Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bailchrioch-a-cur-ag-an-rialtas-ar-phlean-srianta-leibheal-5-a-thabhairt-isteach

Bailchríoch á cur ag an Rialtas ar phlean srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach

| Tuairisc.ie | , ,

Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ar tí srianta Leibhéal 5 a fhógairt le scaipeadh an Covid-19 a cheansú sa tír. 

Tráthnóna a fhógrófar an dara tréimhse dianghlasála agus síltear go mbeidh na srianta i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine,  go dtí deireadh na míosa seo chugainn. 

Ceaptar go gcuirfear srianta taistil i bhfeidhm agus nach mbeidh cead ag daoine taisteal níos faide ná cúig chiliméadar óna dteach, seachas i gcás eisceachtaí ar leith.

Tuairiscítear go gcoinneofar na scoileanna oscailte agus meastar go mbeidh cead craobhchomórtais CLG a imirt.

Faoi shrianta Leibhéal 4 agus Leibhéal 5 caithfidh gach siopa agus gnó nach bhfuil riachtanach dúnadh. 

Ceaptar go dtabharfar aga do lucht gnó le hullmhú do na srianta breise sula gcuirfear i bhfeidhm iad agus gur Dé Céadaoin nó Déardaoin a thiocfaidh na srianta i bhfeidhm. 

Bhí caint ann chomh maith go dtabharfaí isteach córas grúpa nó cuasnóige lena chinntiú nach bhfágfar daoine scoite ón saol agus ón gcomhluadar le linn na dianghlasála. Bhí córas dá leithéid i bhfeidhm sa Nua-Shéalainn faoina gcomhairfeadh teaghlach daoine eile mar chuid dá gcuasnóg nó dá dteaghlach féin – cúramóirí nó daoine a bhí astu féin. 

D’iarr NPHET ar an Rialtas Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine. Creidtear go raibh imní ar chuid den Rialtas faoin mbail a d’fhágfadh srianta dá leithéid ar eacnamaíocht na tíre. 

Measadh go gcuirfí an tír uilig faoi shrianta Leibhéal 4 agus roinnt srianta breise curtha leo, ach de réir na dtuairiscí is déanaí is Leibhéal 5 atá á bplé ag na hairí rialtais tráthnóna. 

Faoi Leibhéal 5 bheadh cead ag tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna fanacht oscailte más féidir leo seirbhís beir leat a chur ar fáil ach murab ionann agus Leibhéal 4, ní bheadh cead boird a chur ar fáil taobh amuigh do chúig dhuine dhéag. 

Bíodh sé ina Leibhéal 4 nó 5, ní bheidh cead ag daoine cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ina dtithe ná ina ngairdín agus ní bheadh aon teacht le chéile sóisialta ceadaithe.

Faoi shrianta Leibhéal 5 ní cheadaítear aon imeacht sóisialta a eagrú laistigh ná lasmuigh.

Faoi leibhéal 5, dhúnfaí ionaid aclaíochta agus fóillíochta agus linnte snámha agus bheadh cosc ar thraenáil spóirt. Faoi Leibhéal 4 bheadh cead traenáil a dhéanamh lasmuigh ach gan aon teagmháil fhisiciúil idir imreoirí agus iad roinnte ina ngrúpaí 15.

Ní bheidh cead aon chluichí ná imeachtaí spóirt a imirt ach meastar go bhféadfadh go ndéanfar eisceacht i gcás na scothspórt, amhail CLG. 

Tharlódh dá réir go bhféadfaí tús a chur leis an comórtais iománaíochta agus pheile an tseachtain seo chugainn. 

Faoi leibhéal 4 agus 5, ní cheadaítear ag bainis ach seisear agus 25 ag sochraid.

Idir an dá linn, tá an tAire Tithíochta chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun an cosc ar dhíshealbhú a thabhairt ar ais fad a bheidh srianta ar an róthaisteal i bhfeidhm. 

Údar buartha ag an Rialtas agus srianta á bplé acu an t-ardú a tháinig ar ghlaonna ó dhaoine a bhí ag fulaingt de bharr foréigean baile agus an laghdú a tháinig ar ghlaonna faoi pháistí a raibh imní faoina sábháilteacht le linn na chéad tréimhse dianghlasála. 

Níos mó