![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-e4,200+-bailithe-ag-bean-ghaeltachta-a-shiuil-340km-ar-son-women’s-aid](/wp-content/themes/yootheme/cache/6b/35896-e4200-bailithe-ag-bean-ghaeltachta-a-shiuil-340km-ar-son-womens-aid-6b2e69dd.jpeg)
€4,200+ bailithe ag bean Ghaeltachta a shiúil 340km ar son Women’s Aid
Bhailigh Aoife Ní Chiobháin as na Gorta Dubha i nGaeltacht Chorca Dhuibhne os cionn €4,200 an mhí seo caite don charthanas Women’s Aid.
Ba í an sprioc a leag Aoife amach roimpi i lár mhí Feabhra ná €500 a bhailiú don eagraíocht a thugann cúnamh agus comhairle do mhná atá thíos leis an bhforéigean baile trí 340km a shiúl in imeacht 17 lá.
GRMA as an tacaíocht ar fad #340kmforwomensaid ar son @Womens_Aid Breis is €4000 bailithe
353km siúlta agam agus bonn órga ó Eddie Moore
pic.twitter.com/8zC6WqlIwM
— Aoife Ní Chiobháin (@Aoife_NC) February 28, 2021
Bhailigh sí os cionn ocht n-oiread na sprice sin agus chuaigh 13 chiliméadar sa bhreis sa dara leath den mhí agus í ag siúl timpeall a limistéir cúig chiliméadar gach uile lá, soineann nó doineann, don charthanas.
Tá an leathanach iDonate a thosaigh Aoife fós ar oscailt agus is féidir airgead a dheonú do Women’s Aid tríd fós.
Fágadh Aoife, atá ina cócaire sa bhialann Solas i mbaile an Daingin, gan obair mar gheall ar an dianghlasáil agus thosaigh sí ag siúl timpeall na dúiche leis an am a mheilt.
Dúirt sí le NÓS gur theastaigh uaithi “rud éigint fiúntach” a dhéanamh agus í díomhaoin agus gur bheartaigh sí na siúlóidí laethúla a bhí sí a dhéanamh go dtí seo a thiontú ina n-imeacht carthanachta. Beagán le cois an 20km sa ló a shiúil sí ón 12 Feabhra go dtí tráthnóna aréir.