Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘deanaim-iarracht-‘rothar’-a-ra-in-ait-‘badhsacal’-–-tuairim-conspoideach-do-chois-fhairrgeach…’

‘Déanaim iarracht ‘rothar’ a rá in áit ‘badhsacal’ – tuairim conspóideach do Chois Fhairrgeach…’

| Domhnall O Braonain |

Is maith linne Gaeil (Gaeil na Gaeltachta ach go háirithe) a bheith ag tabhairt amach faoin mbéarlachas. 

“Tá an oiread béarlachais á bhrú isteach sa teanga,” a deir muid “nach mbeidh sa nGaeilge ach canúint den Bhéarla gan mhoill”. 

Anois aontaím leis sin agus, mar a thaispeáin alt a bhí ar an suíomh seo seachtain nó dhó ó shin, ní hí an Ghaeilge an t-aon teanga ná ní hiad Gaeilgeoirí an t-aon ghrúpa atá á chaoineadh seo. Ach is féidir a ghabháil rófhada chun an taoibh sin freisin. 

An túisce a déarfá ‘teilifíseán’ nó ‘fad (tele-) radharcán (vision)’? Ní cheapfainn go nglacfadh an Gaeilgeoir is coimeádaí leis an gceann sin gan trácht ar an gcuid eile againn. Is é an áit a mbeadh fadhb agamsa ná nuair thosaítear ag rá focal éicint, nach bhfuil ann ach focal béarla scríofa nó ráite I ‘gcanúint Ghaeilge’ nuair atá focal ann cheana féin sa nGaeilge. 

Mar shampla déanann mé iarracht ‘rothar’ a rá seachas ‘badhsacal’ (tuairim chonspóideach san áit ina bhfuil mé i mo chónaí) agus ceann eile, a dúradh liom atá ina fhocal Gaeilge le fada ach fós féin a chuireann múisc orm, ná “dainséar”. 

I gConamara ar a laghad (níl a fhios agam faoin gcuid eile den tír) tá an focal “contúirt” againn. Bíonn rud contúirteach thart anseo, ní bhíonn sé dainséarach. Mar a dúirt mé, d’inis duine éicint dom go bhfuil an focal dainséar sa gcaint le fada riamh an lá (níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor nó bréagach ach sin é a chuala mé) ach fós féin airíonn sé aisteach domsa a bheith á rá.

Mar sin tuigeann tú (tá súil agam) cá’il m’intinn maidir leis an gceist seo sula n-inseoidh mé mo scéal duit. Focla nua; is fearr a fheileann cuid den ‘bhéarlachas’ ná mar a d’fheilfeadh aistriú díreach ar mhíniú an fhocail, ach más féidir aistriú sásúil nádúrthach a fháil is fearr sin uilig uilig.

Anois, faoi dheireadh thiar thall, bhí mé ag éisteacht leis an raidió an lá cheana (nó bhí mama ag éisteacht leis agus é casta chomh hard sin aici nach bhféadfainn neamhaird a dhéanamh air) agus mar a bhíonn go minic bhí siad ag caint ar airgead ag gabháil anonn is anall agus luachanna chomh mór agus nach bhfuil ciall ar bith leo i ndáiríre. Nach aisteach nach isteach i mo chuntas-sa a bhíonn an t-airgead ag gabháil riamh).

 Ach cibé cé mhéad a bhí ann críochnaíodh an abairt le “… v-illiún euro”. Agus bhí mé ag iarradh a bheith ag oibriú amach ab in milliún nó billiún. 

Siod fadhb le foghraíocht na Gaeilge nár tugadh faoi deara, is dóigh, nuair a tháinig na focla isteach sa teanga an chéad lá riamh. Tá difríocht mhór idir sé mhilliún agus sé bhilliún; agus tá an fhadhb chéanna ann nuair a théann tú ar aghaidh go dtí seacht milliún agus seacht mbilliún. Mura bhfuil sé scríofa amach os do chomhair ní féidir difríocht a aithneachtáil eatarthu.

Is ón bhFraincis (de réir Dr. Google) a thagann sé seo. Tagann ‘billion’ ó ‘bi-‘ a chiallaíonn ‘dó’ nó ‘faoi dhó’ agus ‘million’ a chiallaíonn ‘míle míle’. Ciallaíonn ‘billion’ ‘million i gcumhacht a dó’ nó 1,000,000(Sin (10)= 1012 nó an uimhir ‘1’ roimh 12 neamhní daoibhse a dtaitníonn mata libh) mar sin é an bhrí a bhí le billion sa seanchóras agus tá sé fós amhlaidh i go leor tíortha nach labhraítear an Béarla iontu. 

Ach is í an chiall atá ag matamaiticeoirí air sa lá atá inniu ann ná 109 nó ‘1’ roimh naoi neamhní — nó míle milliún.

Mar sin tá an focal sa lá atá inniu ann i mBéarla mícheart. Cén fáth nach n-athríonn muid é inár dteanga féin? Ach céard a d’úsáidfeadh muid? Sin í an cheist. Dé-mhilliún? Ní airíonn sé sin ceart domsa i ndáiríre. Má tá aon smaoineamh agat féin bheadh ‘suim’ agam é a chloisteáil.

Níos mó