Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-dean-staisiun-oibre-den-staisiun-collaiochta

Ná déan stáisiún oibre den stáisiún collaíochta

| An Cailin sa Chathair |

Níorbh í 2020 an bhliain ba ghnéasúla riamh. Cé go dtaitníonn sé go mór liom a bheith i mo shuí ar an tolg i mo dhrár nó bríste spóirt ar feadh an lae, ní haon iontas mór é nár airigh mé dathúil slachtmhar le tamall. Tá an miangas agus an macnas ag dul in éag ó thús na paindéime, agus is é is cúis leis ná nach bhfuil údar ar bith agam an teach a fhágáil ná smideadh a chur orm féin le míonna anuas. Is meathchuimhní anois iad na béilí galánta rómánsúla, faoi sholas coinnle, agus tá aimsir na coinní nua spéisiúla Tinder imithe uainn. 

Mura raibh sa bhaile ach tú féin agus do chéile le tamall anuas, b’fhéidir go bhfuil an chollaíocht imithe de ghnáthchlár an lae agus gur cosúla le céilithe tí na céilithe leapa anois sibh. Nó mura raibh sa bhaile ach tú féin, b’fhéidir nár airigh tú go raibh údar agat na mianta collaí ionat a mhúscailt le tamall. Is mór an mhaith, mar sin, go bhfuil cúpla cleas seanbhunaithe ann an macnas a mhúscailt arís. Caith uait na bríste spóirt agus luí isteach ar an bhféinghrá.

Bain corraí éigin as an gcolainn

Is cuma cén sórt corraíola is fearr leat, a fhad is a bhíonn tú ag corraí. An spaisteoireacht, an fhánaíocht, an rith, síneadh na ngéag, nó damhsa timpeall an tí agus an ceol á bhleaisteáil agat, má bhíonn tú ag corraí, beidh leat. Aimsigh modh aclaíochta a chuirfidh áthas ort ionat féin agus a chuirfidh ar do sheanléim arís thú. Gheobhaidh tú ardú nádúrtha meanman ó bheith ag cur allais agus ag scaoileadh saor na hionoirfiní, agus má bhíonn tú compordach ionat féin is éasca i bhfad é a bheith compordach le do chéile. 

Cuir lámh ort féin

Ar ndóigh, d’fhéadfá léim caol díreach chuig an lámhchartadh, ach cuir athaithne ar do cholainn trí lámh a leagan ar do chraiceann féin. Bain triail as do cholainn, ó bhonn go baithis, a scuabadh le scuab thirim roimh chith lena scamhadh, tú féin a chur ar do shuaimhneas, agus an fhuil a chur ag cúrsaíocht arís. Tóg do chuid ama agus tú ag cur ort an mhaothóir, agus cuimil isteach i do chraiceann go deas réidh é. Cuirfidh tú aithne arís ort féin agus ar do cholainn féin, agus tuigfidh tú an athuair na bealaí ar mhaith leat go gcuirfeadh duine eile lámh ort. 

Ná cuir tú féin i gcomparáid le daoine eile

Stop ag scrolláil trí cholainneacha idéalaithe ar Instagram, agus caith uait catalóg Victoria’s Secret. Níl bealach is fearr ann le tú mhisneach féin a bhriseadh ná tú féin a chur i gcomparáid le daoine eile. Leag uait an fón agus dírigh ort féin agus ar do cholainn féin in áit a bheith ag díriú ar chineálacha colainne nach bhfeileann duitse. 

Cuir am ar leataobh duit féin

Téim san fholcadán gach uile Dhomhnach. Uaireanta lasaim coinnle, ólaim fíon agus cuirim an sobal daor isteach ann. Uaireanta eile fiuchaim féin i bhfolcadh bruite lán salann Epsom. Ach ar ais nó ar éigean, aimsím uair an chloig gach seachtain don fhéinchúram. An rud nach bhfuil agat ní féidir a thabhairt uait, agus tá sé tábhachtach mar sin am a chaitheamh leat féin gach seachtain má tá fút an fonn collaíochta a mhúscailt arís. Léim san fholcadán, déan machnamh agus miúin, déan ruainne beag ióga, nó cibé cén rud a chuireann ar do shuaimhneas thú agus aimsigh pé faoiseamh is féidir a aimsiú san ainbhliain seo. 

Bog an stáisiún oibre amach as an stáisiún collaíochta

Nuair a bhí mé ar an ollscoil, cuireadh an chomhairle seo orm agus thug mé liom í ó shin i leith. Dúradh liom “gan an leaba a úsáid do rud ar bith ach codladh agus collaíocht” agus ba mhór an cúnamh an chomhairle chéanna. An bunchoincheap ná má thugann tú an obair leat chun na leapa, cuimhneoidh d’intinn ar an leaba mar áit strusmhar mhíchompordach seachas áit shéan shuan. Cé gur mór an cathú atá orainn gan an leaba a fhágáil agus muid ag obair ón mbaile, éirí agus fág an seomra leapa don choladh agus don chollaíocht. Nuair a bheidh an miangas agus macnas ort níos deireanaí sa ló, ní bheidh d’intinn ag díriú ar na cruinnithe a bheidh ar siúl ‘sa leaba’ amárach nó an togra a bhí idir lámha agat ann dhá uair an chloig roimhe. Ní gá gur ionann ‘obair ón mbaile’ agus ‘obair ón leaba’. 

Is dóigh nach raibh rath ar bith ar Dhea-Rúin na hAthbhliana a rinne 11 mí ó shin, ach is cinnte gur féidir linn slán a fhágáil le 2020 gan bríste spóirt orainn agus muid ar ár seanléim ó thaobh an chraicinn de arís.

Níos mó