Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-inphrionta-nua-foilsitheoireachta-don-leitheoir-fasta-bunaithe-ag-futa-fata

Inphrionta nua foilsitheoireachta don léitheoir fásta bunaithe ag Futa Fata

| Maitiu O Coimin |

Is ar an léitheoir fásta a bheidh lucht an tí foilsitheoireachta Futa Fata ag díriú leis an inphrionta ‘Barzaz’ atá díreach seolta acu. Dúirt stiúrthóir an chomhlachta, Tadhg Mac Dhonnagáin, le NÓS gur theastaigh uaidh le tamall leabhair a chur amach do dhaoine fásta agus go gcabhróidh an t-inphrionta nua seo “branda so-aitheanta” a bheidh difriúil le branda Futa Fata a chruthú.

Is focal Briotáinise é Barzaz, a bhfuil gaol aige leis an bhfocal ‘bard’ sa nGaeilge. ‘Duanaire’ nó ‘Díolaim’ is brí leis, focal a roghnaigh Tadhg le haitheantas a thabhairt don cheangal atá aige leis an teanga Cheilteach sin ó bhí sé ina dhéagóir. 

Tá cáil nach beag ar na leabhair do pháistí a fhoilsítear faoi bhranda Fhuta Fata, comhlacht atá lonnaithe ar an Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige le 15 bliana anuas. 

“Is rud é an t-inprionta seo a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh le tamall anois, agus béim níos mó a chur ar an litríocht don duine fásta ná mar a bhí déanta againn cheana. Tá branda Fhuta Fata aitheanta go anois mar gheall ar na leabhair don aos óg, ach theastaigh uainn go mbeadh branda ar leith ann don mhargadh eile. 

“An fáth ar mhaith linn tabhairt faoi anois ná go bhfeictear dúinn go bhfuil bearna sa margadh anois ó d’imigh Cois Life agus cúpla foilsitheoir beag in áiteacha eile. Ta go leor leor daoine ann a bhfuil togha na Gaeilge acu agus daoine a bhféadfaí iad a mhealladh i dtreo na léitheoireachta Gaeilge, agus tá bearna ann sa soláthar ábhar a d’fhéadfaí a chur ar fáil,” a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin le NÓS.

Dúirt sé go bhfuil scoth na leabhar á bhfoilsiú ag a chomrádaithe i saol na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair agus luaigh leithéidí Leabhar Breac agus Cló Iar-Chonnacht atá lonnaithe sa gceantar mór céanna le Futa Fata, ach go bhfeictear dó go bhféadfaí tógáil ar an méid sin agus rogha níos leithne fós a chur ar fáil don phobal fásta léitheoireachta. 

“Mar léitheoir mé féin, an cineál ábhair a bhíonn á léamh agam i mBéarla, tá sé tearc go maith sa nGaeilge agus léim i bhfad níos mó leabhar Béarla dá bharr. Is dóigh an rud a mbeidh muid ag díriú air ná scéalta tráthúla comhaimseartha agus réimse leabhar a chruthú nach n-aireodh daoine fúthu gur cuid de ‘reiligiún na teanga’ iad agus go léitear ar mhaithe leis an nGaeilge iad agus ní ar mhaithe leis an scéalaíocht. Níl mé a rá nach bhfuil an cineál sin ruda ag foilsitheoirí eile, ach ba mhaith linn cur leis,” a dúirt Tadhg. 

Tá súil ag lucht Barzaz an chéad dá leabhar a fhoilseofar faoin inphrionta nua a chur amach faoi dheireadh na bliana. Úrscéal nuascríofa ó pheann Thaidhg féin a bheidh i ceist le leabhar amháin – Madame Lazare —  agus aistriúchán ar úrscéal Fraincise a bheidh sa cheann eile. Tá grúpa scríbhneoirí nua agus aistritheoirí á chur le chéile agus á fhorbairt ag Barzaz i láthair na huaire, agus súil acu tuilleadh daoine a chur leis sna blianta amach romhainn. 

“Tá muid ag obair le roinnt scríbhneoirí agus tá muid ag iarraidh cúpla tionscadal a fhorbairt ach thar thréimhse measartha fada – dhá bhliain nó mar sin. Sílim go bhfuil spás ann do scéalta neamhfhicsin agus an seánra ar a dtugtar memoir sa mBéarla air – ní cur síos ar shaol iomlán duine ach cur síos ar thaithí saoil, casadh tubaisteach i saol nó ar chúlra spéisiúil duine. Beidh sé deacair agus beidh dúshlán ag baint le scríbhneoirí nua a fhorbairt, ach rinne muid é le Futa Fata agus muid ag plé le leabhair do pháistí le 15 bliana anuas agus tá muid ag súil go mór lena dhéanamh arís,” a dúirt sé. 

Scríbhneoirí nár foilsíodh leabhar dá gcuid go fóill atá sa ghrúpa nua seo a cuireadh le chéile le haghaidh Barzaz chomh maith le haistritheoirí a bheidh ag breathnú ar an litríocht taobh amuigh de shaol an Bhéarla lena aistriú go Gaeilge. 

“Tá muid ag breathnú in áiteacha eile agus i dteangacha eile taobh amuigh de shaol an Bhéarla. Nuair a aistrítear leabhar mór ón mBéarla go Gaeilge, an rud a bhíonn agat ansin ná cleachtadh léitheoireachta den chuid is mó agus bíonn an scéal féin ina rud tánaisteach i gcás mar sin. Tá spás ann don dá rud, ach ba mhaith liom leabhair a aimsiú a gcuirfidh na léitheoirí eolas orthu i dtús báire i nGaeilge. 

“Ta muid ag breathnú ar an bhFraincis den chuid is mó faoi láthair os í is mó atá ag an bhfoireann anseo, tá aistritheoir amháin ag obair ar úrscéal Fraincise anois agus tá leabhar neamhfhicsin ar intinn agam féin,” a dúirt sé. 

Tá suíomh idirlín Barzaz á chur le chéile faoi láthair agus nuair a bheidh an suíomh sin ar fáil beidh cur síos “níos fearr” ann ar an gcineál ábhair atá ag teastáil ó lucht an inphrionta nua. 

“Sílim gur tréimhse an-spéisiúil atá ann i saol na scríbhneoireachta. Tá clubanna leabhar ag teacht chun cinn ar fud na tíre agus tá na meáin shóisialta ag tacú leis sin. Bhí léamh agus scríobh na Gaeilge brúite ar an imeall i gcónaí in Éirinn, agus ní hionann é mar mheán agus an teilifís agus na scannáin a mbíonn fotheidil orthu. Tá fál teanga ann i gceas na leabhar, ach ba mhaith linn geataí nua a oscailt ann,” a dúirt Tadhg.

Níos mó