Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ardu-115%-ar-dhiolachan-na-leabhar-gaidhlig-in-albain-in-2020

Ardú 115% ar dhíolachán na leabhar Gàidhlig in Albain in 2020

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tháinig méadú as cuimse ar líon na leabhar Gàidhlig a díoladh in Albain in 2020, de réir na bhfigiúirí a d’eisigh Comhairle nan Leabhraichean an tseachtain seo. Méadú 115% a bhí i gceist i gcomparáid leis an mbliain 2019, agus díolacháin ar líne taobh thiar den bhorradh mór. 

Dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do NÓS gur cuireadh spéis as an nua i bhfoghlaim na teanga le linn na paindéime anuraidh agus chuir chabhraigh an spéis nua sin níos mó leabhar Gàidhlig ná riamh a dhíol. Foilsíodh roinnt leabhar nua anuraidh a raibh an-éileamh orthu freisin – 100 Dàn as Fheàrr Leinn le Peter Mackay agus Jo MacDonald agus Air an Oir le John Urquhart ina measc. 

Dúnadh an siopa leabhar Gàidhlig i lár chathair Ghlaschú ar feadh trí mhí i mí Mhárta na bliana seo caite, agus arís i mí na Nollag, mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh in Albain. Cé gur laghdú ar dhíolachán leabhar a bhí mar thoradh air sin ar dtús, mhaolaigh na díolacháin ar líne an dochar a rinneadh agus díoladh go leor leabhar le ceannaitheoirí thar sáile. 

 Aistríodh na himeachtaí liteartha a reáchtálann Comhairle nan Leabhraichean ar líne go luath le linn na chéad dianghlasála agus maíonn an Chomhairle gur chabhraigh sé sin go mór leis an rath a bhí ar shaol na foilsitheoireachta Gàidhlig in 2020. Reáchtáladh seoltaí leabhar ar na meáin shóisialta agus mheall cuid acu – An Gille, am Famh, an Sionnach ‘s an t-Each mar shampla, aistriúchán ar The Boy, The Mole, The Fox and the Horse – na mílte daoine ó gach cearn den domhan. 

Bhí suas agus anuas le 400 teaghlach ag breathnú ar an gclár Leugh is Seinn le Linda agus na scoileanna dúnta sa Bhreatain, agus d’oibrigh an Chomhairle agus lucht oideachais as lámha a chéile nuair a osclaíodh arís na scoileanna i mí Mheán Fómhair leis an gclár a chraobhscaoileadh ar 660 dalta i scoileanna ar fud na hAlban. 

Tá an Chomhairle ag súil le bliain mhór eile in 2021 agus deontais ceadaithe acu do 16 scríbhneoir agus 20 foilsitheoir le leabhair i réimse leathan seánraí a fhoilsiú. Beidh leagan Gàidhlig de Animal Farm le George Orwell ann i mbliana chomh maith le saothair nua i nGàidhlig ar nós Hiort le Iain Finlay Macleod, agus an díolaim Sgeulachdan Gàidhlig Iain Mhic a’ Ghobhainn – an chéad uair a fhoilseofar díolaim iomlán de ghearrscéalta Mhic a’ Ghobhainn. 

Níos mó