Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘creidimse-go-n-eireoidh-linn’-a-deir-holohan-agus-1,269-cas-nua-fogartha

‘Creidimse go n-éireoidh linn’ a deir Holohan agus 1,269 cás nua fógartha

| Ciaran O Suilleabhain |

Tá 1,269 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

13 duine eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Bhí 221 de chásanna an lae inniu i gcontae na Mí, níos mó ná mar a bhí in aon chontae eile.

116 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 74 cás nua a bhí i nGaillimh. 28 cás nua a bhí i gCiarraí, 28 cás eile a bhí i Maigh Eo, 22 cás a bhí i bPort Láirge agus 21 cás a bhí i nDún na nGall.

203 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá 312 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil agus tá 34 duine díobh in aonad dianchúraim.

279.3 in aghaidh gach 100,000 duine ráta an ghalair sa phobal. 590.6 an ráta anois i gcontae na Mí, ardú 100 ón lá inné.

328.5 atá i nDún na nGall agus 322 atá i gCorcaigh. 313.9 an ráta i nGaillimh agus 247.8 an ráta in aghaidh gach 100,000 duine i gCiarraí. 183.9 an ráta i Maigh Eo agus 154.9 atá i bPort Láirge.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur dóigh leis go n-éireoidh leis na srianta nua Leibhéal 5 a bheidh i bhfeidhm go ceann sé seachtaine.

“Creidimid go bhfuil ar ár gcumas é seo a dhéanamh… Creidimid gur féidir linn an galar a thabhairt anuas go dtí an leibhéal ag a raibh sé nuair a bhuail an chéad ráig an tír agus é a choinneáil faoi smacht ansin.

“Is é an cúram atá orainne i NPHET monatóireacht a dhéanamh ar an ngalar… má théimid ar strae, caithfimid athmhachnamh a dhéanamh. Ach creidimse go n-éireoidh linn,” a deir an an Dr Tony Holohan.

Dúirt sé go raibh “roinnt cinntí móra déanta ag an Rialtas le laethanta beaga anuas” ach “gur faoi gach duine againn sa bpobal atá sé anois gach ar féidir linn a dhéanamh”.

“An teachtaireacht is tábhachtaí atá againn don phobal ar fad, aon duine agaibh a bhfuil aon chomharthaí sóirt den Covid-19 oraibh – caithfidh sibh fanacht amach ó gach duine eile, féinleithlisiú a dhéanamh,” arsa an Dr Holohan.  

Dúirt sé go rabhthas ag súil go mbeadh níos lú ná 100 cás sa lá sa tír faoi thús mhí na Nollag nuair a scaoilfear srianta leibhéal a 5.

Dúirt an Dr Holohan go bhféadfaí na srianta a scaoileadh dá n-éireodh linn ráta scaipthe an ghalair nó an uimhir R a ísliú faoi 0.5.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “dúshlánach go maith” a bheadh sé an ráta sin a bhaint amach i sé seachtaine. Dúirt an Taoiseach gurb é is dóichí go mbeadh an Rialtas ag déileáil leis an Covid-19 ar feadh dhá mhí dhéag eile.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Agus an Taoiseach ag caint sa Dáil, dúirt sé gur dócha go mbeimis ag dul ó shrianta diana go srianta níos boige cúpla uair sna míonna atá amach romhainn.

Dúirt sé nach bhféadfadh an tír seo an Covid-19 a ghlanadh go hiomlán as an tír mar nach bhféadfaí an teorainn sa tír a dhúnadh.

Tabharfar cumhachtaí breise don Gharda Síochána le go bhféadfar fíneáil a ghearradh ar dhaoine a eagraíonn cóisirí tí.

Chinn an Rialtas inniu go mbeadh cead ag Gardaí fíneáil a ghearradh ar aon duine a dhiúltaíonn deireadh a chur le cóisir ina dteach ach níl aon chumhacht ag Gardaí dul isteach sa teach sin chun an chóisir a stopadh.

Tá fíneálacha nua á bplé do dhaoine a dhiúltaíonn cloí leis na srianta nua taistil a thiocfaidh i bhfeidhm Déardaoin. Táthar á mholadh go ngearrfaí fíneáil €60 ar dhuine a sháraíonn na srianta taistil 5 chiliméadar.

Sa tréimhse dheiridh dianghlasála bhí cead an dlí a chur ar dhaoine a sháraigh na srianta taistil agus pionós 6 mhí príosúin nó fíneáil €2,500 i bhfeidhm.

Faoin gcóras nua, is pionós socraithe a bheidh i gceist, mar atá ann i gcás sárú teorainneacha luais, agus an té nach n-íocfadh an fhíneáil, chuirfí fíneáil níos troime air nó thabharfaí os comhair na cúirte é.

Tá a leithéid d’fhíneáil á phlé i gcás daoine nach gcaitheann masc aghaidhe in áiteanna poiblí, amhail siopaí agus an córas iompar poiblí.

Níos luaithe tráthnóna, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 913 cás nua deimhnithe acu agus go raibh triúr eile tar éis bháis de dheasca an Covid-19.

Tá 286 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá 29 duine díobh in aonad dianchúraim.

81,209 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 28,953 cás ó thuaidh den teorainn agus 52,256 cás ó dheas di.

2,489 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 624 duine ó thuaidh agus 1,865 ó dheas.

Níos mó