Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ceist-earcaiochta-gaeilgeoiri-agus-ceist-na-gaeltachta-le-ple-sa-dail

Ceist earcaíochta Gaeilgeoirí agus ceist na Gaeltachta le plé sa Dáil

| Padraic O Ciardha |

Pléifear sa Dáil as seo go ceann cúpla lá cuid de na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag daoine maidir leis an mBille Teanga nua – spriocanna maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa státchóras agus ceist na seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht san áireamh.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an plé ar na leasuithe atá molta ar an mbille críochnaithe an tseachtain seo. Cuireadh tús leis an bplé mí Eanáir ach d’fhág na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dTeach Laighean agus cúinsí eile nach bhfuil an obair sin curtha i gcrích go fóill.

“Tá muid ag súil go gcuirfear deireadh leis an bplé ar na leasuithe ar an mBille Teanga an tseachtain seo agus tá muid ag súil leis an gcéad chéim eile chun an tAcht Teanga a láidriú,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Faoi dheireadh na seachtaine seo, beidh os cionn 24 uair an chloig caite ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais ag plé an bhreis is 300 leasú a moladh ar an mbille.

Ocht n-uair an chloig san iomlán atá curtha ar leataobh i dTithe an Oireachtais inniu agus amárach chun an obair a chur i gcrích. Ionas go ndéanfaí sin, caithfear an plé a chríochnú ar bhreis is 100 leasú eile atá molta ar an mbille. Tá suas le 200 den 308 leasú ar fad a moladh ar an mbille pléite go dtí seo.

Is ar an bPlean Náisiúnta Earcaíochta atá beartaithe ag an Rialtas agus an  Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a réiteoidh an plean sin is mó a dhíreofar inniu.

Is é príomhchuspóir an bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030. Faoin bplean bheadh sé i gceist níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a eagrú, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint dóibh.

Bhain conspóid roimhe seo le diúltú Aire Stáit na Gaeltachta don mholadh gur i nGaeilge a dhéanfaí obair an Choiste Chomhairligh agus deir Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil súil aige go n-athróidh an tAire Stáit Jack Chambers a intinn faoin gceist sin.

“Cuireann sé díomá agus mearbhall ormsa agus ar chomhaltaí eile an Roghchoiste go bhfuil sé beartaithe go bhfeidhmeoidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge trí mheán an Bhéarla seachas trí mheán na Gaeilge,” a deir Ó Snodaigh.

“I mo thuairimse féin, déanann an cinneadh sin preit agus cíor thuathail den phróiseas ón tús, agus táim ag iarraidh ar an Aire an cinneadh gan chiall sin a athrú, agus a chinntiú go bhfeidhmeoidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge trí mheán na Gaeilge, agus go mbeidh acmhainní ateangaireachta ar fáil dó a bheidh díreach cosúil leis na hacmhainní ateangaireachta a mbaineann mo Choiste féin – Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge – úsáid astu, gan fadhb ar bith.”

Ceann de na gearáin is coitianta a rinneadh faoin mBille Teanga a laghad spriocdhátaí atá leagtha síos ann. Deir an Rialtas go bhfuil iarracht déanta dul i ngleic leis sin sa bhille leasaithe ach tá conspóid fós ag baint le cuid den bhille.

I gceann de mholtaí an Aire Stáit atá le plé inniu nó amárach, moltar go mbeadh cead ag an Aire an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030, a chur ar athlá agus nach mbeadh ar an Aire spriocdháta eile a leagan síos go dtí an 31 Iúil 2031. Tá an moladh sin cáinte ag Teachtaí Dála an fhreasúra.

Tá Sinn Féin ag moladh go leagfaí síos go mbainfí amach an sprioc earcaíochta faoi dheireadh 2025. Moltar freisin go gcuirfí leis an gcéatadán cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí gach cúig bliana agus go mbeadh, faoi dheireadh, 50% ar a laghad den fhoireann a d’earcófaí chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa teanga.

Ceann de chuspóirí eile na leasuithe go mbeadh seirbhísí ón stát ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta.

Tá moltaí déanta ag Sinn Féin agus ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go mbeadh gach seirbhís a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2025. Tá molta freisin ag Sinn Féin go dtabharfaí cead éigeandála do chomhlacht poiblí ar leith an sprioc sin a chur siar go dtí deireadh 2030.

I measc na leasuithe eile atá fós le plé, tá ceann ó Shinn Féin ina n-iarrtar ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge suirbhéireacht a dhéanamh ar an inniúlacht sa Ghaeilge sa státseirbhís gach cúig bliana agus na torthaí a chur faoi bhráid an Aire agus Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Tá an Coiste Comhairleach le bunú taobh istigh de shé mhí ón uair a n-achtófar an bille agus faoi réir leasú ón Aire Stáit bheadh an Plean Náisiúnta Earcaíochta ullmhaithe tráth nach déanaí ná dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tá Sinn Féin ag iarraidh go gcuirfí an plean ar fáil tar éis bliana.

Baineann cuid mhaith de leasuithe eile an fhreasúra le dualgas reachtúil a chur ar an gCoiste Comhairleach agus ar an Aire a chinntiú go mbeadh seirbhísí i nGaeilge á gcur ar fáil ag comhlachtaí poiblí.

Tá molta ag Teachtaí Dála an Rialtais agus ag Teachtaí de chuid an fhreasúra go gcuirfí mír isteach sa bhille a rialódh gur ar an Aire a bheadh an fhreagracht an Plean Náisiúnta Earcaíochta a fheidhmiú.

Naoi seisiún dhá uair a chloig atá caite go dtí seo ag Roghchoiste Oireachtais na Gaeilge ag plé na leasuithe a moladh ar an reachtaíocht nua.

Níos mó