Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ruathar-ar-an-gcaipeatol-deanta-ag-drong-de-lucht-tacaiochta-trump

Ruathar ar an gCaipeatól déanta ag drong de lucht tacaíochta Trump

| Tuairisc.ie | ,

Cuireadh cuirfiú i bhfeidhm i bpríomhchathair Stáit Aontaithe Mheiriceá aréir nuair a dhein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.

Thug Uachtarán Mheiriceá “tírghráthóirí den scoth” ar a lucht tacaíochta ar éirigh le cuid acu a slí a dhéanamh isteach san fhoirgneamh in Washington mar a raibh oibrithe á gcóiméad ar mhaithe lena sábháilteacht.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceannairí ar fud an domhain a cháin an méid a tharla.

The Irish people have a deep connection with the United States of America, built up over many generations. I know that many, like me, will be watching the scenes unfolding in Washington DC with great concern and dismay. 🇮🇪 🇺🇸

— Micheál Martin (@MichealMartinTD) January 6, 2021

Scaoileadh urchair le linn na círéibe agus maraíodh bean amháin.

Thug an lucht agóide aghaidh ar Chnoc an Chaipeatóil i ndiaidh do Trump óráid a thabhairt inar mhaígh sé gur toghchán calaoiseach a bhí i dtoghchán na Samhna, maíomh bréige atá á dhéanamh aige ó chaill sé in aghaidh Joe Biden.

Níor ghéill Trump fós gur chaill sé an toghchán agus tá iarrachtaí déanta ó shin aige brú a chur ar oifigigh poiblí toradh an toghcháin a chur ar ceal.

Is ar mhaithe lena chás a chur chun cinn a bhí lucht an ruathair aréir, agus cé gur chuir Trump tvuít amach inar iarr sé ar dhaoine an áit a fhágáil go síochánta mhol sé go hard iad agus dúirt sé gur daoine “speisialta” iad.

Thosaigh an agóid ag 2:15 p.m, tráth a raibh lucht Theach na Comhdhála agus an tSeanaid i mbun díospóireachta faoi iarracht a bhí á déanamh ag grúpa Poblachtánach toradh an toghcháin a chur ar ceal.

Briseadh fuinneoga, scaoil na póilíní le deorghás agus d’ardaigh siad a ngunnaí nuair a bhí lucht na círéibe ar tí briseadh isteach.

Tugadh baill na Comhdhála agus an tSeanaid slán ón bhfoirgneamh nuair a réab an drong isteach ann, bratacha ar foluain acu agus féiníní á nglacadh acu.

“Bhuaigh Trump an toghchán,” a bhéic duine amháin den lucht agóide ó rostram an tSeanaid.

Dúirt an tUachtarán tofa Joe Biden, gur “geall le ceannairc” an méid a tharla.

“Ní agóid atá anseo, éirí amach atá ann,” arsa Biden.

Today is a reminder, a painful one, that democracy is fragile. To preserve it requires people of good will, leaders with the courage to stand up, who are devoted not to pursuit of power and personal interest at any cost, but to the common good.

— Joe Biden (@JoeBiden) January 7, 2021

Nuair a fuarthas smacht arís ar an gCaipeatól, tosaíodh athuair ar ghnó an lae– vótaí an cholásite toghcháin a chomhaireamh agus bua Biden a fhaomhadh.

Agus tús a chur athuair le himeachtaí aige, dúirt an leasuachtarán Mike Pence, “Sibhse a chuir ár gCaipeatól trí chéile inniu; ní agaibhse a bhí an bua. Ní bhíonn an bua in am ar bith ag an bhforéigean. Ag an tsaoirse a bhíonn an bua. Agus seo Teach na nDaoine go fóill…Fillimis ar an obair.”

D’fhógair Twitter go raibh cuntas Uachtrán Stáit Aontaithe Mheiriceá curtha ar fionraí acu ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad. Dá scriosfadh Trump trí tvuít a chuir sé amach aréir bheadh cead aige filleadh ar an meán sóisialta is ansa leis, a dúradh.

Dúirt sé i gceann de na tvúiteanna sin gur “sciobadh” an toghchán ó “thírghráthóirí den scoth” agus gurb é sin ba chúis leis an ruathar ar an gCaipeatól.

“Go home with love & in peace. Remember this day forever!” arsa Trump.

Níos mó