Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-fisean:-scribhneoiri-nos-i-mbabhta-datheangach-bacala

FÍSEÁN: Scríbhneoirí NÓS i mbabhta dátheangach bácála

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ghlac colúnaí Gaelg NÓS, Isla Callister, agus eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín páirt in ‘Beidh-Obh Mór Mhuir Éireann’, nó ‘Ard-Co-Fuinney Vooir Vannin’, ag an deireadh seachtaine. Reáchtáladh an ócáid mar chuid den fhéile Cassan a bhí ar siúl an tseachtain seo caite leis na naisc idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil Mhanann a láidriú.

Ba ag bácáil ‘bonnag’ nó ‘bonnóg Mhanann’ a bhí an bheirt scríbhneoirí agus iad beirt ag labhairt ina gcuid Gaeilge féin – Maitiú ag labhairt i nGaeilge agus Isla ag labhairt i Manainnis.

“Bhain mé an-taitneamh as an seisiún bácála, agus bhí sé go deas na teachtaireachtaí ón lucht féachana a fheiceáil ag teacht isteach i nGaeilge agus i Manainnis. Bhí roinnt mhaith daoine ag bácáil ín éineacht linn agus ba dheas toradh a gcuid oibre a fheiceáil ar na meáin shóisialta ina dhiaidh.

“Tá aithne agam ar Isla le tamall de bhlianta anuas, ó d’fhreastail mé ar fhéile Ghaelach i Manainn cúpla bliain ó shin, agus bíonn muid ag caint trí théacsanna agus ríomhphost den chuid is mó idir Ghaeilge, Ghaelg agus Bhéarla. Bhí imní orm go mbeadh fadhbanna tuisceana ann ar an lá ach d’éirigh go maith linn muid féin a chur in iúl dá chéile,” a dúirt Maitiú.

Ba iad lucht Chraobh Bhoirche Íochtar de Chonradh na Gaeilge a d’eagraigh an fhéile idirGhaelach Cassan an tseachtain seo caite, craobh a bhfuil go leor oibre déanta aici le blianta beaga anuas an nasc idir Manainn agus Éire a láidriú. Bhí imeachtaí eile ar siúl i gcaitheamh na seachtaine freisin ar nós ranganna amhránaíochta, ranganna teanga, agus cainteanna faoi éanlaith na n-oileán.

Is ceoltóir cumasach as Manainn í Isla Callister a fuair a cuid scolaíochta sa Bhunscoill Gaelgagh, scoil lánGhaelach san oileán. Bíonn sí ag scríobh i Manainnis go tráthrialta do NÓS.


Seo na treoracha le haghaidh ‘Bonnóg Mhanann’:

455g plúr éiritheach
115g im (nó im veigeánach)
55g siúcra
170g torthaí measctha triomaithe
1tsp décharbónáit sóidiam
1stp gealtartar
500ml bláthach (nó meascán veigeánach bláthaí)
Siúcra donn

1) Cuir an plúr i mbabhla measctha
2) Gearr an t-im ina chnaipíní beaga
3) Cuimil an t-im agus an plúr go mbeidh an meascán cosúil le brioscaí briste
4) Cuir isteach an siúcra, na torthaí, an gealtartar agus an décharbónáit sóidiam
5) Doirt isteach an bláthach agus measc go maith le chéile é
6) Fág an taos ar leataobh ar feadh 30 nóiméad
7) Téigh an t-oigheann go 180ºC
8) Agus an taos éirithe, cuir i stán cearnógach bácála é
9) Croith siúcra donn ar a bharr
10) Cuir san oigheann é ar feadh 30 nóiméad

Nuair a bheidh sí bácáilte, clúdaigh le tuáille bog an bhonnóg.

Níos mó