Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-constaic-mhor-eile-saraithe-ag-biden-agus-trump-ciunaithe-sa-diospoireacht-dheireanach

Constaic mhór eile sáraithe ag Biden agus Trump ciúnaithe sa díospóireacht dheireanach

Ba é scéal mór dhíospóireacht dheireanach thoghchán uachtaránachta Mheiriceá in Ollscoil Belmont i Nashville aréir nár gur éirigh leis an Uachtarán gan seó bóthair ceart a dhéanamh de féin.

Léiriú ar an saol mar atá.

D’éirigh le Donald Trump srian a chur lena chuid feirge aréir agus ní raibh a chur chuige chomh cancarach cealgánta is a bhí sa chéad díospóireacht.

B’fhearr go mór is go fada mar dhíospóireacht ceann na hoíche aréir, a bhuíochas cuid mhaith leis an gcathaoirleach, Kristen Welker ó NBC News,  a dhein a cúram go slachtmhar agus cabhair aici ó chnaipe tosta.

Iompar míchéatach Trump an babhta deireanach is mó a thug ar lucht eagraithe na ndíospóireachtaí cnaipe tosta a chur ag obair d’ócáid na hoíche aréir agus ba chosúil gur chabhraigh sé leis an Uachtarán guaim a choimeád air féin an chuid is mó den am.

Ach bíodh gur thug sé taispeántas níos fearr uaidh aréir ná mar a dhein i ndíospóireacht shuarach na míosa seo caite, níor éirigh le Trump an bua a bhí ag teastáil go géar uaidh a fháil.

B’fhéidir gur labhair sé de ghuth níos ísle, ach ba iad na focail mhóra agus na mogaill fholmha chéanna a bhí aige.

‘I am the least racist person in this room,’ a mhaígh sé ag tráth amháin.

Dúirt sé chomh maith nár dhein aon Uachtarán eile ‘seachas b’fhéidir Abraham Lincoln’ oiread céanna leis féin do dhaoine dubha.

‘I know more about wind than you!’ a dúirt sé agus an t-athrú aeráide á phlé.

Deirimse gaoth mhór leat.

Theip ar phlean Trump sa chéad díospóireacht a chruthú nach bhfuil meabhair ‘Sleepy Joe’ chomh beoga is a bhíodh, ach cuireadh tástáil mhaith arís ar neart Biden aréir.

Chaithfeadh fear na nDaonlathach cuma an údaráis a chur air féin, gan aon tuaiplis mhór a dhéanamh agus gan ligint do sháiteáin Trump é a chur dá bhuille.

Ba é seo an chonstaic mhór dheireanach a bhí le sárú aige agus dhein sé an bheart gan mórán dua.

Thug sé freagraí láidre ar chuid d’amaidí Trump chomh maith.

“Abraham Lincoln here is one of the most racist presidents we’ve had in modern history,” ar sé go neamhbhalbh.

Déanann Trump tinte an chiníochais a adhaint aon áit a lastar iad, a dúirt sé.

Theip chomh maith ar iarracht áiféiseach Trump a chur ina luí ar dhaoine gur giolla é Biden de lucht na heite is radacaí ina pháirtí.

“He’s a confused guy, he thinks he’s running against someone else,” arsa Sleepy Joe agus é ina lándúiseacht.

Thraoch Biden ábhairín i dtreo dheireadh na díospóireachta ach seans gur ar thús na hoíche is mó a chuimhneofar, sin má chuimhnítear in aon chor uirthi.

An coróinvíreas an chéad ábhar cainte a bhí acu. Ní gá a rá nach é an t-ábhar is ansa le Trump, ach sheas sé an fód in aghaidh na fianaise go léir leis an diongbháilteacht is dual dó.

“I take full responsibility. It’s not my fault that it came here – it’s China’s fault,” a dúirt sé agus sampla iontach eile bronnta aige orainn den loighic Thrumpach.

Mhaígh an tUachtarán go raibh an víreas ag ‘bailiú leis timpeall an chúinne’.

“We’re learning to live with it,” ar sé ansin.

“People are learning to die with it,” arsa Biden.

Kristen Welker ó NBC News,  a dhein a cúram go slachtmhar agus cabhair aici ó chnaipe tosta

Bíodh gur ag Biden a bhí na línte is fearr ní shin le rá nár éirigh le Trump a sprioc a bhualadh ó am go chéile lena roiseanna móra cainte.

Ceist éifeachtach amháin a bhí aige go minic, mar shampla, ná cén fáth nár chuir an t-iar-leasuachtarán na pleananna atá anois aige i gcrích le linn na n-ocht mbliana a chaith sé sa Tigh  Bán le Barack Obama.

Mar sin féin, seachas corrthagairt don “phlean mór álainn” sláinte, atá á gheallúint aige le cúig bliana anuas, ní raibh aon sonraí polasaí in aon chor ag Trump faoi cad a dhéanfadh sé dá dtoghfaí athuair é.

Ó thús an fheachtais, tá a mhíle dícheall déanta aige aird an phobail agus na meán a tharraingt ar chúrsaí gnó mhuintir Biden, go háirithe ar líomhaintí nár cruthaíodh gur bhain Joe Biden leas as a chuid cumhachta chun cabhrú lena mhac saibhreas a dhéanamh sa tSín agus san Úcráin.

Chuir Trump scata líomhaintí doiléire eile leis an méid sin aréir, ach ní dócha go dtabharfaidh éinne seachas an dream is dílse dó mórán suntais dóibh, go háirithe i bhfianaise an scéil go bhfuil cuntas bainc aige féin sa tSín agus gur íoc sé $200,000 i gcánacha leis an dtír sin idir 2013-2015.

Deir Trump nach bhfaigheann sé éisteacht cheart ó na meáin, ach b’fhéidir gurb í an fhadhb is mó atá aige ná gur ar éigean a shlogfaidh éinne d’áiteamh gur lúbaire mímhacánta do chéile comhraic nuair atá ceithre bliana caite agat féin ag stealladh éithigh.

Fadhb eile atá aige ná a easpa daonnachta. Nuair a pléadh cás an 525 páiste nach féidir teacht ar a dtuismitheoirí ó scaradh uathu ar an dteorainn le Meicsiceo iad, labhair Biden óna chroí amach faoi uafás an scéil.

Dhein Trump gaisce faoin ‘aire mhaith’ a bhí á fáil anois ag na páistí in áiteanna a bhí ‘an-ghlan’.

Agus gan ach coicíos fágtha go dtí lá an toghcháin, tá Biden go maith chun cinn ar Trump de réir na bpobalbhreitheanna go léir agus bhí géarghá dá bharr ag an Uachtarán le taispeántas a mheallfadh daoine eile seachas iad siúd, faoi mar a dúirt sé féin tráth, a vótálfadh dó fiú dá scaoilfeadh sé marbh duine i lár 5thAvenue.

Is ar éigin gur éirigh leis mórán daoine eile a mhealladh aréir.

Mar chlabhsúr ar an bplé, d’fhiafraigh Welker de na hiarrthóirí cad déarfaidís leis na daoine nár vótáil dóibh sa chás go dtoghfaí iad.

“We have to make a country totally successful as it was prior to the plague coming in from China,” arsa Trump.

“I will say, I’m an American president. I represent all of you, whether you voted for me or against me,” a dúirt Biden.

Beidh seans ag muintir Mheiriceá an cnaipe tosta a chur ag obair iad féin ar an 3 Samhain.

Níos mó