Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-curtha-le-clar-ceiliurtha-30-bliain-chulturlann-mcadam-o-fiaich

Tús curtha le clár ceiliúrtha 30 bliain Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Beidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste, 30 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn, agus tá tús curtha cheana féin leis an gceiliúradh mór atá beartaithe ag lucht an ionaid cultúir. 

Beidh saothar ealaíne ó Bhailiúchán na Cultúrlainne á thaispeáint i nDánlann Dillon an mhí seo chugainn agus i mí na Samhna, agus tá sé i gceist ag foireann an ionaid taifead fuaime a dhéanamh de chuimhní cinn agus scéalta na ndaoine a raibh nasc acu leis an gCultúrlann i gcaitheamh na mblianta. Cheana féin, tá seanghrianghraif den áit agus de na daoine a raibh baint acu léi á scaipeadh ar na meáin shóisialta go rialta faoin haischlib #Cultúrlann30. 

Tá léachtaí, ceardlanna, gníomhaíochtaí do pháistí, ceolchoirm mhór agus taispeántas grianghraf pleanáilte freisin agus súil ag lucht an ionaid fáilte a chur roimh phobal Bhéal Feirste agus pobal na hÉireann trí chéile le linn na bliana amach romhainn. 

Ba sa mbliain 1991 a bunaíodh an Chultúrlann. Roghnaigh lucht Mheánscoil Feirste an séipéal Preispitéireach in iarthar Bhéal Feirste mar ionad don scoil nua. Bhí fuílleach spáis san ionad nua agus lonnaigh eagrais eile Ghaeilge ann — leithéidí na Ceathrún Póilí, siopa leabhar atá fós ann; agus an nuachtán , ar oibrigh bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, leis.

Bhí An Caifé Glas ann, Gaelscoil na bhFál agus dhá naíonra. Bhí amharclann agus dánlann ann agus bhain Aisteoirí Aon Dráma, Cumann Staire Uí Fhiaich agus Cumann na nÓg úsáid as na háiseanna fosta.

Is sa gCultúrlann atá oifig NÓS féin anois, chomh maith leis an gcompántas drámaíochta Aisling Ghéar, an teach foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór, an bhialann Bia agus go leor eagraíochtaí eile. Ba ann a thosaigh Raidió Fáilte freisin, a bhfuil áras breá acu féin cúpla ciliméadar síos an bóthar ón gCultúrann anois. 

Maíonn an Chultúrlann go dtugann os cionn 100,000 cuairteoir cuairt ar an ionad gach bliain, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh .

“Is áit thar a bheith tábhachtach í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Bhí, agus tá go fóill, tionchar nach beag aici ar gach réimse de shaol phobal na Gaeilge i gcathair Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. Is áit í ina gcuirtear an t-oideachas, an chruthaitheacht agus an smaointeoireacht chriticiúil chun cinn.

“Tríd an tionscadal oidhreachta seo beimid in ann scéal na háite agus na ndaoine a bhaineann léi a léiriú. Beidh deis againn foghlaim faoi mheon, fís agus cur chuige fadradharcach na mbunaitheoirí agus spreagadh a fháil uaidh sin maidir leis an treo a bhfuilimid ag iarraidh a dhul amach anseo chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine de gach cúlra,” a dúirt Gráinne Ní Ghilín, Comhordaitheoir Tionscadail na Cultúrlainne. 

Níos mó