Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-cartai-nollag-gaeilge-is-fearr-linn

Na cártaí Nollag Gaeilge is fearr linn

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Is iondúil nach luafaí an Nollaig ar leathanaigh NÓS go dtí an chéad lá de mhí na Nollag ach ó tharla go bhfuil an saol ina chadás i mbliana agus brú mór millteach ar an gcóras poist cheana féin, ní miste a bheith ullamh don lá mór cúpla seachtain roimh ré!

Beidh an fhéile thar a bheith difriúil i mbliana agus muid ar ár ndícheall an víreas corónach a choinneáil faoi chois ag i gcaitheamh na míosa seo chugainn. Ní bheidh na cóisreacha móra Nollag ann agus tá ráite ag an Tánaiste leo siúd atá ina gcónaí thar lear gan teacht abhaile le haghaidh na féile. 

Beidh an-éileamh go deo, mar sin, ar na cártaí Nollag agus muid ag iarraidh croí na féile a choinneáil beo agus beannachtaí grámhara a sheoladh dá chéile ainneoin na srianta a bheidh orainn cuairt a thabhairt ar a chéile. Tá an t-uafás ealaíontóirí tar éis cártaí áille Gaeilge a chruthú i bliana agus anois an t-am le bheith á gceannach le go mbeidh muid in ann iad a chur chun bealaigh in am don Nollaig féin. 

Turas (East Belfast Mission)

Cártaí Stephen Millar, Turas.

Tá cártaí deasa Nollag deartha ag an ealaíontóir Stephen Millar do Thuras, an eagraíocht Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste. Tá radhairc ó phríomhchathair Uladh ar na cártaí seo – an spéir dhorcha os cionn Bhinn Uamha agus sraith tithe ar shráidín Fheirsteach – chomh maith le hainmhithe agus maisiúcháin Nollag. Díoltar ina mbeart seacht gcárta iad, agus rachaidh an brabach a dhéantar ar na cártaí go Turas leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc phobal Oirthear Bhéal Feirste, áit a bhfuil an té a dhear iad ag foghlaim na Gaeilge le Turas.

Celery Rose

Seoladh siopa Celery Rose ag an deireadh seachtaine agus tá an-éileamh ar a cuid cártaí cheana féin. Bhí Saorla agus a deirfiúr Sadhbh ag plé leis an gcomhlacht aitheanta Cártaí Rúbaí sular dúnadh é sin in 2018, ach seo chugainn arís í lena cártaí áille Gaeilge díreach in am don Nollaig. Tá na cártaí á ndearadh i gCill Mhantáin agus á ndíol ag Saorla ar a siopa Etsy. Is fiú teachtaireacht dhíreach a sheoladh chuici ar Instagram, áfach, mar is cosúil go bhfuil roinnt fadhbanna aici le Etsy i láthair na huaire.

Mara Duit

Mar a tuairiscíodh ar NÓS cúpla seachtain ó shin, tá a siopa féin ar líne oscailte ag iar-iriseoir linn, Póilín Nic Géidigh. Tá go leor rudaí ar fáil ó Phóilín ar MaraDuit.com, na cártaí stíleáilte Nollag seo ina measc. Is fiú súil a chaitheamh ar na hearraí agus priontaí eile atá ag Póilín freisin!

Connect The Dots

Connect The Dots i measc na gcomhlachtaí Gaeilge is bisiúla i láthair na huaire agus go leor cártaí, priontaí agus stáiseanóireacht ar díol aici ar an siopa a d’athsheol Úna Méabh níos luaithe i mbliana. Chomh maith leis an rogha dheas cártaí atá ar fáil uaithi, d’fhógair sí an tseachtain seo go bhfuil páipéar burlála Gaeilge aici freisin!

Preabchártaí Paper Bear

Tá cártaí thar a bheith speisialta ag lucht Paper Bear, Katie agus Aaron Dowling. Preabchártaí a dhíolann siad, agus tá an t-uafás dearthaí éagsúla ar fáil ar a siopa ar líne, i nGaeilge, Béarla agus teangacha eile. Tá rogha leathan cártaí Nollag Gaeilge acu, idir cheanna reiligiúnda agus cheanna saolta. Tá cártaí a bhaineann le háiteanna ar leith acu freisin, ar nós an chárta de Bhaile Átha Cliath atá sa phictiúr thuas, agus díoltar ina mbearta téama iad. An rud is fearr faoi chárta a cheannach ó Paper Bear ná go n-oibríonn siad féin agus an eagraíocht One Tree Planted as lámha a chéile le crainn a chur ar fud an domhain. Chuir siad 500 crann anuraidh!

Under the Willow

Dearthaí simplí áille a bhíonn ag Under The Willow, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bhí an oiread sin tóir ar an siopa le cúpla seachtain anuas go raibh orthu sos beag a thógáil leis na horduithe a phróiseáil agus athstocáil a dhéanamh. Ná bí buartha, beidh siad ag glacadh le horduithe trína siopa Etsy arís Déardaoin!

Prints of Ireland

Tá siopa mór Prints of Ireland lán…Priontaí d’Éirinn! I measc na gcártaí deasa Nollag atá acu, tá cinn atá dírithe orthu siúd a bhíonn ag snámh san fharraige lá Nollag, agus i mbun 12 Teach Tábhairne na Nollag i mBaile Átha Cliath. Tá cártaí a luann na bailte beaga Ros Eo agus na Scéirí, chomh maith le Droichead Átha acu freisin.

Slieve Studio

Faoi scáth Shliabh Crúibe, taobh amuigh de Chaisleán Uidhilín i gContae an Dúin, atá stiúideo Louise Browne lonnaithe, áit a ndearann sí a hearraí aoibhne – na cártaí deasa Nollag seo ina measc. Ina mbeart ocht gcártaí a dhíoltar na cártaí seo, agus tá lipéid aici freisin le cur ar do chuid bronntanas.

Duhvassa Art

Thíos i mBéal Feirste atá Duibheasa Ní Dhomhnaill lonnaithe agus is ar Etsy a aimseoidh tú a cártaí pince agus glasa Nollag, chomh maith le priontaí agus earraí eile ealaíonta. Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar dhuine nó beirt – agus tú ag cloí le srianta Covid! – b’fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar na mascanna féiltiúla Nollag atá ar díol aici freisin.

Three Little Birds

Tá Three Little Birds lonnaithe i gContae an Chabháin agus cártaí iontacha á ndearadh acu le trí bliana anuas. Tá spéis mhór acu i gcúrsaí comhshaoil agus iad an-chúramach go deo faoin gcaoi a dtairgtear na cártaí atá acu. Anuas ar na cártaí, tá os cionn leathchéad prionta Gaeilge ar díol ar a siopa ar líne freisin.

Dingle Wild Card

Seo an dara comhlacht Gaeltachta ar an liosta seo, agus an dream seo lonnaithe i bhfad i bhfad ó Mara Duit Thír Chonaill, thuas i nDaingean Uí Chúis. Déanann Neasa Murphy gach uile chárta a dhíolann sí de láimh, agus mar sin is féidir léi iad a athrú le horduithe speisialta agus pearsanta a chomhlíonadh. Féach ar a rogha cártaí Nollag anseo.

Míreog

Ar bhruach na Gaeltachta, i nDún Garbhán na nDéise atá Míreog lonnaithe, áit a ndéanann siad cártaí, éadaí, agus stáiseanóireacht Ghaeilge. Is maith linn go mór anseo tigh NÓS na cártaí Nollag ’12 Lá Nollag’ atá acu. Is féidir an beart 12 cárta atá bunaithe ar an amhrán cáiliúil Béarla ’12 Days of Christmas’ a cheannach anseo, ach ná déan dearmad súil a chaitheamh ar na hearraí eile atá acu!

Níos mó