boirche Íochtar 

Tá oíche cheoil eagraithe ag Craobh Bhoirche Íochtar Chonradh na Gaeilge le Ciara Nic Riocaird agus ceoltóirí eile as an áit. Is ar Zoom a bheidh an cheolchoirm seo ar siúl agus beidh deis ag an lucht féachana éisteacht leis an gceol agus ceisteanna a chur ar na ceoltóirí éagsúla a bheidh i dteanna Chéire. Beidh lánfháilte rompu siúd atá ar bheagán Gaeilge páirt a ghlacadh san imeacht seo agus tabharfar eolas faoi fhoghlaim na Gaeilge i gceantar na mBoirche Íochtar. Ní gá ticéad a cheannach. 

Seal le Seanchaí —Dún Garbhán le Gaeilge

Tá baile Dhún Garbhán buailte ar Ghaeltacht na Rinne agus go leor traidisiún Gaelach fós beo sa bhaile agus sa cheantar máguaird. Beidh oíche scéalaíochta ar siúl anocht agus seanchaí as an áit ag inseacht idir fhíorscéalta agus finscéalta a bhaineann le ceantar na nDéise agus ceantair nach é. Beidh an imeacht seo ar siúl ar líne agus tuilleadh eolais ar fáil ó 0834455914. 

Bàrd, File, Bardd — Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Beidh na filí Ifor ap Glyn, Ciara Ní É, agus Peter MacAoidh, a bhíonn ag cumadh filíochta i mBreatnais, i nGaeilge agus i nGàidhlig faoi seach, i láthair ag an imeacht ar líne seo, atá á heagrú ag lucht Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Ní gá ticéad a chur in áirithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 02890964180. 

Ceol, amhráin agus damhsa — Tuar Mhic Éadaigh agus Dúiche Sheoighe

Beidh muintir Thuar Mhic Éadaigh agus Dhúiche Sheoighe ag ag ceiliúradh cheol, damhsa agus drámaíocht na háite ag an imeacht ar líne seo. Tiocfaidh ceoltóirí agus amhránaithe as an dá cheantar Gaeltachta le chéile le cultúr agus teanga na háite a cheiliúradh le chéile. 

Oíche Chultúir Ard Mhacha 

Seo an chéad Oíche Chultúir a bheidh san ionad nua Gaeilge, Aonach Ard Mhacha, atá lonnaithe ag an Seamlas i gcroílár an bhaile. Beidh ceolchoirm Ghaelach ar siúl san ionad, agus meascán d’amhráin thraidisiúnta agus nua-aimseartha Gaeilge ann, chomh maith le scoth an cheoil thraidisiúnta ó cheoltóirí as Ard Mhacha. Cuirfear tús leis an oíche ag 19.00. Tuilleadh eolais ó 02837998111. 

Turas Thaobh an Iarthair, Iúr Cinn Trá

Tabharfaidh treoraí slua beag timpeall Thaobh an Iarthair in Iúr Cinn Trá anocht, idir 20.00 agus 21.30. Ríomhfar scéalta agus tabharfar eolas faoin bpictiúrlann, an uachtarlann, an ghrúdlann, an neachtlann, agus an phlandlann atá sa taobh seo den bhaile — ceantar a dtugtaí ‘The West End’ air. Beidh an turas treoraithe thart ar 75 nóiméad ar fad agus beidh oíche sheanchais agus chomhrá ar siúl sa Railway Bar ina dhiaidh. Is gá ríomhphost a chur chuig gaelarasmhicardghail@gmail.com le háit a chur in áirithe roimh ré. 

Caint phoiblí le hÉamon Ó Cuív faoi Thamhain

Beidh an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív ag tabhairt cainte ar líne faoin oileán Tamhain amach ó chósta oirthear na Gaillimhe. Ba Ghaeltacht láidir é an t-oileán céad bliain ó shin, agus tá go leor staire ag baint leis. Bhíodh coláiste samhraidh ann fadó agus ba é seanathair an Teachta Dála Uí Chuív, Éamon de Valera, a bhíodh ina phríomhoide ann. Tháinig daoine mór le rá ar nós Ruairí Mhic Easmainn ar cuairt ann freisin. Ní gá ticéad a chur in áirithe ach déantar teagmháil le gaeilgeom@gmail.com le haghaidh tuilleadh eolais. 

Taifeadtaí Cartlainne ó Scoil an Léinn Cheiltigh, Dublin Institute for Advanced Studies 

Rinneadh go leor taifeadtaí de chainteoirí dúchais Gaeilge timpeall na tíre, i bPort Láirge, Corcaigh, Ciarraí, an Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Tír Chonaill, agus Contae Lú, idir na blianta 1949 agus 1969 agus tá na taifeadtaí sin i gcartlann fuaime Scoil an Léinn Cheiltigh in DIAS anois. Beidh caint á tabhairt faoi na taifeadtaí seo ar líne ag 16.00 tráthnóna. Déan teagmháil leis an Institiúid más maith leat tuilleadh eolas faoi. 

Níos mó