Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘na-raibh-se-i-bhfad-go-dtugaimid-geabh-sios-go-cill-airne…’

‘Ná raibh sé i bhfad go dtugaimid geábh síos go Cill Airne…’

| Mairtin Seoighe |

An tOireachtas. Mór-Fhéile na nGael gan locht ná marach. ‘Nollaig na nGaeilgeoirí’, ‘Mecca na nGael’, an oilithreacht bhliantúil naofa dóibh siúd a bhfuil dúil acu sa nGaeilge, sa nGaeltacht agus i bpobal na Gaeilge. 

Is mó réiteach a dhéantar don Oireachtas ná d’am ar bith eile den bhliain. Bíonn an bearradh gruaige faighte agat, do chuid léinte uilig iarnáilte ag Mama, agus do bhuidéal ‘boladh breá’ thíos i do mhála agat a phacáil tú le teann éirí croí.

Ní bhuailfeadh an diabhal an bheocht a bhíonn le n-aireachtáil nuair a thagann tú chomh fada le hionad na féile. Agus tú ag siúl thart ní chloisfidh tú tada ach daoine i ngeoin chainte agus iad ag geabaireacht i nGaeilge bhlasta mhilis.

Cainteoirí mórtasacha, paiteanta, idir óg agus aosta, a bhfuil bís chainte agus spraoi orthu uilig. Ní mórán ócáidí eile atá ann sa lá atá inniu ann a mbíonn an tarraingt chéanna air ag idir óg agus aosta. 

Is ann a fheicfidh tú mac an duine uasail anuas de lota na gcearc d’oilithreacht bhliantúil an Oireachtais. Is ann a chastar ort daoine nach bhfaca tú leis an tsíoraíocht, an Ghaeilge do bhur dtabhairt le chéile arís. 

Is ann a fheicfidh tú iad siúd atá tar éis an bhliain a chaitheamh ag réiteach agus ag cleachtadh do na comórtais uilig, idir óg agus aosta, nua agus sean, atá ag tarraingt ar an bhféile le blianta fada.

Idir réaltaí raidió agus teilifíse, laochra ceoil agus sean-nóis, ceannródaithe cultúrtha agus litríochta, shílfeá gur i ‘Hollywood’ na Gaeilge atá tú.

Tá rud éicint ann do chuile dhuine, ach ar ndóigh ní bheidh seans agat freastal ar chuile imeacht agus tú ag an Oireachtas (go háirid má bhíonn póit ort maidineacha tar éis duit bheith ar an drabhlás). 

Is cuma cá ngabhfaidh tú le linn an Oireachtais beidh tú i gcomhluadar maith.

Is seans iontach é an tOireachtas dóibh siúd atá tréitheach agus bhfuil bua na cumadóireachta agus na hamhránaíochta go smior iontu ardán a fháil. Is féile iontach í seo don dream is óige, agus gasúir óga in ann seasamh ar an ardán agus páirt a ghlacadh i gcomórtais spraíúla na Féile. 

B’fhurasta aithint an bhís agus an fonn spleodair a bhíonn ar na gasúir, áit dóibh a bheith muiníneach agus mórtasach astu féin. 

Ach má tá fonn ort bheith in arraingeacha, níl ort ach buaileadh isteach ag na lúibíní agus ag na hagallaimh beirte tráthúla, barúla, a bhainfeadh gáire as an té nach bhfuil mórán acmhainn grinn aige i ngan fhios dó féin.

Má tá dúil agat san amhránaíocht níl ort dul i bhfad. Níl tada níos fearr le thú a chur ar do shuaimhneas ná bheith ag éisteacht leis na fonnadóirí breátha as chuile cheard den tír thuas ar an ardán ag gabháil fhoinn lena gcuid glórtha síúla caoine. 

Is é Corn Uí Riada sméar mhullaigh an Oireachtais agus an gradam is mó d’fhéadfadh duine ar bith a bhaint amach don sean-nós. Fir agus mná i mbun amhrán agus iad á ngabháil le brí agus uabhair. Níl comórtas ar bith eile mar é. Is ann a mheabhraítear duit gurb é seo croí agus anam an Oireachtais agus na Gaeltachta.

Mar a dheireann mo sheanmháthair má tá “corr i do thóinín agus lúb i do ghlúinín” agus suim agat sa damhsa, lean do chosa isteach ag ‘Steip’, áit a bhfeicfidh tú damhsóirí cumasacha ag baint lasracha as an urlár le lúth agus luas a gcuid géaga.

Tar éis duit an lá a chaitheamh ag fáinneáil thart, tá deoch tuillte agat, cén áit is fearr le dul ná Club na Féile. Is fiántas é Club na Féile.  Sodar súgach á dhéanamh ag daoine chomh fada leis an mbeár. Béiléiste ólta orthu siúd bhfuil a ngairm bainte amach acu sna comórtais. 

Banna ceoil breá ag imeacht sa halla mór agus chuile dhuine ag damhsa agus ag jiveáil thart go haerach. Buaicphointe shóisialta an Oireachtais.  

Chuirfeá an chluain mhuimhneach ar na meachain le caint agus le hinseacht scéalta faoin Oireachtas. Bíonn dalladh scéalta ag a bhfuil ann ag teacht abhaile ón Oireachtas, iad tugtha agus múisiamach go mbeidh orthu fanacht bliain iomlán don chéad cheann eile. 

Nuair a thagann deireadh leis an scléip, is ansin a thosaíonn dúluachair an gheimhridh ar an aistear abhaile le ‘pócaí folmha agus cloigeann tinn’.

Is ardú croí é an tOireachtas tríd is tríd. Tagann cumha de chineál éicint ort agus tú ag fágáil. Bíonn rud éicint ag teacht abhaile ag chuile dhuine ón Oireachtas, is cuma cé thú féin: corn, bonn, póigín nó scéalta, beidh do chroí tógtha ar bhealach éicint. 

Cé go bhfuil cúrsaí an tsaoil ina chadás faoi láthair ag an aicíd bhearránach seo, le misneach agus foighid ní bheidh sé i bhfad aríst go mbeidh muid ag tabhairt geábh síos go Cill Airne, le cúnamh Dé, d’Oireachtas na Samhna 2021.

Níos mó