Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘an-taobh-eile-den-doras-againn-fein-– -muintir-mhaigh-eo’-–-meara-boston-‘an-bhroduil’-as-bua-biden

‘An taobh eile den doras againn féin –  muintir Mhaigh Eo’ – Méara Boston ‘an-bhródúil’ as bua Biden

Céim eile, cathair eile, parlaimint eile?  Chuile sheans  go bhfuil cleachtadh ag Méara Bhoston ar an gceist sin go háirithe le trí nó ceathair de laethanta.

Tá freagra aige uirthi mar cheist, ar an bpointe.

“Tuairimíocht! Níl aon easpa tuairimíochta thart anseo faoi láthair,” a deir Marty Walsh agus é ag labhairt le Tuairisc.ie.  Ach dá bhfaigheadh sé cuireadh ón Uachtarán nuathofa Joe Biden chuig post i Washington, an nglacfadh sé leis?

“Tá jab le déanamh agam anseo,” arsa Marty Walsh, ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é.

“Tá m’intinn dírithe uilig  go léir ar Bhoston.  Tá mé ag súil go mbeidh mé féin, agus an tUachtarán Biden a chúnamh dúinn, in ann cur le forbairt agus le dul chun cinn na cathrach seo.”   

Beidh sé tamall sula n-éireoidh cúrsaí níos soiléire faoi cheapachán an Uachtaráin.  “Beidh sé cúpla mí,” a deir an Méara Walsh.  “Beidh an fhoireann eatramhach ag obair aige idir seo agus aimsir an insealbhaithe.  Ansin beidh sé ag roghnú na ndaoine a bheidh leis i Washington as sin go ceann ceithre

bliana – nó níos faide.  Ach bí ag súil le neart tuairimíochta!”

Fágfaidh muid é sin mar scéala, go fóilleach ar chuma ar bith,  ach an raibh sé ag caint leis an Uachtarán nuathofa le gairid?

“Tuairim is coicís ó shin; beidh mé ag comhrá leis faoi cheann cúpla lá.”   Dlúthchairde iad Marty Walsh agus Joe Biden.  Tháinig Biden in aon turas  go Boston in Eanáir 2017 go mbeadh sé ina aoi speisialta ag insealbhú Walsh don dara téarma Méarachta sa gcathair.  Dúradh go forleathan go raibh baint mhór ag an Méara leis an mbua a bhí ag Joe Biden sna réamhthoghcháin Dhaonlathacha in Massachusetts.  Bhí an Seanadóir Elizabeth Warren as Massachusetts san iomaíocht ach fuair Biden an ceann is fearr uirthi sa Stát sin aici féin.  Bhí tábhacht shiombalach, chomh maith le tábhacht pholaitiúil, ag baint leis an mbua sin tráth a raibh Biden ag teacht ar ais sa rás théis tús lag  go maith sa bhfeachtas.

“America is back” a bhí mar fhógra ag an Méara Walsh i dteachtaireacht a d’fhág sé ar mheaisín an teileafóin againn anseo an lá ar fógraíodh go raibh Joe Biden tofa.

Creideann Marty Walsh go mbeidh Joe Biden in ann an tír a shuaimhniú agus iarraidh láidir a thabhairt faoi cheansú an choróinvíris.   “Ach saothrófar é má tá caidreamh níos fearr le cothú,” a deir Méara Bhoston.  “Tá nimh go leor fanta san aer.”

Luaigh an Méara Walsh a bhródúla agus atá sé féin as an scéala go bhfuil Gael-Mheiriceánach ar an mbealach go dtí an Teach Bán.  “An taobh eile den doras againn féin,” a deir an Méara.  “Muintir Mhaigh Eo.”

Agus é thíos in Washington, creideann Marty Walsh go bhféachfaidh an tUachtarán nua le réiteach chomh maith agus is féidir a fháil faoi cheist na hinimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Ach beidh cosán casta le treabhadh aige má choinníonn na Poblachtánaigh smacht ar an Seanad.  “Ina ainneoin sin,” a deir Walsh, “sílim go mbeidh Joe Biden go maith ag láimhsiú an cineál sin ceiste agus caidrimh.

“Ina dhiaidh sin féin, feileann sé do Dhaonlathaigh agus do Phoblachtánaigh go mbeadh réiteach ann.”

Is maith a d’fheilfeadh réiteach mar a gheall Biden le linn an fheachtais do na mílte Éireannach atá gan stádas dleathach sna Stáit Aontaithe anois.  Gheall sé go bhféachfaí le cosán i dtreo na saoránachta a chur ar fáil d’imirceoirí nach bhfuil stádas dlí acu sna Stáit anois.  Ach arís, meabhraíonn an Méara go dteastaíonn triáil is deis ón Uachtarán nua lena pholasaithe agus a phleananna a chur sa siúl in Washington, go háirithe má bhíonn an lámh in uachtar ag na Poblachtánaigh sa Seanad.

Tar éis an toghcháin seo, creideann an Méara Walsh go bhfuil cíoradh le déanamh ag Daonlathaigh agus ag Poblachtánaigh araon ar a gcuid oibre agus a gcuid polasaithe.  Cé go bhfuil an chosúlacht air go ndearna na Poblachtánaígh níos fearr – seachas i  dtoghchán an Uachtaráin – ar an 3 Samhain, ní cheapann an Méara gur briseadh orthu féin (na Daonlathaigh).

Feictear don Mhéara gur fiú súil ghéar a chaitheamh ar chóras an Choláiste Toghcháin.  Ach, bhí cúiseanna maithe ag bunaitheoirí na tíre leis an gcóras sin, a deir sé, agus ba chinneadh an-mhór a bheadh ann é a athrú go bunúsach.

Ach seachas ceisteanna mór polaitiúla, tá Marty Walsh ag cuimhneamh ar bheartais agus ar ócáidí a bhainfeadh le tréimhse seo Joe Biden sa Teach Bán. Is fada leis, a deir an Méara Walsh nó go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh sé féin i  gcuideachta an Uachtaráin Biden ag dul ar cuairt go hÉirinn.  “Is cinnte go dtiocfaidh an lá sin,” a deir an Méara.

Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc. Toghadh an polaiteoir de chuid na nDaonlathach ina mhéara ar Bhoston den chéad uair i Samhain 2013 agus atogadh é sa phost sin, le beagnach 65% den vóta, in 2017.

Níos mó